Tá siad ‘ar dóigh’, ‘go diail’ agus ‘togha uilig’ –  na céadta litir Ghaeilge curtha chuig cúntóirí Santaí sa Ghaeltacht

Beidh na litreacha Gaeilge deireanacha a seoladh á sórtáil ag meitheal phoist Santaí ar an gCeathrú Rua agus á gcur ar aghaidh chuig Santaí ag an Mol Thuaidh go luath

 Tá siad ‘ar dóigh’, ‘go diail’ agus ‘togha uilig’ –  na céadta litir Ghaeilge curtha chuig cúntóirí Santaí sa Ghaeltacht

Tá “na céadta litir Ghaeilge” tagtha chomh fada le meitheal phoist Shantaí i gCeannáras Thuismitheoirí na Gaeltachta ar an Cheathrú Rua i gConamara agus na bearta deireanacha á sórtáil le cur ar aghaidh chuig Santaí ag an Mhol Thuaidh.Inné an sprioclá atá luaite ag meitheal phoist Shantaí chun na litreacha a chur sa phost lena chinntiú go mbeidh deis aige freagra a thabhairt ar na litreacha, ach deirtear go ndéanfaidh Santaí “gach iarracht” aon litir a sheolfar as seo go ceann cúpla lá a fhreagairt.

Tuigtear do Tuairisc.ie go bhfuil Santaí an-ghnóthach na laethanta seo toisc “ardú mór” a bheith ar líon na litreacha a seoladh chuige.

Dúirt eilf amháin atá gar don fhear mór é féin go bhfuil Santaí fíorthógtha leis na canúintí ar fad – tá siad “ar dóigh”, “go diail” agus “togha uilig”,  a deir sé!

Tá litreacha breátha Gaelacha tagtha ón Astráil, ó Mheiriceá, ó Shasana agus ó Mhór-Roinn na hEorpa chomh maith, a dúirt sé.

Thug Santaí le fios dá meitheal phoist ar an Cheathrú Rua gur mór an spórt iad na litreacha atá léite aige. Dúirt sé gur bhreá leis féin agus Bean a’ Tí na litreacha a léamh cois tine agus go mbíonn Rudolf ag breathnú ar na pictiúir dheasa a tharraing na gasúir.

Agus Lá Nollag ag teannadh linn, bhí teachtaireacht ag eilf amháin do léitheoirí Tuairisc.ie:

“Ní mór a chinntiú go mbeidh na litreacha uilig curtha sa phost chomh luath agus is féidir lena chinntiú go mbeidh deis ag Santaí iad ar fad a fhreagairt,” a dúirt sé.

Cuirigí bhur litreacha ar aghaidh chuig Santaí ar an seoladh thíos:

LITIR CHUIG SANTAÍ

f/ch Tuismitheoirí na Gaeltachta
An Cheathrú Rua
Co.na Gaillimhe.

Fág freagra ar ' Tá siad ‘ar dóigh’, ‘go diail’ agus ‘togha uilig’ –  na céadta litir Ghaeilge curtha chuig cúntóirí Santaí sa Ghaeltacht'