Tá sé luath fós ag Fine Gael a bheith chomh caithréimeach agus atá…

Tá obair mhór le déanamh ag Fine Gael go fóill, é sin nó caithfidh siad tosú ar pháirtnéirí eile a lorg…

An Taoiseach Enda Kenny. Pictiur: Sam Boal/Rollingnews.ie 
An Taoiseach Enda Kenny. Pictiur: Sam Boal/Rollingnews.ie

In ainneoin gur thug Enda Kenny uaidh ceann de na hóráidí ba leimhe is ba neamhfhuinniúla a tugadh ag Ard-Fheis riamh, bhí muinín láidir le tabhairt faoi ndeara i measc na dtoscairí ag Ard-Fheis Fhine Gael san Óstán Citywest i mBaile Átha Cliath ag an deireadh seachtaine. Bhí sé le mothú ann go gcreidtear go n-éireoidh leis an bpáirtí den chéad uair riamh post an Taoisigh a bheith acu in dhá rialtas i ndiaidh a chéile.

B’fhéidir go bhfuil Enda Kenny ag éirí tuirseach den tsíorchaint faoi théarnamh an gheilleagair a scrios Fianna Fáil, ach ba bheag a bhí le rá aige a spreagfadh an chaithréim úd a dúradh leis an Ard-Fheis a sheachaint.

Mar sin féin, ag scrúdú na bhfigiúirí dúinn tá sé deacair a shamhlú cén chomhghuaillíocht a bheadh in ann an chreach sin a bhaint díobh?

Tá Fianna Fáil nach mór ag rá nach ndéanfaidh siadsan iarracht malairt rialtais a chur le chéile. Ní fhéadfaidís a leithéid a dhéanamh gan Sinn Féin agus tá faitíos an domhain orthu socrú a dhéanamh leosan fiú dá mbeadh Sinn Féin sásta socrú a dhéanamh le Fianna Fáil.

Tá an eite chlé ró-lag is ró-neamhaontaithe faoi láthair le go mbeadh siadsan in ann rialtas a bhunú gan cleamhnas a dhéanamh le páirtí ar an eite dheis.

Ní cúis iontais mar sin sotal Fhine Gael ag an Ard-Fheis – agus b’fhéidir gurb í an easpa roghanna seo ba chúis leis an easpa beochta a bhí ann chomh maith.

Ach más fíor do na pobalbhreitheanna, is mura dtagann ardú mór ar thacaíocht pháirtithe an rialtais faoi lá an toghcháin féin, níl an scéal a leath chomh cinnte ná a leath chomh soiléir, is a cheapann baill Fhine Gael é a bheith.

I bhfianaise pobalbhreitheanna éagsúla le tamall anuas, beidh Fine Gael chun tosaigh ar na páirtithe eile, ach bheadh ag éirí go maith leo níos mó ná 54 suíochán a bhaint amach. 

De réir na bhfigiúirí céanna is ar éigean go n-éireoidh le Páirtí an Lucht Oibre deich gcinn de shuíocháin a fháil. D’fhágfadh toradh mar sin go mbeadh páirtithe an rialtais 15 shuíochán gann ar mhóramh.

Mar sin tá obair mhór le déanamh ag Fine Gael, é sin nó caithfidh siad tosú ar pháirtnéirí eile a lorg.

Agus sin í an cheist nach bpléitear (go poiblí ar aon chuma): cé hiad na páirtnéirí eile sin?

In ainneoin chur i gcéill Mcheál Martin, go bunúsach is beag difear idir Fine Gael agus Fianna Fáil.  Baineann na deacrachtaí idir an dá pháirtí maidir le teacht le chéile leis an stair agus leis an tionchar a bheadh ag an gcleamhnas ar lucht tacaíochta an dá pháirtí.

Tá a fhios go maith ag Fianna Fáil go ndéanfadh aon réiteach rialtais le Fine Gael dochar dóibh, ach tá sé deacair a shamhlú nach mbeadh Fine Gael féin thíos lena leithéid de shocrú freisin.

Cé eile atá ar fáil d’Fhine Gael mar sin?

Tá bearna idé-eolaíochta ó thaobh polasaithe rómhór idir Fine Gael agus Sinn Féin, agus is amhlaidh an scéal leis an gComhghuaillíocht in aghaidh na Déine agus le Daoine Roimh Bhrabús.

Chun áit a dhaingniú dóibh féin i saol na polaitíochta, bheadh na Daonlathaigh Shóisialacha ag iarraidh go ngéillfeadh Fine Gael maidir le polasaí cánach – praghas is dócha a bheadh ró-ard d’Fhine Gael caithréimeach.

Ina dhiaidh sin, seans maith go dtoghfar deichniúr neamhspleách den eite chlé, ach cé go mbeadh cuid acu sásta socrú ar bith a dhéanamh is ar éigean go dtiocfadh deichniúr acu ar réiteach.

Fágann sé sin Renua agus neamhspleáigh den eite dheis. Fiú dá mbeadh lá iontach acu is deacair a shamhlú go mbeidh níos mó ná deichniúr Teachtaí Dála ann idir Renua agus neamhspleáigh ar nós Michael Lowry is Noel Grealish.

Mar sin féin, dá n-éireodh le Páirtí an Lucht Oibre idir seacht is deich suíochán a fháil bheadh sé indéanta comhrialtas a chur ar bun le Renua agus na neamhspleáigh ar an eite dheis. Creill an bháis cinnte a bheadh ina leithéid de shocrú do Pháirtí an Lucht Oibre, ach b’fhéidir go bhfuil an méid sin i ndán dóibh ar aon chuma, agus, ar a laghad, d’fhágadh a scrios go mbeadh pinsean stáit eile ag dul chuig duine nó beirt de bhoic mhóra an pháirtí sin.

Ceist eile ná cén fhaid a mhairfeadh rialtas den sórt sin?

Braitheann bunú rialtais, ní hamháin ar na figiúirí, ach ar cé hiad na daoine a thiocfaidh slán ón toghchán, go háirithe i bPáirtí an Lucht Oibre. Tá roinnt cúlbhinseoirí cheana féin ag caint faoin ngá le tairseach chriticiúil de shuíocháin a bheith acu sula rachaidís isteach i rialtas arís, agus ní thaitneodh sé leis an dream seo dá mbeadh orthu socrú a dhéanamh le Lucinda Creighton.

Neosfaidh an aimsir, ach ciallaíonn sé go bhfuil sé luath fós ag Fine Gael a bheith chomh caithréimeach seo. Agus in ainneoin a gcuid féinmhuiníne, tá sé deacair a shamhlú go dtiocfaidh an oiread sin feabhais ar na figiúirí le go mbeidh siad in ann neamhaird a dhéanamh de na ceisteanna seo ar fad.

Ait go leor tá an chuma ar an scéal go mb’fhearr le Fianna Fáil go mbeadh Fine Gael in ann rialtas a bhunú le meascán de na mionghrúpaí seo, ach b’fhéidir nach mbeidh sé de shaoráid acu déanamh amhlaidh.

Ceileann gártha molta Ard-Fheis Fhine Gael chomh maith go bhfuil ceist chrua le cur i gcónaí ar Fhianna Fáil faoi sheanchruth na polaitíochta sa stát seo.

Fág freagra ar 'Tá sé luath fós ag Fine Gael a bheith chomh caithréimeach agus atá…'

  • alan

    súil le Dia agam go mbainfear barrthuisle astu agus go dtabharfar a dtriopaill in aired go buan