‘Tá sé sin rómhór, Mamaí,’ ar sí, agus, agus d’imigh i bhfolach faoin mbord

Tá an Cailín Mór Beag agus Beainín na Naíonán Beag ag campa spóirt agus dúradh lenár gcolúnaí go gcaithfeadh siad cosaint fiacla a chaitheamh don pheil

‘Tá sé sin rómhór, Mamaí,’ ar sí, agus, agus d’imigh i bhfolach faoin mbord

‘An bhfuil siad seo ar fáil in aon tomhas eile?’ a d’fhiafraigh mé den chailín ag an scipéad agus thaispeáin mé an chosaint fiacla di a bhí tógtha ón tseilf agam. ‘Aois 11 agus faoi’ a bhí scríofa air.

Tá an Cailín Mór Beag agus Beainín na Naíonán Beag ag campa spóirt agus dúradh liom go gcaithfeadh siad cosaint fiacla a chaitheamh don pheil.

Bhreathnaigh mé thart go bhfeicfinn an raibh aon cheann ar an tseilf a dúirt ‘Aois 6 agus faoina bun’ nó ‘Gobán do chlabanna beaga’, nó a leithéid, ach bhí an chuma air nach raibh aon rud eile ar fáil.

Rinne mé staidéar ar an gcosaint fiacla atá ar fáil ar an margadh don pháiste óg atá, ‘Aois 11 agus faoi’.  Bhí amhras orm an mbeadh An Cailín Mór Beag in ann… Uimhir a hAon: é a chur ina béal beag ná mór.

Agus… Uimhir a Dó: dá n-éireodh linn é a chur ina béal, nach dtachtfadh sé í.

Ó tharla nach bhfuil aon fhiacail tosaigh aici faoi láthair ar aon nós, níl mórán údair aici do chosaint fiacla. Ach le bheith féaráilte, is iontach an rud é go bhfuil an campa spóirt ag déanamh imní d’fhiacla na bpáistí.

Is dóigh go raibh a dóthain faighte ag bean an tsiopa de cheisteanna faoi chosaint fiacla.

“Aois a 11 agus faoi, a deireann sé?” a dúirt sí mar fhreagra ar mo cheist agus ní raibh mé cinnte amach is amach cén cheist a bhí á cur aici orm.

‘Ach, an bhfuil aon rud níos lú ann?” a d’fhiafraigh mé di.

‘Caithfidh tú é a bhruith?” a d’fhiafraigh sí díom.

‘Ehhhhh?’ a dúirt mé.

“Ach is don chailín seo atá sé agam,” a dúirt mé agus mé ag díriú a haird ar an gCailín Mór Beag. ‘Breathnaigh chomh beag léi, an bhfuil tú a cheapadh go mbeidh sé seo ceart aici?’

“Aon déag agus faoina bhun’, atá scríofa air?” a d’fhiafraigh sí díom.

Ní raibh aon rogha agam ach péire acu a fháil. Theastaigh siad don champa lá arna mhárach. Tharla freisin go bhfuil fiacla tosaigh ag Beainín na Naíonán Beag agus sílim go bhfuil sí ceanúil orthu.

Thóg mé an gobán amach as an bpacáiste nuair a tháinig muid chomh fada leis an teach agus thosaigh ag léamh na dtreoracha.

Ní fhéadfainn a bheith cinnte nach raibh an páipéar mícheart curtha ag an gcomhlacht sa bpacáiste is nach oideas bandraoi nó ailceimiceora a bhí faighte agam trí thimpiste.

Ocht gcinn de chéimeanna a bhí i gceist. Faigh sáspan, faigh uisce, cuir an t-uisce ar fiuchadh, bain den teas é, cuir faoin sconna é, cos isteach, cos amach, cas timpeall, léim suas, suigh síos, caoch do shúil…

‘Ok, oscail do bhéal,’ a dúirt mé leis an gCailín Mór Beag nuair a bhí na treoracha draíochta ar fad curtha i gcrích agam agus mé réidh do chéim a seacht. ‘Cuir an chosaint fiacla i do bhéal.’

‘Eh?’ a dúirt sí agus bhreathnaigh sí orm agus amhras uirthi.

‘Tá sé sin rómhór, Mamaí,’ a dúirt sí, agus, go ciallmhar, d’imigh i bhfolach faoin mbord.

Fág freagra ar '‘Tá sé sin rómhór, Mamaí,’ ar sí, agus, agus d’imigh i bhfolach faoin mbord'

  • Máthair

    Ghearr mé féin suas iad, a Bhridget, na rudaí gránna móra. Buíochas le Dia, chaith na cailíní s’againne an pheil in aer. Ag troid is ag réabadh a bhíonn siad anois mar spórt, caitheamh aimsire níos tairbhí i bhfad.