SÚIL CHUN CINN: Tá taiscéalaíocht gáis ar bun arís amach ó thuaisceart chontae Mhaigh Eo

Beidh an soláthar gáis ó thobar na Coiribe, mar a tugadh air, ag ídiú de réir a chéile agus tiocfaidh an lá go mbeidh sé ídithe ar fad

SÚIL CHUN CINN: Tá taiscéalaíocht gáis ar bun arís amach ó thuaisceart chontae Mhaigh Eo

Chuala mé inneall an héileacaptair i dtosach. De réir a chéile mhéadaigh ar an torann uaidh. Go tobann, tháinig sé thar an gcnoc, d’fhan ansin sa spéir ar feadh meandair agus ansin, d’imigh as amharc arís.

Tamall gearr ina dhiaidh sin, chualamar carr ag teacht chugainn agus b’in ansiúd chugainn é, an fear a raibh muid ag fanacht air, le hagallamh teilifíse a dhéanamh leis.

Bhí mé féin agus foireann Léargas i Maigh Eo le scéal a fhiosrú. Bhí sé cloiste agam go raibh tobar gáis aimsithe amach ó thuaisceart chontae Mhaigh Eo agus go rabhthas ag beartú é a thabhairt i dtír gar go maith don áit a rabhamar ag fanacht ar an bhfear seo.

Brian Ó Catháin a bhí ann.

Béal Feirsteach, Gaeilgeoir, geolaí agus fear mór i dtionscal na hola agus an gháis. Bhí sé i gceannas ar an gcomhlacht Enterprise Energy a bhí i mbun na hoibre i Maigh Eo agus sa bhfarraige siar uainn.

Tá os cionn fiche bliain caite ón uair ar chuala mé fuaim an héileacaptair os mo chionn i bPoll a’Tómais. Is iomaí casadh a bhí sa scéal áirithe sin le scór bliain anuas.

Tháinig an gás i dtír (ar deireadh), tógadh an t-ionad próiseála gáis, cuireadh isteach i bpíopa é agus cuireadh amach chuig tithe agus chuig bailte ar fud na hÉireann é.

Beidh an soláthar gáis ó thobar na Coiribe, mar a tugadh air, ag ídiú de réir a chéile agus tiocfaidh an lá go mbeidh sé ídithe ar fad.

Chuir dhá rud ag smaoineamh mé ar an scéal seo le gairid. Fuair mé amach nach bhfuil aon áit stórála againn sa tír seo don Ghás Nádúrtha Leachtaithe.

Déanaimid é a iompórtáil ó thíortha eile – Sasana ar cheann acu – agus úsáidimid é de réir mar a thagann sé chugainn.

Tá tógáil áit stórála gás leachtaithe (LNG) ina hábhar conspóide i measc na bpolaiteoirí cé go mbeadh cuid de na hairí rialtais ar a shon. Tháinig borradh faoin scéal seo ar fud na hEorpa nuair a rinne an Rúis ionradh ar an Úcráin go luath in 2022. Thosaigh tíortha ar fud na hEorpa ag déanamh socruithe nua le haghaidh breosla a fháil, nach mbeadh ag brath ar sholáthar ón Rúis.

Rinne cuid de na tíortha sin cinnte go mbeadh ionaid stórála don LNG acu agus tógadh cinn nua san áit nach raibh a leithéid ann cheana. Ach mar is iondúil táimidne in Éirinn ag brath ar fhlaithiúlacht na gcomharsan agus gan aon imní orainn faoi chogaí, faoi mhilleadh píblíne, faoi chur isteach ar sholáthar i bhfad uainn.

I bhfad uainn an t-olc, a deir tú.

An dara rud a chuir ag smaoineamh mé ná ceannlíne bheag i bpáipéar nuachta an lá cheana. Bhí an focal ‘Inishkea’ ann agus tharraing sé m’aird.

Cuirim suim i gcónaí in aon rud a bhaineas le hInis Gé ón uair a ndearna mé clár teilifíse ar na hoileáin le Aindrias Ó Gallchóir i lár na n-ochtóidí.

Ach céard a bhí ann ach scéal nuachta faoi mo sheanchara, Brian Ó Catháin.

Is iomaí casadh a bhí ina scéal siúd ón uair a sheas sé i bPoll a’Tómais le foireann Léargas. D’fhág sé an comhlacht a bhí i mbun oibre i Maigh Eo agus d’oibrigh sé le comhlachtaí eile agus i dtíortha éagsúla ar fud an domhain. Bhunaigh sé comhlacht dá chuid féin freisin, le tús a chur le forbairt an fhuinnimh gheoiteirmigh in Éirinn.

