Tá suaimhneas sna Déise bíodh tú sa reilig nó ar do rothar

Más ar saoire i mbaile Dhún Garbhán tú, caithfidh tú cloí leis na traidisiúin, idir shean agus nua

Tá suaimhneas sna Déise bíodh tú sa reilig nó ar do rothar

Ag dul thart ar an reilig a casadh orm é. Bhí mise, mar is dual dom, ag léamh na scríbhinní éagsúla ar na leaca. D’fhiafraigh sé díom an raibh mé ag lorg cabhrach? An raibh mé ag cuartú aon uaigh ar leith?

B’éigean dom a admháil nach raibh. Fiosracht nádúrtha a bhí do mo threorú thart ar an reilig i lár bhaile Dhún Garbhán. Is breá liom féachaint ar na sloinnte éagsúla, na dátaí breithe agus báis, ainmneacha na mbailte agus mar sin de. Is mór idir na sloinnte anseo agus ainmneacha na marbh i mBealach a’ Doirín, mar shampla.

An raibh sé ina fheighlí ar an reilig? Bhuel, ní raibh, i ndáiríre. Ach thosaigh sé ag obair do dhream amháin a d’iarr air aire a thabhairt d’uaigh na clainne agus de réir a chéile, thosaigh daoine eile ag iarraidh air an cúram céanna a ghlacadh ar a son siúd. Is breá leis an obair seo.

An tUasal de Paor a bhí air. (Ní bhfuair mé a ainm baiste.) Agus ’sé an fáth go bhfuil an méid sin ar eolas agam ná, d’inis sé dom go bhfuil a uaigh ceannaithe aige, agus a ainm greanta i nGaeilge ach i seanchló an Bhéarla, cheana féin air.

Bhí an stair áitiúil ar fad ar eolas aige. D’iarr sé orm a theacht leis go dtí an reilig nua go bhfeicfinn na huaigheanna deasa suimiúla a bhí ansin.

Ghabh mé leithscéal leis agus dhiúltaigh mé don chuireadh, mar is mó mo shuim sna seanuaigheanna, na cinn a bhain le heachtraí staire agus a leithéidí. Thug sé go dtí seanuaigh mé – sórt tuama i ndáiríre – a bhain le clann cháiliúil i nDún Garbhán. Bhí an uaigh seo ar shuíomh suntasach gar do theach an phobail, Séipéal Naomh Muire.

D’inis sé dom gur iarradh air uair amháin ‘tochailt’ síos sa tuama agus a fháil amach cé go díreach a bhí curtha ann agus cé nach raibh curtha ann.

‘Agus cén chaoi a ndearna tú é sin?’ a d’fhiafraigh mé féin. Ní raibh stró air. Cúpla troigh créafóige a bhaint den bharr le meaisín agus ansin bhí spás thíos faoi sin, a raibh sé in ann dreapadh síos ann agus na cónraí a chomhaireamh agus a léamh – na cinn a raibh ainmneacha orthu.

Chas sé timpeall chuig an séipéal.

‘An bhfeiceann sibh na píopaí sin?’ ar seisean.

‘Tá siad ar fad teilgthe nó ‘cast’, – rud an-neamhghnách. Ba é mo shin-sin-sinseanathair a rinne iad sin sa chéad seo caite. An céad roimhe sin go deimhin,’ a dúirt sé, nuair a chuimhnigh sé air féin.

B’éigean dom dul agus cuairt a thabhairt ar theach an phobail ansin, go bhfeicfinn an raibh aon iontas mór ansin. I dtús an naoú céad déag a tosaíodh ar an tógáil agus tá cuma bhreá fhairsing air agus síleáil álainn adhmaid ann.

Ach an rud is suntasaí ar fad faoi ná na fuinneoga gloine dhaite agus iad ar fad ainmnithe i ndiaidh na ndaoine a d’íoc astu – mo chairde sa tuama taobh amuigh san áireamh, an Captaen John Carbery agus a mhuintir.

