Tá teachtaireacht an rialtais ina meascán mearaí

Tá dhá thrian den phobal míshásta leis an gcaoi go bhfuil cás an víris á láimhseáil ag an rialtas agus Fianna Fáil atá thíos leis 

Tá teachtaireacht an rialtais ina meascán mearaí

An bhfuil aon duine a chuirfeadh airgead ar Mhicheál Martin a bheith ina cheannaire ar Fhianna Fáil faoi cheann bliana? In ionad a bheith ag baint tairbhe as a thréimhse mar Thaoiseach agus mar cheannaire láidir atá ag stiúradh na tíre trí phaindéim, is amhlaidh atá a cháil á scrios ag an drochláimhseáil ar Covid-19.

Níl aon amhras ach go bhfuil fadhbanna leanúnacha leis an mbealach a bhfuil an rialtas ag láimhseáil na géarchéime. Níl aon amhras ach an oiread ach go bhfuil an teachtaireacht atá á craobhscaoileadh ó bhord an rialtais ina meascán mearaí. Chonaic muid sampla eile de na fadhbanna atá acu an tseachtain seo nuair a fógraíodh plean an rialtais don chúpla seachtain seo romhainn. Chuir an cinneadh faoin athrú ar cé a bheadh ag fáil tosaíocht sa gclár vacsaínithe fearg ar ghairmeacha ar leith. Tá múinteoirí agus Gardaí oibrithe faoin athrú. Deirtear linn gurb í an teachtaireacht ón lucht leighis gurb í an aois seachas do ghairm is mó a d’fhéadfadh thú a fhágáil an-tinn ón gCovid-19 ach é a tholgadh. 

Athraíonn na teachtaireachtaí a thagann ó na saineolaithe in aghaidh na seachtaine. Tá baint nach beag aige seo le nuacht an víris agus an fhoghlaim atá á déanamh an t-am ar fad i measc na n-eolaithe. Tá an fhaisnéis a bhaineann leis an ngéarchéim ag síor-athrú agus is dona an mhaise do pholaiteoir nó comhairleoir polaitiúil ar bith a cheapann go mbeidh siad féin chun cinn ar an eolaíocht.

Tá an rialtas agus polaiteoirí anois ag súil go mbeidh an clár vacsaínithe ina léas dóchais acu. Má thagann dóthain dáileog chun na tíre in am agus má roinntear iad go héifeachtach sna seachtainí seo romhainn, beidh an ceann is fearr á fháil againn ar an Covid-19. Tá a muinín ar fad curtha ag an rialtas sa phróiseas vacsaínithe. Léiríonn botúin na seachtaine seo go bhfuil píosa le dul fós sula mbeidh an córas dáilte iontaofa. Tá geallta go leor le cur agus níos mó ná sciorta den ádh ag teastáil lena chinntiú gur mar sin a bheidh.

Idir an dá linn i saol na polaitíochta tá an buíochas ar fad, de réir cosúlachta, ag dul d’Fhine Gael agus Sinn Féin ó thaobh tacaíochta.  Tá dhá thrian den phobal míshásta leis an gcaoi go bhfuil cás an víris á láimhseáil ag an rialtas. Fianna Fáil atá thíos leis sin. Micheál Martin a íocfaidh an téiléireacht lá níos faide anonn nuair a bheidh an ré nua iar-Chovid linn. An deacracht faoi láthair go bhfuil Covid fós i gceannas agus nach féidir le haon duine a dhúshlán an Mháirtínigh a thabhairt  ró-oscailte. Ní siad ag baint na sála dá chéile lena chosaint ach an oiread na laethanta seo. Braithfidh go leor ar cén fhad eile a thógfaidh sé ar an tír an córas na vacsaíní a  eagrú mar is ceart – beidh Micheál Martin ag súil freisin go n-éireoidh leis an vacsaín beagán fad saoil a thabhairt dó mar uachtarán ar Fhianna Fáil agus mar Thaoiseach.

Fág freagra ar 'Tá teachtaireacht an rialtais ina meascán mearaí'