Agus, tá sé ina chathaoirleach ar chomhlacht eile, Europa Oil & Gas, atá faoi láthair ag lorg páirtnéirí le dul ag obair in éindí leo ar shuíomh a dtugann siad ‘Inishkea’ air.

Gar go maith don tobar gáis a dtugtar ‘Tobar na Coiribe’ air atá suíomh ‘Inishkea.’

Is é an fáth go raibh sé seo ina scéal nuachta ná go raibh an tAire Aeráide, Comhshaoil agus Cumarsáide tar éis síneadh ama a thabhairt don chomhlacht chun leanacht ar aghaidh leis an gcéad chuid den obair a bhí tosaithe acu, amach go dtí Eanáir 2024.

Murach gur thug sé an cead seo dóibh, bheadh orthu éirí as an obair sin agus ní fhéadfaidís páirtnéirí gnó a lorg.

Ach cheap mise go raibh deireadh curtha le ceadúnais a thabhairt amach le haghaidh taiscéalaíocht ola nó gáis, aon áit mórthimpeall na hÉireann? Chuir an Rialtas cosc ar an gcineál sin oibre i dtús na bliana 2021.

Ach nuair a léigh mé tuilleadh faoin gcomhlacht seo, fuair mé amach go raibh an cead faighte acu sular chuir an Rialtas cosc ar thaiscéalaíocht nua. Mar sin, tá an chéad chuid den scrúdú beagnach déanta acu agus is cosúil go bhfuil na torthaí sách dearfach le go mbeidh ar a gcumas dul ar thóir páirtnéirí don obair a bheas amach rompu.

Measann siad go gcosnóidh sé idir €35- 40 milliún an obair sin a dhéanamh agus tobar trialach a dhruileáil sa suíomh nua seo. Ach, maíonn siad go mbeidh sé ina bhuntáiste acu go bhfuil bonneagar tobar gáis sa cheantar sin anois, san áit a bhfuil tobar na Coiribe.

Le gairid, d’fhógair Brian Ó Catháin ag cruinniú cinnbhliana na scairshealbhóirí in Europa Oil & Gas, go bhféadfadh an tobar nua a bheith ina chabhair mhór don tír seo agus muid ag druidim i dtreo fuinneamh ‘glas’.

‘Tá an gás ó Thobar na Coiribe, atá in aice láimhe, ar an ngás is lú dlús carbóin san Eoraip, i bhfad níos lú ná an gás a thagann as an Iorua, an Bhreatain ná an Rúis – an gás a tugadh isteach roimhe seo chuig an Eoraip,’ a dúirt sé.

Dúirt sé go raibh an-dul chun cinn déanta leis na páirtnéirí nua atá ag cur suime ann. Ach ba léir go rabhadar ag fanacht go bhfeicfidís cén dearcadh a bheadh ag an Aire ar shíneadh ama a thabhairt don chomhlacht sa gcéad chuid den obair.

Tá an síneadh sin faighte acu anois.

Thángthas ar an ngás amach sa bhfarraige ó Pholl a’Tómais an chéad uair i 1996 agus tosaíodh á thabhairt i dtír in 2015. Osclaíodh go hoifigiúil é in 2016.

Má thagann siad ar thobar nua gáis agus má thagann an gás i dtír, beidh gach duine ag guí nach mbeidh moill chomh mór air agus a bhí ar ghás na Coiribe.

Bhuel, beagnach gach duine.

Fág freagra ar 'SÚIL CHUN CINN: Tá taiscéalaíocht gáis ar bun arís amach ó thuaisceart chontae Mhaigh Eo'

  • Seosamh Ó Beirgin

    Tá an cuma ar an scéal nach bhfuil
    rialtas na hÉireann in ann cur le fuascailt fhadhb athrú aeráide sa ghearrthéarma nó sa bhfadthéarma.

    Sa ghéarrthéarma níl siad sásta acmhainí stórála do ghas nadúrtha leachtaithe (LNG) a thógáil agus sa bhfadthéarma níl siad sásta an próiséas chun tógáil muillte gaoithe sna háiteacha cuí agus sna méideanna ina bhfuil gá dóibh a eâscú.

    Beidh muid ag braith ar chárthánacht na gcomharsan go Lá Sheoin Dic, de réir dealraimh.