Toisc nach raibh an t-uafás eolais le fáil istigh sa séipéal féin, rinne mé mo bhealach síos chuig músaem an bhaile. D’fháiltigh an stiúrthóir William Fraher romham ansin (Ó Farachair a dúirt sé liom, an leagan Gaeilge air sin).

Ní hé amháin go raibh eolas aige faoin séipéal, ach tá sé féin i mbun pinn faoi láthair ar stair áitiúil agus beidh gach eolas ann.

D’inis sé dom gur chinn sagart sna 1870idí  na seanfhuinneoga adhmaid a chaitheamh amach agus fuinneoga nua gloine dhaite a chur ina n-áit. D’ordaigh sé iad ó Wailes agus Strang i Newcastle Shasana.

Agus, seo rud nach raibh a fhios agam roimhe sin: ní fhéadfaí séipéal a bheannú i gceart go dtí go mbeadh na fiacha ar fad a bhain leis glanta. Mar sin, i 1928 nuair a bhí cúrsaí airgid ina gceart agus céad bliain beagnach caite ó leagadh an chéad chloch,  beannaíodh agus tiomnaíodh Séipéal Naomh Muire ar an mbaile.

Agus ar nós go leor eile thart ar an mbaile seo agus i mbailte eile i bPort Láirge, bhí ceangal ann le clann Dhiúc Devonshire Shasana (ar leo Caisleán Lios Mór i gContae Phort Láirge).

Bhí deacrachtaí ann le suíomh an tséipéil – ceapadh i dtús ama go mbeadh sé ró-ard agus é le hais an tséipéil Phrotastúnaigh – Naomh Muire eile. Ach chinn an Diúc nach raibh aon bhunús leis an gclamhsán sin. Ní amháin sin, ach thug sé an suíomh in aisce agus £1,500 mar dheontas chomh maith.

Chonaic mé ar bhileog eolais in aice an tseanduga, go ndearna Diúc Devonshire go leor atógála agus athfhorbartha i lár an bhaile agus gur chuidigh sé freisin le tógáil an droichid álainn i lár an bhaile, droichead atá tógtha le cloch Portland.

I ndiaidh mo chuid cuairteanna staire, chaith mé an lá ar fad ar an rothar. Bhí mé ar bhealach Glas na nDéise  – ó Dhún Garbhán go dtí Coill Mhic Thomáisín agus ar ais. Ó tosaíodh ag forbairt na mbealaí glasa sa tír seo tá fás as cuimse tagtha ar líon na ndaoine atá á n-úsáid.

Caithfidh mé a rá nár airigh mé uaim na Gearmánaigh, na Sasanaigh, ná na Meiriceánaigh ar an turas.

Bhí mo dhóthain le déanamh agam, ag coinneáil amach ó rothaithe eile, ó choisithe, ó lucht na rothar sin le leantóirí do pháistí, na ‘tandems,’ lucht an Lycra, na tosaitheoirí agus an dream nach dtuigeann ‘ar chlé’.

Níl a fhios agam cá bhfaigheadh turasóir eachtrannach rothar ar cíos an lá sin. Bhí gach mac is máthair i bPort Láirge ag rothaíocht.

Ach bhí sé thar barr ar fad. É coinnithe go maith, áiteacha le haghaidh ‘picnicí, comharthaí treo soiléire, dromchla tarmac agus radharcanna dochreidte den fharraige, den taobh tíre, gleannta, feirmeacha agus aibhneacha. Agus meascán suimiúil plandaí fiáine chomh maith le héin den uile chineál.

Tá creidiúint ag dul don Chomhairle Contae agus do lucht na turasóireachta a chuir ar bun é ar an tseanlíne thraenach idir Mala agus Port Láirge in 2017.

Agus céard eile a shásódh duine ina dhiaidh sin ach snámh deas leisciúil ag Trá Cluain Aodha gar don bhaile?

Bhuel, ‘99’ blasta b’fhéidir? Más ar saoire sa mbaile atá tú, caithfidh tú cloí leis an traidisiún.

Fág freagra ar 'Tá suaimhneas sna Déise bíodh tú sa reilig nó ar do rothar'