Tá Seán Mac an tSíthigh chomh maith ar an iardheisceart is tá Robert Fisk ar an meánoirthear. Nach féidir liom éisteacht leo beirt?

Sa dara cuid dá alt ar na meáin Ghaeilge agus pobal na Gaeilge, tugann ár gcolúnaí freagra orthu siúd a deir go mbíonn an iomarca scéalta ‘Gaeilge’ ar na meáin Ghaeilge

TG4

Céard atá i gceist ag daoine nuair a deir siad go bhfuil RnaG, TG4 agus Tuairisc.ie róthógtha le scéalta Gaeilge? Nach in í an bhearna is mó atá le líonadh acu dá bpríomh-spriocmhargadh, an 77,000 duine a labhraíonn Gaeilge go laethúil agus nach bhfuil freastal á dhéanamh orthu sna meáin eile?

Cé eile a chlúdódh scéalta faoin Nuashonrú ar an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíochta nó ar an dréachpholasaí don Oideachas Gaeltachta?

Ba léir ó bheith ag éisteacht leis na meáin Bhéarla ag streachailt leis an tuairisceoireacht/tráchtaireacht ar an Nuashonrú an tseachtain seo caite go bhfuil an oiread céanna cur amach acu ar an ábhar is atá agam féin ar thábhacht an bhanana do gheilleagar na Síle.

An é atá atá ag teastáil ó dhaoine áirithe ó thaobh na gcúrsaí reatha ná go mbeifí ag clúdach choimhlint an Mheánoirithir agus na hÚcráine chomh maith le duine?

Bunaithe ar na pointí a bhí agam sa chéad chuid den alt seo inné, cé mhéad duine as an 77,000 a bheadh sásta féachaint ar an gclúdach sin, go mórmhór agus tuairiscí níos údarásaí le fáil in áiteanna eile agus iad i ngiorracht méara don lucht féachana? Ní le drochmheas a deirim sin. Ní féidir leis na meáin Ghaeilge é a fhéachaint lena gcéilithe comhraic ó thaobh acmhainní daonna agus airgid, agus, dá bhrí sin, ó thaobh saineolais agus údaráis (ar ábhair áirithe).

Pé acu gur áin linn é nó a mhalairt, tá Béarla ag formhór mór ar fad den 77,000 agus faigheann siad a gcuid nuachta ón iliomad foinsí. Nach ar son na cúise-achas eile é bheith ag súil go bhféachfaí ar thuairisc, go n-éisteofaí léi nó go léifí í mar go bhfuil sí as Gaeilge. Nó an coimpléacs ísleachta iarchóilíneach a spreagann sinn le sodar i ndiaidh lucht an Bhéarla? Eagla go mbeimis in áit na leathphingne? Eagla go gceapfadh an saol Fódlach nach bhfuilimid leathanaigeanta, ildánach agus saolta?

Ní cheart a bheith leitscéalach faoi. Clúdaímis an rud a oireann dúinn féin gan scáth gan náire. Bíonn na meáin Ghaeilge os cionn a mbuille nuair a bhíonn ábhair Gaeilge/Gaeltachta idir chamáin acu: an tOireachtas, Comórtas Peile na Gaeltachta, scéalta aitiúla, an staidéar cuimsitheach teangeolaíoch, an dréachtpholasaí faoin oideachas Gaeltachta, Dinny agus Donncha i bpíobáin a chéile agus go deimhin an comhrac úd idir the Cormac ‘The Hulk’ Ó hEadhra agus Pádhraic The Mean Machine Ó Ciardha. Luíonn sin le réasún; tuigeann siad an pobal agus an t-ábhar. Tá an cur amach céanna ag Seán Mac an tSíthigh ar an iardheisceart is atá ag Robert Fisk ar an meánoirthear. Nach féidir liom éisteacht leo beirt?

Céard ’déarfainn le TG4 dá bhféadfainn cogar a chur ina cluas?

B’fhearr liom go mbeadh comhdhéanamh 60-40 agat ó thaobh cláracha le Gaeilge agus cláracha iomlán i mBéarla. Ní dhéanfainn an figiúr sin a ghreannadh i gcloch mar is fearr greim de choinín ná dhá ghreim de chat. Is tábhachtaí go ndéanfaí an cúram ceart den sceideal Gaeilge faoi mar a thabharfainn air. 

Ní ceart go mbeadh níos mó ná 10% Béarla le closint sa sceideal Gaeilge agus gur Gaeilge chruinn, shaibhir a bheadh inti.

Dá fheabhas iad, ná bí ag brath an iomarca ar an spórt agus ceol; tabhair clár nuachta níos faide dúinn, tabhair 7Lá dúinn faoi thrí sa tseachtain; dírigh i bhfad níos mó ar scéalta Gaeilge, Gaeltachta agus tuaithe; déan cláracha, cinn faisnéise go háirithe, go hiomlán i nGaeilge; munar féidir sin a dhéanamh ar chaighdeán iomaíoch, inghlactha, déan i mBéarla é agus cuir sa sceideal Béarla é – é sin nó ná déan in aon chor é.

Ná bí ag sodar i ndiaidh na múnlaí foirmleacha seanchaite, déan i bhfad Éireann níos mó a infheistiú sa drámaíocht le gearrscannáin agus fadscannáin a chuirfidh fé dhraíocht sinn; tabhair seó beo cainte dúinn.

Thar aon ní eile, bí bródúil as an nGaeilge agus déan cúram di. 

Is tú a bheidh ar thosach cadhnaíochta má tá an Ghaeilge leis na cosa a thabhairt léi as báire fola an Nuashonraithe.

Déan sin agus léireofar do chách canathaobh gurb í an tSúil Eile an acmhainn is tábhachtaí don Ghaeilge agus do phobal na Gaeilge is na Gaeltachta. Is ansin a bheidh mean machine agat.

Fág freagra ar 'Tá Seán Mac an tSíthigh chomh maith ar an iardheisceart is tá Robert Fisk ar an meánoirthear. Nach féidir liom éisteacht leo beirt?'

  • Seán

    Seo tuairiscíocht lag a bhuachaill… Cuir solas romhainn a chuirfeadh ar ár gcumas dul i ngleic leis an saol mórtimpeall orainn. Súil eile atá ag teastáil seachas an smeairteáilteacht thur so. Dá mba ná raibh ach altanna don tsaghas so á léamh againn, do bheimíst chomh dall le bonn bróige. Dúirt an Cadhnach go raibh Éire glas ar Ghaeilge. Déarfainn go bhfuil na Gaeil glas ar Éirinn más aon chomhartha roinnt don ábhar atáim a léamh ar tuairisc ó chianaibh. (treise oraibh mar sin féin! ach leathanaigh an scóp in ainm Chroim, grmma do léitheoir laethúil xxx)