‘Tá tábhacht le braon pórtair i gcúinne deas i measc cairde ag seisiún ceoil’ – Feilímí O’Connor

Caitheann Tuairisc.ie súil siar ar 2022 le roinnt Gael. Inár dteannta an geábh seo, tá Feilímí O'Connor, stiúrthóir agus léiritheoir a raibh bliain an-bhisiúil aige

‘Tá tábhacht le braon pórtair i gcúinne deas i measc cairde ag seisiún ceoil’ –  Feilímí O’Connor

Céard í an chuimhne is mó atá agat ar 2022?

Seán Ó Riada – Mo Sheanathair ag buachaint Clár na Bliana agus An Cósta Thiar ag buachaint Sraith na Bliana ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais 2022. Stiúir mé an dá thogra agus bhí mé iontach bródúil as an dá fhoireann a d’oibrigh liom ag Aniar TV agus mo chomhlacht Táin Media.

Ach ar bhonn pearsanta, teacht ar an saol ár gcéad pháiste, cailín beag gleoite. Tá an saol iompaithe bunoscionn aici!

Céard é an scéal is mó a chuir áthas ort in 2022?

Tá earnáil scannánaíochta agus meáin chumarsáide na Gaeilge ag neartú. Níl gá ach breathnú ar an méid atá bainte amach ag An Cailín Ciúin, anseo agus go hidirnáisiúnta. Ré órga an tionscail atá ann agus tá sé iontach speisialta a bheith mar chuid de.

Céard é an scéal is mó a chuir brón ort in 2022?

Cogadh san Eoraip. Shíl mé nach bhfeicfinn a leithéid le mo linn. Brúidiúlacht na Rúise agus fulaingt mhuintir na hÚcráine…

Céard é an rud is mó a d’fhoghlaim tú ó thús deireadh na bliana 2022?

Go bhfuil rudaí i bhfad níos tábhachtaí sa saol ná cúrsaí oibre, sin iad do chlann, do ghaolta agus do chairde. Tá tábhacht le braon pórtair i gcúinne deas ag seisiún ceoil, i measc cairde agus craic den scoth an!

Ar éirigh leat déanamh de réir aon rúin a bhí agat ag tús na bliana 2022?

Shocraigh mé gan rún a dhéanamh ag tús na bliana, mar sin tá ag éirí liom!

Fág freagra ar '‘Tá tábhacht le braon pórtair i gcúinne deas i measc cairde ag seisiún ceoil’ – Feilímí O’Connor'