Tá siad imithe anois, réaltaí Chomhaontú Aoine an Chéasta…

Ar éigean a bhí an Comóradh 20 Bliain críochnaithe nuair a bhí an t-iompar i Stormont faoi iniúchadh…

Tá siad imithe anois, réaltaí Chomhaontú Aoine an Chéasta…

Tá siad imithe anois, réaltaí Chomhaontú Aoine an Chéasta. Cé go bhfuil an ghné pholaitiúil den Chomhaontú ina brachán d’éirigh le George Mitchell fadfhulangach, Bill deisbhéalach Clinton, an t-eadránaí Bertie Ahern agus an gríosóir Tony Blair blas dearfach a chur ar an gcomóradh 20 bliain.

Idir iadsan, na cuairteoirí isteach agus iarcheannairí logánta rinneadh iarracht fuinneamh a chothú agus misneach a mhúscailt i measc cheannairí an lae inniu le tabhairt faoi Stormont arís. Níor shéan éinne go bhfuil deacrachtaí breise le sárú de bharr an Bhreatimeachta agus ról an DUP mar chrann taca ag rialtas Theresa May.

Sheachain na maithe agus na móruaisle milleánú ach ba léir go raibh a fhios acu go raibh an pholaitíocht i Stormont mífheidhmiúil le tamall maith sular thit an córas as a chéile bliain agus ráithe ó shin. Sa mhullach ar an droch-chaidreamh idir an DUP agus Sinn Féin, maille leis an teannas idir an dá pháirtí sin in éindí agus na mionpháirtithe, tá sé soiléir ó imeachtaí ag an bhfiosrú poiblí faoin RHI go bhfuil ceisteanna le freagairt faoi éifeachtúlacht agus cleachtais na n-institiúidí.

Ba é an RHI, an phraiseach de scéim fuinnimh inathnuaite, ba chúis le titim Stormont anuraidh. Bhí sé ina raic i Stormont ó Nollaig 2016 nuair a fuarthas amach go mbeadh costas leathbhilliún punt (£500,000,000) ar an scéim ar feadh 20 bliain. Bhunaigh DETI, an roinn a raibh Arlene Foster i gceannas uirthi, an RHI in 2011gan aon srianta a chur ar chaiteachas, cor a lig d’úsáideoirí áirithe a bheith ag dó millíní adhmaid lá agus oíche ar chostas an stáit. Dhiúltaigh Arlene Foster a bhí ina Céad-Aire faoin am sin seasamh i leataobh fad is a dhéanfaí mionscrúdú. D’éirigh Martin McGuinness as de bharr na sáinne, thit Stormont ach bunaíodh fiosrú poiblí sular scor an Tionól.

Tá éisteachtaí poiblí ar siúl le leathbhliain anois. Státseirbhísigh agus feidhmeannaigh ó chomhlachtaí fuinnimh ba mhó a thug fianaise. Cuireadh suim mhór i ráiteas ó cheannaire na státseirbhíse nach gcoinnítí nótaí de chruinnithe ionas nach mbeadh daoine in ann a fháil amach faoin reachtaíocht saoráil faisnéise céard a bhíodh á phlé ag an DUP agus Sinn Féin. Ach is leis an fhianaise a thabharfadh Arlene Foster agus baill eile den DUP a bhí an pobal ag dréim.

Sásaíodh a bhfiosracht a bheagán an tseachtain seo. Dé Céadaoin thug iarchomhairleoir Arlene Foster, an Dr Andrew Crawford, fianaise. SPAD mar a thugtaí orthu ab ea eisean – comhairleoir speisialta de chuid an pháirtí a fuair a thuarastal ón sparán poiblí. D’éirigh sé as oifig de bharr na conspóide faoin RHI ach é ag rá, mar a deir Arlene Foster, nach ndearna sé aon cheo as bealach. Tá sé fós ina chomhairleoir ócáideach ag an DUP. Nocht sé don fhiosrú gur chuir sé gaolta leis ar an eolas nuair a bhí srianta le cur ar dheontais don RHI ach mhaígh sé nár baineadh mí-úsáid as an eolas sin.

Nocht sé freisin nár choinnigh sé nótaí foirmeálta faoi cheisteanna a phléigh sé féin agus an tAire Foster. Ba mhinic teachtaireachtaí á scríobh ar nóta greamaitheach nó post-it a chaití sa chiseán níos deireanaí. B’in é an nós imeachta a bhí acu ar feadh na mblianta a dúirt sé. ‘Politics by post-it’ a thug abhcóide ón bhfiosrú ar an gcleachtas. Shéan an Dr Crawford gur ag iarraidh miontuairisciú a sheachaint a bhíodar ach díol suntais ab ea é gur léir nach bhfuil an páipéarachas ar fad a bhain leis an RHI (ná ábhair eile) ar an taifead.

Déardaoin, nuair a thug Arlene Foster fianaise don fhiosrú den chéad uair ceistíodh i faoi na nótaí. Ní raibh tada tromchúiseach iontu ar sise. Ní bheadh i nóta greamaitheach ach ‘labhair liom faoi seo’ nó a leithéid sin. Ceistíodh go dian í faoin easpa cuntais ar na comhráite a leanfadh nóta den sórt sin ach rinne sí beag is fiú de. Dúirt an t-iarChéad-Aire gur chás léi na botúin sa scéim ach nár léir di céard eile ba cheart a bheith déanta aici mar nár cuireadh ar an eolas í faoi na laigí sna moltaí a tháinig ón roinn agus ó shaineolaithe. Cheistigh an cathaoirleach an t-iarBhreitheamh, Sir Patrick Coghlin í faoi chruinniú áirithe, faoin leagan den scéal i gcáipéis oifigiúil nach raibh ag teacht lena hinsint siúd ach mhaígh sí nach raibh cuimhne bheacht aici ar na himeachtaí sin.

Beidh ceannaire an DUP ar ais os comhair an fhiosraithe níos deireanaí sa bhliain nuair a bheifear ag déileáil leis an tréimhse sin nuair a cuireadh srian ar an bhfóirdheontas in 2015; nuair a bhí an teorannú sin á bheartú bhí méadú mór ar líon na n-iarratas ar an scéim. Údar conspóide idir Arlene Foster agus a comharba Jonathan Bell is ea an tréimhse sin, iompar na n-airí féin agus iompar na gcomhairleoirí ón DUP (na SPADanna). Beidh suim thar na bearta sna seisiúin sin.

Tá Foster meáite de nach raibh aon locht uirthi-se; bhí an ceistiú dian ach féaráilte. Mar sin féin, ní chun tairbhe aon pholaiteora an díchuimhne, easpa miontuairiscí agus leath-thagairtí d’easnaimh ar an tseirbhís a cuireadh ar fáil di.

Ní haon mhaise ar cháil Stormont a bhfuil nochta don fhiosrú go dtí seo.

Fág freagra ar 'Tá siad imithe anois, réaltaí Chomhaontú Aoine an Chéasta…'