Tá seantaithí ar léirsithe conspóideacha i mBéal Feirste ach tá plean do shlógadh ag Halla na Cathrach Dé Domhnaigh seo chugainn, an 6 Lúnasa, scanrúil. ’Siad ceannairí an ghrúpa antoisceach Britain First na príomhchainteoirí ag an ócáid in aghaidh ‘sceimhle Ioslamach’.
’Siad Paul Golding agus Jayda Fransen ó Britain First, Paul Rimmer agus Banksy ‘British Patriots’ agus comhairleoir aontachtach neamhspleách, Jolene Bunting, na cainteoirí. (Níl baint ar bith ag Banksy leis an ealaíontóir den ainm sin.)
’Sí an Comhairleoir Bunting an t-aon duine den lucht eagair atá ainmnithe. Dúirt sise ar chlár raidió ar BBC gur daoine príobháideacha iad an chuid eile, dream atá buartha faoi sceimhlitheoireacht agus Ioslamú.
Shéan sí gur ghrúpa contúirteach é Britain First agus mhaígh sí gur de bharr míthuisceana –seachas aindlí – a cuireadh Paul Golding i bpríosún sa Bhreatain.
Gearradh ocht seachtaine i bpríosún ar Golding mar gur sháraigh sé ordú cúirte a chuir bac air a dhul isteach in aon mhosc i Sasana nó sa Bhreatain Bheag.
Iarbhaill den pháirtí den eite fhíordheis an BNP, a bhunaigh Britain First. Séanann siad gur páirtí ciníoch iad ach tá a bhfeachtas in aghaidh na nIoslamach follasach. Maíonn siad gur sceimhle Ioslamach is cás leo ach níl fianaise ar bith go ndéanann siad idirdhealú idir daoine síochánta agus lucht foréigin. Bhí feachtas ionraí ar mhoscanna acu “chun iomámaí a cheistiú”. Imeaglú ab ea é agus chothaigh sé teannas ciníoch agus an baol foréigin a ghabh leis.
Abhus, scaip grúpa darb ainm Ulster Awake a maítear go bhfuil nasc acu le Britain First bileoga ciníocha i Lios na gCearrbhach i mí na Samhna seo caite. Ba í a dteachtaireacht go raibh Tuaisceart Éireann i mbaol jihad. Ní bheadh an pobal dúchais (geal) inmharthana mura gcuirfí stop le holl-inimirce agus mura mbeadh doicheall roimh theifigh agus bréag-iarrthóirí tearmainn. Cháin na mórpháirtithe logánta ar fad na bileoga ach mhaígh an grúpa go raibh na mílte lucht tacaíochta acu.
Is mór idir an figiúir sin agus líon na ndaoine a tháinig amach le tacú lena leithéid de ghrúpa go dtí seo. Bliain roimhe sin, i mí na Nollag 2015, d’fhreastail cúigear is fiche ar léirsiú an Protestant Coalition in aghaidh teifeach i mBéal Feirste; bhí slua i bhfad níos mó ar agóid ina gcoinne.
I mí Aibreáin i mbliana ní raibh ach dornán ag agóid de chuid an Ulster Defence. Bhí baill áitiúla de Britain First i measc na ndaoine a bhí ar na léirsithe sin. Tá nasc seanbhunaithe idir roinnt dílseoirí agus an BNP/Britain First. Bhí Jim Dowson, duine de bhunaitheoirí BF a thit amach leo faoi na hionraí ar mhoscanna, sáite sa bhfeachtas dílseach faoin mbratach i mBéal Feirste in 2012/2013.
Mhaígh an comhairleoir Bunting go raibh ceart cainte dlite don ghrúpa agus gur ócáid chuimhneacháin ar íobartaigh a bheadh sa slógadh ag Halla na Cathrach. Cainteoirí dea-labhartha iad na haíonna a bhfuil rud tábhachtach le rá acu faoi sceimhle idirnáisiúnta agus gur cheart do phobal an tuaiscirt iad a chlos, dar léi.
Dúirt sí gur chuala sí Golding ag óráidíocht ag cruinnithe cheana. Rinne sí líomhaintí gan bhunús faoin iompar a chraobhscaoileann an Córan, ach lena ceart a thabhairt di nuair a ghlaoigh dream ó mhosc i mBéal Feirste ar an gclár ghlac sí le cuireadh bualadh leo. Cá bhfios an n-athródh sí a port faoi Ioslam roimh an slógadh?
Iarbhall den TUV í Jolene Bunting as ceantar dílseach na Seanchille. D’fhág sí an páirtí níos luaithe i mbliana nuair a dhiúltaigh siad dá hiarratas seasamh i dtoghchán an Tionóil do Bhéal Feirste Thuaidh.
Dúirt an TUV nach raibh siad in acmhainn a dhul san iomaíocht, ach mhaígh Bunting go raibh an páirtí ina coinne mar gheall ar bhotúin a rinne sí is í ina déagóir. Bhí sí ag tagairt do phostálacha frithChaitliceacha a chuir sí ar mheáin shóisialta agus a tháinig chun solais i mbliana.
Ghabh sí leithscéal as an gcaint sheicteach.
Caithfear a bheith ag súil go ndéanfaidh sí aithreachas den sórt céanna faoina tacaíocht do Britain First agus a gcuid frith-Ioslamachais.
Táthar ag súil gur beag freastal a bheidh ar an léirsiú ag Halla na Cathrach ach is údar imní é go dtabharfaidh an ócáid uchtach d’antoiscigh i réigiún inar facthas méadú ar ionsaithe ciníocha le blianta beaga anuas. Ní mór a bheith airdeallach.
Mise Éire
Take our country back 6 condae an ea ?
Gibraltar is Falklands freisin coilineachtaí na Breataine i mbaol ?
Britain First ………………amach as an Aontas Eorpach
The importance of the Union a deir sí ag uimhir a Deic in 2016