Tá seacht mí caite agam i mo mhanach Chnoc Mheilearaí agus tá deireadh na foighde caite agam…

Rud ar bith is mó a chuireann mo chuid fola ag coipeadh faoi láthair ná scéalta ina dtaobh siúd a dhéanann neamhaird den chomhairle

Tá seacht mí caite agam i mo mhanach Chnoc Mheilearaí agus tá deireadh na foighde caite agam…

Pictiúr: INPHO/James Crombie

Tá seacht mí caite agam mórán mar a mhair na manaigh i gCnoc Mheilearaí beagnach 300 bliain ó shin nó go deimhin i bhfad roimhe sin i nGleann Dá Loch sa séú céad.

Admhaím go bhfuil deiseanna an tsaoil nua-aimseartha agamsa rud nach raibh acusan agus nach bhfuil mé taobh leis na lacáistí a chothaigh Eoin Baiste sa bhfásach fadó ná leis an éadach folt camaill a shábháil a náire dó.

Ach féach gur dá ndeoin féin a chaith siadsan an cineál saoil a chleacht siad agus go sílfeá iad a bheith sásta go maith lena raibh i ndán dóibh.

Ní hamhlaidh domsa atá i mo dhíthreabhach in aghaidh mo thola ach gan dul as agam ar mhaithe le mo shláinte féin agus mo chlainne, mo mhuintir, mo chomharsana agus mo chairde. Ní haon áibhéil a rá go bhfuil níos mó de ghráin agam ar mo chás ná atá ag an diabhal ar an uisce coisricthe, ach le teann ceana agus measa orthu siúd atá luaite agam cén dul as atá agam?

Sin é an fáth nach bhfuil rud ar bith is mó a chuireann mo chuid fola ag coipeadh faoi láthair ná scéalta ina dtaobh siúd a dhéanann neamhaird den chomhairle, de na treoracha agus de na rialacha atá leagtha síos ar mhaithe leo féin, féin agus a bhfuil ina dtimpeall. An rian is fánaí den fhoréigean níl i mo chuisle, ach faoi seo tá crua á chur ar mo chuid foighde lá i ndiaidh lae gan rabharta maith de na bróga a mholadh dá leithéid.

Tá sé ionann is trí ráithe ó chuir mé cos thar tairseach sa teach ósta is ansa liom. San achar sin níl de dheis faighte ag an té ar leis é beagán saothrú a dhéanamh ach cúpla lá nó go mb’éigean dó dúnadh arís. Idir an dá linn tá cead a gcinn tugtha dóibh siúd atá ag díol leanna agus stuif níos láidre ná é amach trí fhuinneoga, in ollmhargaí agus i siopaí eischeadúnais. Á gceannacht uathu gan srian ó dhlí tá daoine a fheictear ag ragairneacht ar shráideanna poiblí mar aon le dream níos sine ná iad sin atá ag teacht le chéile faoi dhíon agus gan uathu ach leithscéal cóisireachta.

Go fiú nach bhfuil mo leathbhádóirí atá tugtha don spórt saor ó pheaca – tá tuiscint agam ar a gcuid ríméid nuair atá cúis leis, ach is bacach an leithscéal é sin ó thaobh na n-eachtraí mí-iompair mheargánta, leithleach atá feicthe againn le mí agus craobhacha ag drannadh lena ndeireadh. Ba chóir a rá gur i bhfad ó pháirceanna na himeartha a tharla an chuid ba mheasa acu.

Chuir a gcuid iompair agus siléig na ndaoine nár sheas rompu sláinte agus slite beatha an phobail i mbaol. I mbaol freisin cuireadh folláine imreoirí – amaitéaraigh den chuid is mó a mbíonn lá oibre le déanamh acusan freisin.

Tuigim gur ar an mionlach atá mé ag caint agus tá beagán sóláis le fáil as sin ach tháinig cuthach dearg orm ag tús na seachtaine nuair a léigh mé gur faoi dhó féin a sháraigh buíon imreoirí rugbaí mór le rá na rialacha agus iad roghnaithe ar fhoireann na mBarbarach a bhí le dhul ag imirt in aghaidh Shasana in Twickenham Dé Domhnaigh.

