Tá sé os cionn naoi mí fhada ó chonaic mé cluiche iomána le mo dhá shúil féin…

Súil siar ar 2020? Bhain an t-eagarthóir oiread sin de gheit asam go raibh an cheist curtha an dara huair aige sula raibh mé in ann freagra a thabhairt…

Tá sé os cionn naoi mí fhada ó chonaic mé cluiche iomána le mo dhá shúil féin…

Ronan Maher agus Cian Darcy le Conor Cooney agus Conor Whelan. Pictiúr: INPHO/Tom O'Hanlon

Murach go raibh a fhios agam pubanna na hÉireann ar fad a bheith faoi ghlas cúpla seachtain ó shin nuair a ghlaoigh an tEagarthóir orm, thabharfainn an leabhar go mba i dteach an óil a bhí an lá caite aige agus b’fhéidir an ceann roimhe freisin.

“Aon seans go scríobhfá píosa faoi mhóreachtraí spóirt na bliana atá ionann is caite mar ab fhacthas duit iad?,” a deir sé gan cás ná náire. Bhain sé oiread sin de gheit asam go raibh an cheist curtha an dara huair aige sula raibh mé in ann freagra a thabhairt.

“Meas tú nach mbeadh sé níos áisiúla don bheirt againn dá scríobhfainn ar chúl stampa é agus é a chaitheamh isteach san oifig ansin agaibh seachas a bheith ag ídiú leictreachais le ríomhairí agus wifi,” a deirimse agus mo chroí dubh le trua dom féin.

Tá sé os cionn naoi mí fhada ó chonaic mé cluiche iomána le mo dhá shúil féin – seachtain roimh Lá‘l Pádraig nuair a fuair Gaillimh an lámh in uachtar ar Thiobraid Árann i mBóthar na Trá (3-21, 3-13).

Nach gearr a thóg sé ar an Eagarthóir groí dearmad a dhéanamh ar a raibh d’aislingí ag imeacht trí m’intinn ar mo bhealach amach as Páirc an Phiarsaigh an lá úd, dhá chúl scóráilte ag Conor Whelan, agus 0-14 ag Evan Niland a raibh cúram na mbuillí saora air siocair Joe Canning a bheith gortaithe.

Ar cheann acu bhí go ndéanfaidís amhlaidh arís nuair a thiocfadh Cluiche Ceannais na hÉireann – níorbh é Covid-19 leis féin a chur de mo bhuille sa gceann sin mé.

Ní mór a dhul níos faide siar arís le theacht ar an uair dheireanach a raibh mé i láthair ag iomaíocht in aon spórt eile, cé is moite de cheathrú huaire de chluiche sóisearach peile a luaigh mé anseo cheana.

Níor leag mé mo chos ar an mBóthar Beag ó bhuaigh Connachta ar na Cardiff Blues ann lá tar é Lá‘l Vailintín. De réir a chéile cuireadh mo chuid aislingí agus na rudaí a raibh mé ag súil leo ar an méar fhada, rud a d’fhág mé chomh sleabhctha le balún Nollag a bheadh fágtha crochta de dhearmad agus a chomrádaithe bainte anuas le trí seachtaine.

É siúd féin, is féidir é a bhaint anuas agus cúpla puth a chur arís ann sa gcaoi agus go bhfeabhsóidh a chuma.

Le fírinne bhí scaití ann nuair a rinne an teilifís a dhícheall beagán gaoithe a chur ar ais i mo chuid seolta. Fós tuigeann an chuid is mó agaibh nach bhfuil ansiúd i ndeireadh dála ach sop in áit na scuaibe.

Bhuaigh Willie Mullins, Paul Townend agus J.P. McManus na gradaim a bhí ag dul don traenálaí, don mharcach agus don úinéir ab fhearr in Cheltenham. Ba chapaill atá á dtraenáil in Éirinn a bhuaigh 6 cinn de na 7 rása a ritheadh an lá deiridh – an Corn Óir ina measc. Ina dhiaidh sin féin bhí smál de chineál éicint ag baint leis mar go raibh a fhios agat i do chroí istigh go mba chirte an fhéile a bheith curtha ar athló.

De réir a chéile ba é sin a bhí i ndán do mhórán gach iomaíocht eile, ina measc an ócáid spóirt is mó dá bhfuil ann – Na Cluichí Oilimpeacha.

Bhí sólás de chineál le baint as an teilifís céanna nuair a ceadaíodh filleadh ar an imirt, ach go dtí seo ar chuma ar bith, chinn ar mo chroí-sa téamh ag breathnú ar choimhlintí a bhíonn ar siúl i staideanna móra folmha.

Katie Taylor vs Miriam Gutierrez. Pictiúr: INPHO/Matchroom Boxing/Mark Robinson

Fiú agus rudaí mar atá, caithfidh mé a admháil gur bhain mé an-solamar as bua Katie Taylor ar Miriam Gutierrez. Is beag a bhí sa troid féin gur fiú trácht air mar go raibh Katie i bhfad níos fearr ná an Spáinneach, ach is deas an rud é a fheiceáil go dtuigeann na meáin idirnáisiúnta faoi seo gur go hannamh a fheictear trodaí bhfuil an cumas céanna ann nó inti agus atá i Taylor. Seachtain ó shin bhronn Cumann Scríbhneoirí Dornálaíochta na Stát Aontaithe gradam na mban ar Katie don dara bliain as a chéile.

Bhí an dá ócáid inar bhuaigh Tiobraid Árann agus an Cabhán craobhacha peile a gcúigí thar cionn freisin. Arís ní móide gur ar an imirt a chuimhneoidh duine amach anseo, ach ar an gcaoi ar chorraigh a ngaiscí croíthe na mbuaiteoirí agus ar an tocht a bhí ina nglórtha agus iad faoi agallamh.

Ba é an dara leath den bhabhta leathcheannais iomána idir Port Láirge agus Cill Chainnigh buaic imeartha na bliana sa gcluiche sin. Is iomaí sin spórt foirne timpeall na cruinne. Fós ní cheapfainn in aon cheann acu gur sáraíodh an t-ocras, an fuinneamh, an díocas ná an scil a léirigh na Déisigh sa leath sin. Cá raibh sin sa gcluiche ceannais? Sin scéal eile.

“There’s more to life than romance” a dúirt feilméara an Chabháin leis an ‘tarbh government’ fadó agus é á chur faoin gcéachta. Ní leis an spórt amháin a bhaineann saol an lae inniu ach an oiread.

Chomh fada agus a bhaineann sé liomsa, siad ‘Laochra 2020’, na daoine i mo theaghlach, mo bhaile, mo pharóiste, mo thír agus go deimhin ar fud an domhain a sheas an fód in aghaidh an namhad. Go háirithe iad siúd a chumhdaigh, a chothaigh agus a thug cosaint don dream nach raibh chomh hóg ná chomh folláin leo féin.

Go mba fada buan iad.

Fág freagra ar 'Tá sé os cionn naoi mí fhada ó chonaic mé cluiche iomána le mo dhá shúil féin…'