‘Tá sé práinneach, Mamaí, tá sé an-phráinneach actually’ 

Níor cheart aon rud a shaighneáil go dtí go bhfuil sé léite go mion agat

‘Tá sé práinneach, Mamaí, tá sé an-phráinneach actually’ 

Deirtear nár cheart aon rud a shaighneáil go dtí go bhfuil sé léite go mion agat agus fios agat céard leis go díreach a bhfuil tú ag aontú  nuair a chuireann tú do scráib le conradh scríofa.

Ní hé nach raibh an chomhairle sin ar eolas agam an oíche cheana nuair a shínigh mé an conradh a shín An Babaí chugam, ach tháinig sé  aniar aduaidh orm agus tá an páipéar saighneáilte anois agam agus m’fhocal tugtha. Níl mé baileach cinnte céard leis a d’aontaigh mé.

I mo shuí san oifig sa mbaile ag iarraidh cúpla rud a chríochnú amach sa tráthnóna a bhí mé nuair a chuala mé cnag ar an doras. Sháigh an Babaí a chloigeann isteach. ‘An bhfuil tú gnóthach, Mamaí?’ a d’fhiafraigh sé díom.

‘Tá,’ a dúirt mé, ‘tá mé ag obair faoi láthair.’

‘Ó!’ a dúirt sé agus lean air isteach sa seomra. Bhreathnaigh sé anonn ar scáileán an ríomhaire.

‘An bhfuil tú ag imirt cluiche ar an ríomhaire?’ a d’fhiafraigh sé díom. ‘Níl,’ a deir mé. ‘Tá mé ag déanamh ruainnín oibre, an gcreidfeá é sin?’ a d’fhiafraigh mé dhe.

‘Hmmm,’ a deir sé is é ag déanamh grinnstaidéar ar scáileán an ríomhaire. Ba léir nár chreid sé mé is go raibh sé den tuairim go raibh mé ag imirt cluichí ríomhaire taobh thiar dhá droim is ag ligean orm féin gur ag obair a bhí mé.

‘An bhfuil sé seo práinneach?’ a d’fhiafraigh mé dhe, ‘mar tá mé ag iarraidh é seo a chríochnú agus beidh mé in ann a bheith ag caint leat ina dhiaidh sin.’

Thug mé faoi deara ansin go raibh píosa páipéir ina láimh aige. ‘Tá sé práinneach, Mamaí, tá sé an-phráinneach actually.’ 

Chas mé timpeall agus thug mé aird air. ‘Abair leat mar sin,’ a dúirt mé, ‘ach bí sciobtha.’

‘Beidh mé an-sciobtha, Mamaí,’ a deir sé, ‘an bhfuil tú in ann an contract seo a shaighneáil agus gabhfaidh mé amach arís.’

Chroch sé bileog suas san aer agus shín sé chugam é. Ansin shín sé crián dearg chugam freisin. Phointeáil sé ar thicbhosca beag a bhí tarraingthe ar choirnéal an pháipéir, ‘Féadfaidh tú tic a chur ansin,’ a mhínigh sé, ‘agus scríobh d’ainm anseo,’ agus é ag pointeáil lena thaobh, ‘agus beidh mé ag imeacht.’

Contract?’ a dúirt mé. ‘Cén sórt contract?’ a d’fhiafraigh mé dhe agus siar bainte asam.

Chuimhnigh mé ansin go mb’fhéidir gurbh fhearr dom staidéar de chineál éigin a dhéanamh sula ndéanfainn tada eile. Bhreathnaigh mé síos ar an mbord áit a raibh an conradh leagtha.

An chéad rud a chonaic mé ná pictiúr tarraingthe d’ainmhí nua-chumtha a bhí cosúil le tíogar measctha le róbat measctha le cat agus dath gorm air.

Bhí an pictiúr den róbat-tíogarchat i lár na bileoige agus an t-aon bhrí a bhí mé in ann a bhaint as ná go mb’fhéidir go raibh cat aimsithe aige in áit éicint is go raibh sé ag iarraidh é a choinneáil mar pheata agus ag iarraidh ormsa an conradh a shíniú i ngan fhios dom féin.

Is fiú dom a lua go bhfuil feachtas leanúnach ar bun aige fhéin agus a deirfiúracha agus iad ag iarraidh gadhar mar pheata. An raibh siad a cheapadh gur sórt túsdruga a bheadh sa gcat don úinéireacht peata? Cat ar dtús ansin gadhar? Arb in a bhí ar bun aige?

‘Céard le haghaidh an cat?’ a d’fhiafraigh mé dhe.

‘Cén cat?’ a deir sé.

‘An cat gorm sin atá i lár an leathnaigh agat.’ a deir mé.

‘Ó!’ a deir sé. ‘Níl aon bhaint aige sin leis an gcontract.’

Fág freagra ar '‘Tá sé práinneach, Mamaí, tá sé an-phráinneach actually’ '