Thosaigh an rince iarthoghcháin breis agus coicís ó shin. Faraor níl tuairim ag na rinceoirí ná ag an lucht féachana fós cén uair a chríochnóidh sé ná cé a bheas i dteannta a chéile ina dhiaidh.
Go deimhin, níl an damhsa dáiríre tosaithe in aon chor. Cuir meafar an rince i leataobh agus is ionann sin agus a rá nach bhfuil margadh comhrialtais pléite fiú amháin ag páirtithe a mbeadh sé ar gcumas a leithéid de mhargadh a chur i bhfeidhm.
Is í neamhthoil Fhine Gael agus Fhianna Fáil aghaidh a thabhairt ar mhórathrú an tsaoil pholaitiúil is cúis, thar aon rud eile, leis an tsáinn gan leigheas atá romhainn, sa ghearrthéarma ar a laghad. I mbeagán focal, tá an dá pháirtí ag séanadh na fírinne, ainneoin an scéil a léiríonn na figiúirí:
Céatadán Iomlán Fhine Gael agus Fhianna Fáil de vótaí céadrogha Olltoghcháin 1969-2020
1969: | 79.8 % |
1973: | 81.3% |
1977: | 81.1% |
1981: | 81.8% |
1982 (1): | 84.6% |
1982 (2): | 84.4% |
1987: | 71.3% |
1989: | 73.5% |
1992: | 63.6% |
1997: | 67.3% |
2002: | 64.0% |
2007: | 68.9% |
2011: | 53.5% |
2016: | 49.9% |
2020: | 43.1% |
Mar is léir ón tábla thuas, vótáil os cionn 70% de thoghthóirí an stáit d’Fhianna Fáil nó d’Fhine Gael idir 1969 agus 1989. Go deimhin, bhí céatadán iomlán an dá pháirtí os cionn 80% idir 1973 agus 1982.
Is i 1992 a thosaigh an meath leanúnach atá ag lagú an dá pháirtí ó shin. Tar éis bhunú an Pháirtí Dhaonlathaigh (nach maireann), níor vótáil ach 73.5% don dá pháirtí in olltoghchán na bliana sin. Tháinig laghdú tubaisteach eile ar sciar iomlán na bpríomhpháirtithe de na vótaí céadrogha in olltoghchán 1992, nuair nár thug ach 63.6% vóta céadrogha dóibh.
D’éirigh leis an dá pháirtí a gcéatadán iomlán de vótaí céadrogha a choinneáil os cionn 70% go dtí 2007, nuair a thit sé go dtí 68.9%. Thit an céatadán daoine a thug vóta céadrogha do cheann den dá pháirtí faoi bhun 60% in 2011 agus faoi bhun 50% i 2016.
Sa stát inar thug ceathrar toghthóirí as gach cúigear vóta céadrogha d’Fhine Gael nó d’Fhianna Fáil i ngach olltoghchán go dtí 1989 níl ach beagán le cois beirt as gach cúigear ag tacú leo anois. Ainneoin chlaonadh soiléir na bhfigiúirí, áfach, tá ceannairí an dá pháirtí ag caitheamh lena chéile agus leis an bpobal amhail is go bhfuil siad fós chomh láidir agus a bhí sa tseanré.
Ní féidir le Micheál Martin agus Leo Varadkar rialtas seasmhach a bhunú le chéile fiú má thoilíonn siad faoi dheireadh comhoibriú lena chéile. Bhí comhrá acu lena chéile Dé Máirt ach is cosúil agus an colún seo á scríobh nach gcasfar ar a chéile arís iad roimh an dara cruinniú den 33ú Dáil, a bheidh ar siúl Déardaoin seo chugainn. Idir an dá linn tá siad ag caitheamh anuas ar Shinn Féin i gcónaí ar chúiseanna nach gá a áireamh anseo arís.
Níl sa tairngreacht seo a leanas ach buille faoi thuairim, ach is féidir a bheith cinnte go n-aontódh go leor daoine stuama leis.
Mura mbíonn Sinn Féin i gcomhrialtas le páirtí nó páirtithe eile roimh an gcéad olltoghchán eile, beidh siad i gcomhrialtas leo ina dhiaidh.
Is chun tairbhe do Shinn Féin a rachaidh diúltú Fhine Gael agus Fhianna Fáil fiú deiseanna comhrialtais a phlé leo. Is chun leas Shinn Féin freisin a bheadh an tréimhse chomhrialtais in éineacht leis na Glasaigh atá á beartú go mall agus go drogallach ag Fianna Fáil agus Fine Gael faoi láthair.
Tá lagmhisneach agus éidreoir an dá pháirtí chomh dona sin faoin am seo nach léir dóibh conas éalú ón duibheagán atá rompu.
Ach is measa agus is tábhachtaí cruachás na tíre.
Tá an coróinvíreas ag teannadh linn. Tá drochthuilte ag bagairt ar phobal abhantrach na Sionainne arís. Tá na Sasanaigh ag tabhairt leideanna go gcuirfidh siad margadh Breatimeachta Thuaisceart Éireann i leataobh má ligtear dóibh bob a bhualadh ar an Aontas Eorpach.
Tá rialtas de dhíth, agus is gá deireadh a chur leis an gcur amú ama agus leis an gcur i gcéill, i bhFine Gael agus i bhFianna Fáil, go háirithe.
Fág freagra ar 'Tá sé thar am ag Fine Gael agus ag Fianna Fáil éirí as an moilleadóireacht'