Tá sé thar am rún uafásach na bportach agus na ndumpaí a scaoileadh – ní binn béal ina thost i gcónaí

Caithfear rud éigin a dhéanamh le faoiseamh éigin a thabhairt do ghaolta na Disappeared ón gciapadh gan staonadh

Tá sé thar am rún uafásach na bportach agus na ndumpaí a scaoileadh – ní binn béal ina thost i gcónaí

Jean McConville

Ba cheart blúire ar bith eolais atá ag daoine faoi thaisí na n-íospartach a roinnt leis an gCoimisiún atá ag iarraidh iad a aimsiú. Fiú mura bhfuil ag duine ach mionrud beag fánach tharlódh gur giota tábhachtach den scéal é.

B’in í achainí Geoff Knupfer atá ag éirí as a phost mar phríomhfhiosraitheoir leis an gCoimisiún Neamhspleách um Aimsiú Taisí Íospartach. Tá Knupfer 74 bliain d’aois, ocht mbliana déag caite aige leis an gCoimisiún agus ardmheas ag teaghlaigh na marbh air. Ba chás leis go bhfuil taisí ceathrar de na híospartaigh fós ar iarraidh ach gheall sé go leanfadh an Coimisiún lena iarrachtaí, faoi cheannas Jon Hill a bhfuil taithí aige ar an obair.

Bunaíodh an Coimisiún i 1999, le hionadaithe a cheap rialtas na hÉireann agus rialtas na Breataine chun a theacht ar choirp na ndaoine a fuadaíodh, a maraíodh agus a cuireadh ar an gcúlráid le linn na dTrioblóidí, The Disappeared, mar a thugtar orthu. D’eascair an cinneadh an Coimisiún a bhunú as feachtas láidir a rith iníon le Jean McConville.

Baintreach le deichniúr clainne ab ea Jean McConville a d’fhuadaigh an tIRA Sealadach óna hárasán in iarthar Bhéal Feirste i 1972. Bheadh an Coimisiún ag brath ar eolas a fháil ón bpobal, faoi phribhléid; de réir dlí ní fhéadfaí an t-eolas a úsáid i gcásanna cúirte ná eolas a thabhairt d’aon áisíneacht faoi fhoinse an eolais.

Go dtí seo frítheadh taisí trí dhuine dhéag; ba é an Coimisiún a d’aimsigh 11 acu. Is iad an ceathrar nár frítheadh a dtaisí, Columba McVeigh as an Domhnach Mór i gcontae Thír Eoghain a bhí naoi mbliana déag d’aois nuair a chuaigh sé ar iarraidh i 1975; Robert Nairac, saighdiúir in Arm na Breataine a fuadaíodh i ndeisceart Ard Mhacha i 1977; Joe Lynskey iarmhanach Cistéirseach as iarthar Bhéal Feirste atá ar iarraidh ó 1972; agus Seamus Maguire, 26, as an Lorgain, contae Ard Mhacha, ar cuireadh a ainm le déanaí le liosta na ndaoine a bhfuil an Coimisiún ag iarraidh a dtaisí a aimsiú, é ar iarraidh ó 1973/74.

17 ar fad a bhí mar chúram ar an gCoimisiún. Fuadaíodh a bhformhór mór sa Tuaisceart agus maraíodh agus cuireadh ar an gcúlráid iad ó dheas den teorainn, i bportaigh, bogaigh nó tránna, i ngan fhios don saol. D’admhaigh an tIRA Sealadach go raibh siad freagrach as formhór na gcásanna, 13. Bhí an tINLA ciontach as ceann amháin agus níl sé soiléir cé a mharaigh triúr.

Bíonn an Coimisiún ag brath ar fhaisnéis ó dhaoine a raibh baint acu leis na huafáis; le himeacht aimsire tá sé deacair eolas cruinn a fháil. Ní hamháin go bhfuil roinnt daoine básaithe, a thuilleadh a bhfuil a gcuimhne mantach ach tá an tírdhreach athraithe i gcaitheamh leathchéad bliain, foraoiseacha curtha nó draenáil déanta.

Is truamhéalach an radharc é gaolta na marbh a fheiceáil ag láthair chuardaigh, ag súil go bhféadfaidh siad a nduine muinteartha a adhlacadh leis na deasghnátha cuí ar deireadh. Is truamhéalaí fós é iad a fheiceáil ag fanacht nuair a theipeann ar an gcuardach, ciapadh gan staonadh.

Sa bhfómhar seo caite chuardaigh an Coimisiún portach an Bhragáin, in aice le Scairbh na gCaorach i gcontae Mhuineacháin sa tóir ar thaisí Columba McVeigh. B’in é an séú cuardach, na saineolaithe ionann is cinnte go bhfuil siad ag tochailt san áit cheart ach b’éigean éirí as an tochailt de bharr na báistí i mí na Samhna. Tabharfar faoin obair arís go luath nuair a bheas an aimsir níos fóirsteanaí.

Cleachtas barbartha ab ea é. Maíodh gur maraíodh daoine toisc go raibh eolas á sceitheadh acu faoin IRA, líomhain nach bhféadfadh a bheith fíor i gcuid de na cásanna. Díol suntais ab ea an difríocht idir na maruithe ceilte agus an nós a bhí ag an IRA sna hochtóidí coirp a fhágáil in áit phoiblí nuair a bhíodh sceitheadh faisnéise curtha ina leith.

Cíbe réasúnaíocht a bhí taobh thiar den rúndacht maidir leis na daoine a fuadaíodh – náire nó imní go n-iompódh a lucht tacaíochta ina gcoinne – tá tost dochosanta anois. Ní féidir aon duine a thugann eolas a chúiseamh, níl a dhath le cailliúint acu. Tá sé thar am gach dícheall a dhéanamh chun rún na bportach agus na ndumpaí a scaoileadh; ní binn béal ina thost.

Fág freagra ar 'Tá sé thar am rún uafásach na bportach agus na ndumpaí a scaoileadh – ní binn béal ina thost i gcónaí'