Bhí an Rialtas an-chúramach agus fáilte á cur acu roimh mholtaí na Breataine faoi cén chaoi le déileáil leis an teorainn in Éirinn i ndiaidh an Bhreatimeachta, ach níor chuir lucht na hEorpa, ná na mórmheáin anseo, an fháilte theoranta féin roimh an scéal.
Deir na Sasanaigh arís nach dteastaíonn uathu go mbeadh seicphointí custam nó a leithéid le feiceáil in athuair ar oileán na hÉireann. Agus tá siad ag moladh socrú custam eatramhach leis an Aontas Eorpach ar fad le go mbeadh tuilleadh ama ann chun teacht ar shocrú fadtéarmach a d’oirfeadh dúinne agus dóibhsean.
Tá macalla sa mholadh seo den mhéid a bhí le rá ag an Taoiseach Leo Varadkar nuair a labhair sé i mBéal Feirste faoin ábhar seo le déanaí. Mhol sé socrú custam ar leith idir an Bhreatain agus an tAontas, cé gur thagair sé freisin do shocrú níos cuimsithí a thabharfadh aghaidh ar na deacrachtaí go léir.
Tá drochthionchar na nAontachtóirí ar rialtas na Breataine le tabhairt faoi deara sa gcáipéis a d’fhoilsigh rialtas na Breataine agus é curtha as an áireamh ag lucht Westminster go ndéanfaí monatóireacht chustam idir oileán na hÉireann ar fad agus an Bhreatain – an teorainn a aistriú go Muir Éireann, mar a deirtear.
Ar ndóigh seo é an socrú is éasca agus socrú é freisin a chosnódh Comhaontú Aoine an Chéasta. Bheadh ceannas polaitiúil na Sé Chontae fós ag an mBreatain go dtí go dtoileodh móramh ansin a mhalairt, ach bheadh saorghluaiseacht daoine is earraí ar fud na hÉireann gan aon bhac polaitiúil ó thaobh gnó ná eacnamaíocht de.
Mar an gcéanna tá sé curtha as an áireamh ag na Sasanaigh go mbeadh stádas speisialta ag an Tuaisceart i ndiaidh an Bhreatimeachta –stádas speisialta i leith an Aontais Eorpaigh nó, go fírinneach, leis an gcuid eile den tír.
Beidh sé deacair sa bhfadtéarma cloí leis an seasamh sin, mar is léir nach n-oibreoidh sé. Tá sé admhaithe ag leithéidí Vince Cable ó na Daonlathaigh Liobrálacha agus iarghobharnóir Bhanc Shasana, Mervyn King, go mbeadh aon teorainn in Éirinn ró-éadaingean agus gur bronntanas do lucht smuigleála a bheadh ann.
Mar sin féin, tá sé tábhachtach go ndéarfadh na Sasanaigh nach dteastaíonn uatha teorainn chrua a chruthú ar an oileán seo.
Agus is trua nach bhfuil aon aitheantas á thabhairt don ghné sin den scéal seo sa tráchtaireacht sna meáin is mó trácht. Tá an Irish Times agus an Irish Independent i ndiaidh ceap magaidh a dhéanamh de cháipéis Shasana faoin Tuaisceart, agus ar RTÉ bhíothas tarcaisneach dímheasúil faoi na moltaí – in ainneoin go rabhadar an-chosúil le moltaí an Taoisigh.
I ndáiríre, níl cuid mhaith de bhunaíocht an stáit seo sásta glacadh leis go mbeidh an Breatimeacht ann. Tá faitíos orthu go gcuirfeadh an Breatimeacht isteach ar shocruithe na hÉireann leis an Aontas – agus cuirfidh gan dabht – agus b’fhearr leo nach dtarlódh sé ar chor ar bith.
Mar sin, níl siad sásta breathnú go fabhrach ar aon mholadh a dhéantar ar mhaithe le Breatimeacht ciallmhar, mar is bunchreideamh acu nach bhfuil ciall ar bith leis an mBreatimeacht ar an gcéad dul síos.
Fágann sé sin nach féidir linn na féidearthachtaí atá ann a mheas i gceart.
Ach tá – sea, TÁ – an Breatimeacht ar an mbealach is caithfidh muid cibé deacrachtaí a chothódh sé dúinne a mhaolú chomh fada agus is féidir.
Dar liom féin, ar ndóigh, agus tá se ráite agam go minic, bheadh muid níos fearr as dá n-imeodh muid as aontas a bhfuil sé soiléir é a bheith ag iarraidh ollstát a dhéanamh de féin seachas aontas bunaithe ar an gcomhoibriú trádála is eacnamaíochta a bheadh inghlactha.
Ach fiú mura bhfuil ar intinn againn na deiseanna a bhronnann lagú an Aontais Eorpaigh orainn a thapú, ba chóir fós socrú a lorg ar an tuiscint go mbeidh an Breatimeacht ann: ní féidir é a shéanadh, is ní bheidh aon dul siar ar an gcinneadh.
Agus pé rud faoin bhfrithShasanachas atá múscailte sa dream nár léirigh aon tacaíocht don troid ó thuaidh in aghaidh na Sasanach nuair a bhí sí ar siúl, is páirtnéir tábhachtach trádála í an Bhreatain don tír seo, thuaidh is theas.
Agus ní cabhair ar bith an chaint dhiúltach ó fhear grinn na Parlaiminte, Guy Verhofstadt, atá ag iarraidh Breatimeacht crua le ceacht a mhúineadh d’éinne a leanfadh sampla na Sasanach, mar is muide is mó a gcuirfidh an toradh isteach orainn.
Ach má leanann muid leis an gcluiche seo ag caitheamh anuas ar na Sasanaigh agus gach moladh a dhéanann siad, is muide a bheidh thíos leis. Mar ar deireadh thiar is cuma leis na Sasanaigh cén socrú a dhéanfar faoi Éirinn.
Ní nós liom Fine Gael a mholadh, ach bhí an ceart ag Varadkar san óráid sin a thug sé i mBéal Feirste agus bhí an ceart ag Simon Coveney leis nuair a chuir sé fáilte, fiú fáilte chúramach theoranta féin, roimh an gcáipéis is deireanaí seo ó na Sasanaigh i dtaobh an Bhreatimeachta.