Tá suíocháin scoile folamh i gConamara agus géarghá le forbairt

Laghdú de 54% atá ar líon na ndaltaí bunscoile i bpobal Chill Chiaráin agus Charna le 30 bliain

Tá suíocháin scoile folamh i gConamara agus géarghá le forbairt

Tá na suíocháin ag éirí folamh i Scoil Cholmáin i Maínis i gCarna. Mura mbeidh athrú mór ar an saol idir seo agus an fómhar seo chugainn, beidh an scoil taobh le múinteoir amháin faoin tráth sin. Ní bheidh ach naonúr fanta ar an rolla. 

Ní haon eisceacht é Maínis; níl le déanamh ach súil a chaitheamh ar an gcuntas atá tugtha san eagrán is deireanaí d’irisleabhar bliantúil Iorras Aithneach. Laghdú de 54% atá ar líon na ndaltaí bunscoile i bpobal Chill Chiaráin agus Charna le 30 bliain. Ach, is i Maínis atá an chruóg is gaire don doras anois. 

Údar machnaimh agus bróin do mhuintir Mhaínse – agus dúinne uilig a bhfuil lorg ár ndúchais ar dhumhchanna an cheantair sin – an éiginnteacht atá ag teannadh le Scoil Cholmáin. 

Sí an scoil croí an phobail. Sí an scoil a chothaíonn téadracha nádúir, dúchais agus oidhreachta an phobail ó ghlúin go glúin. Tá sé dlite do Mhaínis go mairfeadh an téad bhródúil Ghaelach a cothaíodh sa gceantar leis na céadta bliain. 

Tá sin in amhras anois. 

Is minic plé déanta ar na cúiseanna leis an imirce agus an laghdú ar dhaonra tuaithe – go háirithe i bpobail atá i bhfad amach ó chathracha agus bailte móra. Sa deireadh thiar thall is féidir freagraí a thabhairt ar an gceist i gcúpla abairt: easpa fostaíochta, infreastruchtúr easnamhach agus easpa seirbhísí ar chaighdeán maith. 

Is iondúil go leanann daoine cosán na fostaíochta; níl aon rogha réalaíoch eile ann. Ní de thimpiste a laghdaíonn an daonra nó go bhfágtar suíocháin scoile folamh. 

Mar a tharlaíonn sé, beidh céad freagra ar chéad ceist a cuireadh faoi iarratas ar chead pleanála do Pháirc na Mara in Iorras Aithneach á seoladh chuig Comhairle Chontae na Gaillimhe an dá lá seo. Údarás na Gaeltachta atá ag iarraidh forbairt a dhéanamh ar an suíomh tionscail mhara agus cladaigh seo cúpla ciliméadar soir ó shráidbhaile Chill Chiaráin. Cuireadh an t-iarratas ar chead pleanála chuig Comhairle Chontae na Gaillimhe beagnach bliain ó shin. D’iarr an rannóg phleanála sa gComhairle tuilleadh eolais – céad ceist uilig faoi chodanna go leor den phlean. 

Sí Páirc na Mara an chloch is mó atá ar a bpaidrín ag Údarás na Gaeltachta do cheantar Iorras Aithneach. Aithníonn an Rialtas an pháirc thionscail mhara seo mar iarracht straitéiseach le borradh a chur faoin bhfostaíocht sna ceantracha tuaithe. Tá obair na mara, agus na tionscail agus an eolaíocht a bhaineann léi, aitheanta ag an Údarás, agus ag an bPríomhfheidhmeannach, Micheál Ó hÉanaigh, mar cheann de na bealaí le bonn níos daingne a chur faoi Iorras Aithneach agus faoi phobail imeallacha eile cois cósta. 

Luíonn sé le réasún. 

Chonaic muid le gairid, mar shampla, go mbeidh tionscail – Aran Biomedical – atá suite sa Spidéal ag méadú, agus go mbeidh 150 post breise ansin as seo go ceann trí bliana. Is breá an scéal é sin agus go n-éirí leis an gcomhlacht agus leis na daoine a bheidh ag obair ann. Ní cosúil go mbeadh seans dá laghad ann go bhféadfaí tionscal ar an múnla sin a mhealladh go hIorras Aithneach ná go Ceantar na nOileán ná i bhfad siar i gConamara. Caithfear tionscail na gceantar imeallach a bhunú ar acmhainní na háite. 

 Sin dúshlán an-mhór. 

Aon duine a bhreathnaigh ar cháipéis na gcéad ceist faoi Pháirc na Mara a tháinig ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe, tuigfidh sé go raibh idir an suíomh féin agus an áit a bhfuil sé suite, soláthar uisce, talamh caomhnaithe agus cuanta caomhnaithe ina n-ábhar imní do phleanálaithe na Comhairle Contae. Táthar ag iarraidh a fháil amach an ndéanfadh an t-uisce breise a bheadh ag teastáil i bPáirc na Mara an iomarca triomaithe ar an sliabh; baineann an cheist sin leis an stádas caomhnaithe (SAC) atá ag an gcriathrach sa gceantar. 

Is léir go bhfuil an obair a bhaineann leis an iarratas pleanála féin – sula gcuirtear láí sa talamh – an-chostasach de bharr stádas timpeallachta na gceantar imeallach Gaeltachta i gConamara agus i gcontaetha eile. 

Go deimhin, sé is dóigh ná go mbeadh sé níos fusa cead pleanála a fháil do mhonarcha guma coganta ach níl an rogha sin ann. Tá lá mhonarcha an ghuma choganta imithe i nGaeltacht Chonamara agus, ar aon nós, níl fonn dá laghad ar infheisteoirí teannadh amach ó abhantrach na cathrach. 

Cuireadh go leor aighneachtaí ag tacú le Páirc na Mara chuig an gComhairle Contae agus tá beagán aighneachtaí diúltacha curtha isteach freisin. Tá daoine ann – is cosúil gur beag acu seo atá in iarthar Chonamara – atá in aghaidh na Páirce. Caithfear aird agus aitheantas a thabhairt don chás atá acusan faoin gcóras pleanála agus an córas daonlathach. 

Chuile sheans go mbeidh an fómhar ann ach a gcríochnófar an scrúdú ar Pháirc na Mara i gComhairle Chontae na Gaillimhe. 

Faoin tráth sin, beidh tuilleadh suíochán folamh i Scoil Mhaínse. 

Fág freagra ar 'Tá suíocháin scoile folamh i gConamara agus géarghá le forbairt'

  • Caitríona

    Teip eile ar Pholasaí don Oideachas Gaeltachta!