Bheadh aithne ar fud an domhain ar an 22 imreoir ar tugadh cuireadh dóibh imirt leis na Barbaraigh agus ar tugadh tuarastal seachtaine suas le €15,000 an duine dóibh mar aon le lóistín san achar sin in Óstán Grosvenor i Park Lane i Londain. Óstán cúig réalt é seo a bhfuil idir costas £350 agus £1,000 ar chodladh na hoíche.

Shamhlóinn áiteacha níos measa a bheith ann ina gcaithfeadh duine seal, fiú i ‘mbolgán daingnithe’ agus faoi rialacha Covid. Ní áirím an carnán airgid a bhí le fáil ag na himreoirí as agus le cur sa mullach ar a bpá seachtaine óna gcuid clubanna – tuairim leath-tháille na mBarbarach ar meán.

Cuirtear imreoirí rugbaí ardleibhéil faoi thástálacha sláinte go rialta agus ba cheart go mbeadh siad eolach go maith faoi seo acu ar chontúirtí an ghalair agus faoi na freagrachtaí atá orthu féin ina thaobh.

Is léir go raibh imní ar lucht eagair na hócáide faoi mheon intinne na mboc seo mar go raibh foireann slándála de chuid Aontais Rugbaí na Breataine ar dualgas in Óstán Grosvenor agus é de dhualgas orthusan a chinntiú go n-iompródh na himreoirí ‘gairmiúla’ seo iad féin mar ba chóir.

Níorbh shin a tharla faraor.

Faoi dhó féin a d’éalaigh cuid acu amach ag ithe agus ag ól – an chéad ghrúpa ar an Máirt agus gan caite san óstán acu ach oíche amháin agus ansin dosaen lá arna mhárach – iarchaptaen Shasana, Chris Robshaw ar dhuine acu, mar aon le Tom de Glanville a bhí ar phainéal na tíre sin i mbliana, Seán Maitland a bheadh ag imirt d’Albain in aghaidh na Breataine Bige inné murach a chuid bastúnachta agus Fergus McFadden, iar-imreoir na hÉireann agus Laighean.

D’fhág gach a ndearna na leibidí sin – ní mór a rá go raibh siad ann freisin nár sháraigh aon riail – go raibh ar an RFU an cluiche a chur ar ceal agus go mbeidh suas le £1 milliún le n-íoc ar ais acu leis na comhlachtaí teilifíse a bhí lena chraoladh.

Tá leithscéal gafa acu siúd ar fad a bhí ciontach – ba mhaith liom a rá céard a déarfainn leo a dhéanamh leis, ach bheadh sé ró-mhímhúinte.

Seans gur beag aird a thabharfadh siad orm ná ortsa ach an oiread mar gur léir gur i ‘mbolgán leitheadach’ dá gcuid féin a mhaireann a leithéidí agus go gceapann siad gur mór idir iad féin agus créatúir atá ar a mbionda go bhfanfaidh siad féin agus a mbaineann leo beo.

Ag an tráth seo mheasfá go mba dheacair a theacht ar an té nach bhfaigheadh locht orthu ach caith súil ar an dearcadh a bhí ag comhfhreagraí rugbaí an Sunday Times ar a n-iompar Dé Domhnaigh seo caite.

“And considering that the chief miscreants, men such as Chris Robshaw and Richard Wigglesworth are some of the most decent and committed men rugby has produced, I feel it very hard to condemn,” a deir Stephen Jones.

Tá suíochán sa ‘mbolgán leitheadach’ tuillte freisin ag Jones é féin . Gheobhaidh sé neart deiseanna ansiúd tuilleadh staidéir a dhéanamh ar ghnaíúlacht agus ar thiomantas an dream a dhiúltaigh sé a cháineadh. B’fhéidir go dtabharfaidh sé faoi deara freisin a gcuid sotail, a neamhaird ar rialacha agus a n-easpa tuisceana go bhfuil siadsan iad féin freagrach as sláinte agus as leas an chine daonna.

‘Aithníonn Tadhg Taidhgín’ a deir siad.

Fág freagra ar 'Tá seacht mí caite agam i mo mhanach Chnoc Mheilearaí agus tá deireadh na foighde caite agam…'

  • Donncha

    Sách ráite agat, a Mhártain.

  • Seán Míchaél ó Donnchadha

    Ráite go fíor agat, a Mhártain.

  • Grágán

    Cha raibh manaigh i gCnoc Mheilearaí beagnach trí chéad bliain ó shin.