Tá sé thar am deis a thabhairt do mhuintir Luimnigh méara a thoghadh

Is éard atá á rá i bhfírinne le muintir Luimnigh: mair a chathair (agus a chontae) agus gheobhair méara...

Tá sé thar am deis a thabhairt do mhuintir Luimnigh méara a thoghadh

Vótáil muintir Luimnigh, Phort Láirge agus Chorcaí i bpobalbhreitheanna oifigiúla a reáchtáladh cheithre bliana ó shin.

Dhiúltaigh móramh beag i bPort Láirge agus i gCorcaigh do mholadh rialtais go dtoghfadh vótálaithe Méaraí go díreach, ach i Luimneach vótáil móramh beag (52.4 faoin gcéad) ina fhabhar.

Céard a tharla ó shin? Fiú má chuirtear an mhoill dhá bhliain a chuir an phaindéim ar gach saothar rialtais san áireamh, is ábhar suntais agus imní é an scéal ó shin:

Bealtaine 2019:  Gheall an Taoiseach Leo Varadkar lántacaíocht rialtais don chinneadh a rinne vótálaithe Luimnigh – deis chun dul chun cinn a dhéanamh sa chathair agus sa chontae a thug sé ar thoradh na vótála.

Meitheamh 2019: D’iarr an rialtas ar choiste comhairleach, ar a raibh ionadaithe ó Luimneach, moltaí faoi údarás an mhéara nua a chur faoina mbráid.

Iúil 2019: Thug an t-aire Rialtais Áitiúil agus Tithíochta Eoghan Murphy le fios go raibh treoir tugtha ag an rialtas dó reachtaíocht i gcomhair an phoist nua a dhréachtú. Bhí súil aige, a dúirt sé, go mbeadh an méara nua á thoghadh in 2021.

Feabhra 2020: Tar éis olltoghcháin, níor tairgeadh post d‘Eoghan Murphy sa chomhrialtas nua. D’éirigh sé as a phost mar Theachta Dála an bhliain dár gcionn.

Márta 2020: D’fhógair an rialtas dúnadh scoileanna agus dianbheartais eile chun cur in aghaidh an choróinvíris. Chuir ré na paindéime moill ar go leor saothair rialtais nach raibh práinneach.

Meitheamh 2020: Gheall clár an chomhrialtais go rithfí reachtaíocht a cheadódh dírthoghadh mhéara Luimnigh in 2021.

Meitheamh 2020: Chuaigh Peter Burke, aire stáit nua-cheaptha ó Fhine Gael, i mbun oibre ar dhréachtú na reachtaíochta a theastódh chun méara Luimnigh a thoghadh go díreach.

Aibreán 2021: Dúirt Peter Burke gur aontaigh an rialtas le “scéim ghinearálta” an bhille agus go raibh ranna rialtais éagsúla i gcomhairle le chéile maidir le freagrachtaí an mhéara nua.

Samhain 2021: Dúirt Peter Burke go raibh sé muiníneach go bhféadfaí toghchán a reáchtáil i 2022 chun méara Luimnigh a thoghadh.

10 Eanáir 2022: Dúirt Peter Burke go mbeadh “fíor-údarás” ag an méara dírthofa a thoghfaí dar leis uair éigin in 2022.

21 Eanáir 2022: D’fhógair an Taoiseach Micheál Martin nach raibh formhór na srianta ar shaol na tíre mar gheall ar an bpaindéim riachtanach feasta agus go gcuirfí ar ceal iad. “Is lá maith é an lá inniu,” a dúirt sé.

Bealtaine 2023: Sa Dáil, dúirt an Tánaiste Micheál Martin leis an Teachta Glas Brian Leddin ó Luimneach go bhfoilseofaí bille faoin méara nua i mí an Mheithimh (breis agus ceithre bliana tar éis na vótála i Luimneach).

8 Meitheamh 2023: Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar “go bhféadfaí” méara a thoghadh go díreach i mBaile Átha Cliath in éineacht leis na toghcháin áitiúla agus Eorpacha an bhliain seo chugainn.

Níl dáta socraithe fós le haghaidh toghadh mhéara Luimnigh.

Is é bun agus barr an scéil fhada thuas nach bhfuil aon eolas cruinn tugtha fós do mhuintir Luimnigh maidir le cumhacht an mhéara nua. Níor dúradh leo fós ach oiread cén t-idirdhealú a dhéanfar idir dualgais reachtúla an mhéara dhírthofa agus dualgais ranna stáit, áisíneachtaí stáit agus comhairleoirí cathrach agus contae.

Mar bharr ar an mí-ádh ní léir fós gur féidir le muintir Luimnigh fiú brath ar ghealltanais a thugann ionadaithe rialtais maidir le dáta an chéad toghcháin eile ná fiú maidir le foilsiú na reachtaíochta a theastaíonn roimhe sin.

Ní haon iontas é i bhfianaise an scéil fhada thuas gur dhúirt Brian Leddin leis an Tánaiste sa Dáil gur mian le daoine fios a bheith acu go bhfuil dearcadh dáiríre ag an rialtas ar an atheagrú bunúsach ar an gcóras rialtais áitiúil atá beartaithe i Luimneach.

Ní minic a chloiseann comhalta den rialtas míshásamh chomh follasach á chur in iúl ag Teachta Dála de chuid an rialtais.

Deirtear go minc sa tír seo go ndearna rialtas na Breataine praiseach den reifreann thall ar an mBreatimeacht in 2016 toisc nár cíoradh agus nár pléadh an rogha a bhí le déanamh i gceart roimh ré. Faraor, ba léir an easpa chéanna ullmhúcháin agus soiléireachta sular vótáladh ar cheist faoi mhéaraí dírthofa i gcathracha na Mumhan in 2019.

B’fhéidir go deimhin, dá mbeadh dualgais agus buntáistí an mholaidh leagtha amach agus pléite i gceart roimh ré, go vótálfaí ina fhabhar i gCorcaigh agus i bPort Láirge.

Rinne muintir Luimnigh rogha dhaonlathach. Is éard atá á rá i bhfírinne ag an státchóras leo ó shin: mair a chathair (agus a chontae) agus gheobhair méara. Uair éigin.

Ní maith le polaiteoirí cumhacht ná toghchán a chailliúint riamh ach tá sé thar am ag an rialtas meas mar ba chóir a léiriú ar an rogha a rinneadh cois Sionainne breis agus ceithre bliana ó shin.

IARNÓTA TÉARMAÍOCHTA: Tugtar an focal céanna Gaeilge ‘pobalbhreith’ ar dhá fhocal i dteangacha eile, cé gur léir an difríocht eatarthu.

Is léir nach ionann opinion poll (nó i bhFraincis sondage d’opinion agus i nGearmáinis meinungsumfrage) agus plebiscite (nó i bhFraincis plébiscite agus i nGearmáinis völksabstimmung), ach úsáidtear an focal céanna ‘pobalbhreith’ mar aistriúchán orthu i nGaeilge.

B’fhearr dá mbeadh dhá fhocal sa Ghaeilge freisin: pobalbhreith ar opinion poll, abair, agus vóta díreach nó dírvóta ar plebiscite.

Fáilte roimh mholtaí eile!

Fág freagra ar 'Tá sé thar am deis a thabhairt do mhuintir Luimnigh méara a thoghadh'

  • Neamhchinnteacht

    ‘Pobalmholadh’ seachas ‘pobalbhreith’, b’fhéidir? Tá sé níos cuí i gcás Luimnigh ach go háirithe :)

    Dála an scéil, is iontach an rud anailís polaitíochta a léamh mar gheall ar an gceantar sin. Grmagat.