Tá sé thar am tosaíocht a thabhairt d’íobartaigh ar Mhamón 

Gabhadh leithscéal easnamhach le daoine ar baineadh mí-úsáid astu agus iad óg, ach ní ghlanfaidh aon leithscéal an smál thuaidh agus theas 

Tá sé thar am tosaíocht a thabhairt d’íobartaigh ar Mhamón 

Lá dá saol a bhí geallta do na híobartaigh a d’fhulaing mí-úsáid in institiúidí cónaithe sa chéad seo caite. Mar a tharla, ba lá é a thug faoiseamh do roinnt ach gur mhasla i gceann na héagóra é do dhaoine eile. Lá a mhúscail ceisteanna faoi cé chomh cinnte is féidir a bheith go bhfuil na ceachtanna riachtanacha uilig foghlamtha faoi shábháilteacht páistí goilliúnacha.

Ar deireadh thiar, cúig bliana ó ordaíodh é, bhí na marthanóirí ar tugadh drochíde orthu chun leithscéal oifigiúil a fháil ó stát Thuaisceart Éireann; fuair cuid de na híobartaigh bás idir an dá linn. D’ordaigh an Breitheamh Anthony Hart an leithscéal mí Eanáir 2017 mar chuid dá thuairisc ar an bhfiosrú poiblí faoi mhí-úsáid sna hionaid chónaithe a raibh an stát, na hEaglaisí Caitliceacha agus Protastúnacha agus carthanachtaí ina bhfeighil ar feadh 73 bliain. 

Cé go raibh taithí ag daoine ar scéalta faoi dhrochíde, chuir an fhaisnéis a tháinig chun solais ag fiosrú Hart alltacht ar dhaoine. 

Bhí cruatan, bualadh, cruálacht fhisiciúil agus mhothúchánach, uirísliú, mí-úsáid ghnéis, uchtú ‘neamhoifigiúil’ agus easpórtáil chun na hAstráile i measc na n-uafás a d’fhulaing páistí. 

Thit Stormont go gairid tar éis fhoilsiú na tuairisce agus b’éigean d’eagraíochtaí éagsúla na n-íobartach tabhairt faoi fheachtais nua, cásanna cúirte fiú, sular tugadh aird orthu. Ba é Julian Smith, an tríú Státrúnaí a bhí i mbun rialtais le linn an fholúis in Stormont, an chéad duine a ghníomhaigh ar mhaithe leo. Rith sé reachtaíocht in Westminster chun cúiteamh a cheadú dóibh agus bhí sé de dhualgas ar Stormont athbhunaithe an leithscéal a dhéanamh, cuimhneachán a eagrú agus gach gné eile den tacaíocht a d’ordaigh an Breitheamh Hart a sholáthar. 

 I mí Eanáir i mbliana a gealladh an leithscéal oifigiúil. Dhéanfadh an Chéad-Aire agus an LeasChéad-Aire, Paul Givan, an DUP agus Michelle O’Neill, Sinn Féin, é ag searmanas in Stormont ar an 11 Márta. Faoi Mhárta níorbh ann don chéadaireacht ná don leas-chéadaireacht ó tharraing an DUP Paul Givan as oifig mar agóid in aghaidh an Phrótacail iarBhreatimeachta.

D’éagmais Feidhmeannais cinneadh gur airí atá fós in oifig a ghabhfadh an leithscéal. Ghlac ionadaithe ó shé cinn de na heagraíochta a rith na hionaid chónaithe páirt freisin, ceithre ord Caitliceach, an misean Anglacánach agus Barnardos. Bhí ceithre scór íobartach, agus daoine muinteartha le cuid acu atá básaithe, in Stormont don ócáid agus daoine eile ag faire ar líne ón Astráil, an Bhreatain Mhór, an Phoblacht agus áiteanna eile.

Chruthaigh na hairí go maith, Michelle McIlveen, Naomi Long, Nicola Mallon, Robin Swann agus Conor Murphy. Ba léir óna gcuid óráidí go raibh siad macánta nuair a dúirt siad go raibh an íde a fuair na daoine óga éagórach agus nach orthu a bhí an locht ach ar an gcóras a cheadaigh é agus a rinne faillí orthu. 

Sa mhéid is gur thug an leithscéal aitheantas agus creidiúint do na híobartaigh bhí siad sásta leis na polaiteoirí. B’fhacthas dóibh gur tháinig an t-aiféala ón gcroí.

Scéal eile ab ea é leis na hoird eaglasta. Shiúil cuid de na híobartaigh amach fad is bhí siúracha nó bráthair ag caint. Nuair a labhair na híobartaigh nó a ngaolta leis na meáin san Halla Mór in Stormont níos deireanaí bhí a míshástacht leis an Eaglais Chaitliceach soiléir. Bhí siad go hainnis, a dúirt Jon McCourt as Doire, ón eagraíocht, Marthanóirí an Iarthuaiscirt. Má ba é sin an leithscéal ab fhearr a d’fhéadfadh siad a thairiscint, ba bhocht an iarracht.

Leithscéal coinníollach, gan mothú, gan freagracht a bhí ann, ar sé. B’fhearr dóibh a gcuid a íoc leis an gciste cúitimh do na híobartaigh, dar leis. Bhí Margaret McGuckian ó Savia, a bhí gníomhach san fheachtas le 15 bliain den bharúil chéanna. Cháin daoine eile na siúracha ó ionad Nazareth i mBéal Feirste agus dúirt deirfiúr le fear atá básaithe go raibh briathra an ionadaí ó Bhráithre De la Salle doghlactha.

Díol suntais ab ea é gur chruthaigh an aicme pholaitiúil i bhfad níb fhearr ná na hoird Chaitliceacha. Is é a ndúshlán siúd sábháilteacht gach páiste a chinntiú feasta. Ach ba dhóigh le marthanóirí gur mhó leis na hoird leas corparáideach a n-eagraíochtaí ná leorghníomh, le briathar agus le gníomh, as a gcionta. 

Tá sé thar am an cur chuige sin a athrú, ceacht a cheapfadh éinne ba cheart a bheith foghlamtha i bhfad roimhe seo. Tá sé thar am tosaíocht a thabhairt d’íobartaigh ar Mhamón. 

Fág freagra ar 'Tá sé thar am tosaíocht a thabhairt d’íobartaigh ar Mhamón '