Tá an oiread cásanna cúirte, fíosrúcháin agus achomhairc ar siúl i bpolaitíocht Mheiriceá faoi láthair go gcuirfeadh sé mearbhall ort. Obair lánaimseartha is ea coinneáil leis an méid atá ag tarlú, go háirithe an fhad agus a bhaineann leis an 91 cúis in aghaidh Donald Trump.
Bhí an tseachtain seo cinniúnach sna cásanna sin mar gur cuireadh cás i láthair na Cúirte Uachtaraí a chiallódh dá nglacfaí le tuairim cúirte i stát Colorado nach bhféadfaí ainm Donald Trump a scaoileadh ar an bpáipéar vótála. Chinn an chúirt i gColorado roinnt seachtainí ó shin – bunaithe ar an gceathrú leasú déag den bhunreacht – nach bhféadfadh Trump a bheith ar na páipéir bhallóide sa Stát mar gur ghlac sé páirt nó gur thacaigh sé le héirí amach in aghaidh an rialtais.
Tá sé níos casta ná sin, áfach, mar a léirigh an éisteacht sa gcúirt uachtarach Déardaoin. Chaithfeadh sé a bheith ina “oifigeach de chuid an Stáit” le linn an éirí amach. An raibh Trump ina oifigeach de chuid an stáit ar an 6 Eanáir? Bhí an toghchán uachtaránachta caillte aige agus b’in an lá céanna go raibh an chomhdháil ag dearbhú gurb é Joe Biden an tUachtarán nua.
An cheist eile, a tharraing go leor cainte sa gcás ná cumhacht Theach na Comhdhála a rá nach mbaineann an ceathrú leasú déag leis an té atá á chúisiú. Idir gach ní ba léir go raibh na breithiúna ag géilleadh níos mó d’argóintí dhlíodóirí Trump gur cheart é a fhágáil sa rás. Nó go mbeidh toradh i mí na Samhna ar aon nós. Agus ag glacadh leis go mbeidh an bua aige. Tá súil le breithiúnas na cúirte sna seachtainí seo romhainn.
Idir an dá linn, an lá céanna d’fhoilsigh an t-abhcóide speisialta a bhí i mbun fiosraithe ar Joe Biden tuarascáil a chaithfeadh an-dochar a dhéanamh don uachtarán. Dúirt Robert Hur gur choinnigh Joe Biden cáipéisí rúnda ina sheilbh tar éis dó críochnú mar leas-uachtarán in 2017. Ar ndóigh tá Donald Trump á chúisiú i Florida faoi cháipéisí rúnda a bheith coinnithe aige féin i Mar-a-Lago. Cuirfear ar a thriail é sa mBealtaine.
Ar bhealach, ba chuma faoi na cáipéisí. An buille ba mheasa do Biden an breithiúnas a thug an t-abhcóide speisialta nárbh fhiú cúiseanna a thabhairt ina aghaidh mar go bhfuil sé sean agus deacrachtaí aige lena chuimhne, rud a shéan sé go láidir. Chuirfeadh an tUachtarán é féin i láthair mar sheanfhear lách a bhfuil droch-chuimhne aige.
Agus sin é. Ráite go hoifigiúil ag dlíodóir a bhí ceaptha ag an Roinn Dlí agus Cirt. Tá Joe Biden sean agus dearmadach. An dá chúis imní is mó atá ar phobal na Stát Aontaithe faoi.
Má chinneann an Chúirt Uachtarach nach bhfuil aon bhunús leis na hargóintí Trump a thoirmeasc mar iarrthóir, tá cuidiú mór tugtha ag Robert Hur dó an tseachtain seo fad is a bhaineann sé le filleadh ar an Teach Bán faoi Shamhain.
WTF
‘seanfhear lách’ nó búistéir atá lántsásta gach cúnamh mílteata, airgeadais, síceolaíoch agus taidhleoireachta a sholáthar do Iosrael?