Tá stair na hÉireann sa reilig seo ach súil a chaitheamh timpeall agus a theacht uirthi

Tháinig ár gcolúnaí ar thaibhsí na staire i Reilig Ghráinseach an Déin

Tá stair na hÉireann sa reilig seo ach súil a chaitheamh timpeall agus a theacht uirthi

Ó thosaigh an tír uilig ag siúl, tá roinnt mhaith camchuairteanna déanta agam thart sna bólaí seo.

Cheap mé go raibh ann den stair áitiúil blaiste agam agus go deimhin, bhí mé ag tnúth go mór leis an teorainn nua 5km a bhí leagtha amach dúinn, faoi rialacha nua na paindéime.

Ach bhí áit stairiúil amháin gar go maith dom nár leag mé cos ann ariamh.

Is é sin Reilig mhór Ghráinseach an Déin.

Tuige nár thug mé thug cuairt uirthi ariamh? Shíl mé go raibh sí rómhór agus ar aon nós, ní bheadh aithne agamsa ar aon duine a bhí curtha ann.

Téann ceann de mo chuid camchuairteanna thar bhalla na reilige – sin ‘timpeall’ a thosaíonn sa Charraig Dhubh agus a chríochnaíonn ansin arís.

Tá Gráinseach an Déin neamhchosúil amach is amach leis na reiligí faoin dtuath a bhfuil seantaithí agam féin orthu – anseo tá na mílte uaigh le feiceáil i ngach treo.

Os cionn 150,000 duine atá curtha anseo.

Sean-uaigheanna gan mórán caoi orthu a fheiceann tú ar dtús, ar do bhealach isteach ansin. Tá siad pacáilte le hais a chéile, ceann buailte ar an gceann eile gan aon spás le siúl eatarthu agus cuid acu ag titim isteach orthu féin. Bhí mo chuid fiosrachta ag dul i léig go tapa.

Ach ansin go tobann, tugaim ainm faoi deara a thugann scéal chun cuimhne. Tóg leac leis an ainm ‘Dooge’ mar shampla. Cé a chuimhníonn anois ar Jim Dooge, a d’ainmnigh Garret Fitzgerald le bheith ina Aire Rialtais sa mbliain 1981? Ní raibh sé ina Theachta Dála fiú, ach ba Sheanadóir é agus ceapadh ina Aire Gnóthaí Eachtracha é.

Ó Nualláin a tharraing m’aird ansin. Níl aon tagairt do ‘Myles na Gopaleen’ ná ‘An Béal Bocht,’ ar an leac ach is iad Muintir Uí Nualláin, an t-athair Mícheál, a bhean Agnes chomh maith lena mac Brian (Myles/Flann O’Brien) agus a bhean Evelyn atá curtha ann.

Tá stair na hÉireann sa reilig seo, a dúirt mé liom féin, ach súil a chaitheamh timpeall agus a theacht uirthi.

Nach anseo atá ceann de na ‘Suímh Phoblachtacha’? Uaigh mhór agus leac os a cionn ag tabhairt ainmneacha na marbh a bhásaigh idir 1916 agus 1922. Murab ionann agus go leor de na sean-uaigheanna sa reilig tá uaigheanna na ndaoine a bhásaigh i gCogadh na Saoirse coinnithe go maith, ag Cumann Uaigheanna na Laochra Gael.

Agus coinnithe go maith freisin, tá uaigheanna anseo is ansiúd dóibh siúd a bhain leis an ‘taobh eile’, sa gcogadh sin agus i gcogaí thar sáile.

Agus cén fáth a bhfuil siad sin curtha i mBaile Átha Cliath? a deir tú. Toisc go mba as Baile Átha Cliath iad, ar ndóigh. I rith an Chéad Chogaidh Dhomhanda bhí suas is anuas le 210,000 Éireannach ag troid in Arm na Breataine.

Bhí an saighdiúir Peter Ennis, ball de na Scots Guards, sa mbaile ar saoire cúpla lá nuair a shiúil sé amach óna theach i Redmond Cottages, Ascaill na bhFolcadán. An 25 Aibreán, an lá tar éis Luan Cásca, 1916 a bhí ann.

Scaoil fear gunna de chuid na nÓglach é a bhí i ngarastún Mhuilte Uí Bheoláin trasna an bhóthair uaidh. Bhásaigh sé ar an tsráid. Ach an rud a bhainfeadh stad asat agus tú ag féachaint ar leac an tsaighdiúra Peter Ennis ná go bhfuil sé curtha in aon mhóruaigh le dream a raibh Óglaigh Phoblachtacha ina measc.

Is cosúil gurbh éard a tharla ná gur maraíodh agus gur goineadh an méid sin daoine le linn Éirí Amach 1916, saighdiúirí, óglaigh agus gnáthshibhialtaigh de chuid Bhaile Átha Cliath, nach rabhthas in ann coinneáil suas le gnáthnósanna adhlactha.

Uaigh ina bhfuil daoine éagsúla ó Éirí Amach 1916 curtha inti

Tuairiscíodh gur tugadh 600 duine gortaithe go dtí Ospidéal Shráid Jervis agus gur ar éigean a bhí an t-ospidéal in ann iad a láimhsiú. Bhásaigh 485 duine an tseachtain sin.

Cuireadh an saighdiúir Peter Ennis de chuid Arm na Breataine san uaigh chéanna le William Carrick, Joseph Clarke, Thomas Kenyon (sibhialtaigh) agus an Lt Seán Costello agus Andrew Byrne, beirt Óglach.

Agus cérbh é an tÓglach Andrew Byrne? Oibrí guail a bhí ann.

Ach fear gunna – naoscaire – ab ea Andrew Byrne, agus ar an 27 Aibreán, bhí sé lonnaithe leis an 3ú Cathlán agus é faoi cheannas Éamon de Valera. Maraíodh é gar don líne thraenach in aice le Muilte Uí Bheoláin, áit ar troideadh cathanna fíochmhara le linn an Éirí Amach.

Ba as Contae Chill Mhantáin ó thús d’Andrew Byrne agus bhí sé pósta agus gasúr beag aige.

Bhí Andrew Byrne ina chónaí anseo, 12 Sráid Pembroke

Achar gearr ón uaigh mhór seo tá uaigh William Gregg, sin-seanathair mo pháirtí, Gerry Gregg. Bhí William 64 bliain d’aois agus é fós ag obair mar shéidteoir gloine sa Glass Bottle Company. Ar a bhealach chun na hoibre ar a rothar an tseachtain sin in Aibreán 1916, scaoileadh urchar leis agus fuair sé bás.

Blianta ina dhiaidh, fuair an chlann amach go raibh mac le William Gregg, ag roinnt tí leis an óglach Andrew Byrne, deartháir céile leis, ag an am ar tharla an tÉirí Amach.

‘Bhfuil tú cinnte faoi sin?’ a d’fhiafraigh mé de mo pháirtí. ‘Cén fáth an mbeadh fear le clann óg ag roinnt tí le do sheanathair agus a chlann siúd?’

‘Féach,’ a dúirt sé liom go foighdeach. ‘Sa mbliain 1916 bhí ar a laghad 20,000 clann ina gcónaí sna ‘tenements’, agus gan ach seomra amháin ag gach clann acu. Bhíodh suas le deichniúr agus os a chionn sa seomra sin – agus go minic bhíodh daoine eile nach ón gclann iad, sa seomra céanna.’

I 1916, bheadh duine ar bith sásta teach a roinnt, má bhí teach acu.

Chuir seo ag smaoineamh mé ar na hoibrithe guail, ar na séidteoirí gloine, ar na saighdiúirí agus ar na sibhialtaigh a fuair bás an tseachtain sin i 1916 agus ina dhiaidh.

Cothrom an ama seo i mí na Bealtaine 1916 a cuireadh na ceannairí chun báis.

Bhí íomhá i mo chloigeann ar feadh i bhfad de na múinteoirí, na scríbhneoirí agus na filí a bhí páirteach sa gcath fuilteach sin. Agus gur Éireannaigh a bhí ar thaobh amháin agus Sasanaigh a bhí ar an taobh eile.

Bíonn an fhírinne ina luí sa reilig go minic.

Fág freagra ar 'Tá stair na hÉireann sa reilig seo ach súil a chaitheamh timpeall agus a theacht uirthi'

  • Margarita Neothallaigh

    Tá sé sin an-suimiúil

  • Seán Mistéil

    Mór an spreagadh atá san alt seo ag Mairéad.