Tá sé luath fós ach tá tuilleadh fianaise le teacht…

Tá Luimneach ar bharr an tábla agus gach dea-chosúlacht orthu go mbeidh sé deacair iad a bhualadh i mbliana

Tá sé luath fós ach tá tuilleadh fianaise le teacht…

Diarmuid Byrnes agus Patrick Maher. Pictiúr: INPHO/Ken Sutton

Agus dhá bhabhta de shraith Allianz na hiomána imeartha, tá sé soiléir go leor nach bhfuil an brú céanna ar bhainisteoirí ná ar fhoirne ó tharla nach bhfuil an dícháiliú ag bagairt orthu.

Níl an díocas céanna san imirt agus a bhí le feiceáil le blianta beaga anuas.

Tá Luimneach ar bharr an tábla agus gach dea-chosúlacht orthu go mbeidh sé deacair iad a bhualadh i lár an tsamhraidh. Agus ní toisc gur bhuadar a gcéad dá chluiche a deirim sin ach mar gheall ar an tslí shuaithinseach ina ndearnadar é. Bhíodar tomhaiste ina gcuid imeartha. Bhí an chomhimirt thar a bheith snasta acu agus díocas ceart le feiscint iontu fud fad na páirce. Tá an fhéinmhuinín sin a bhaineann le seaimpíní le feiceáil ina gcuid imeartha faoi láthair. (Sea, tá a fhios agam go bhfuil sé an-luath sa bhliain fós.)

Caithfidh go raibh Liam Sheedy agus a lucht bainistíochta sásta le taispeántas na foirne sa chéad cluiche a bhí ag Tiobraid Árann i gcoinne an Chláir. Ní fhéadfá an rud céanna a rá faoin tslí ar imríodar i gcoinne Luimnigh. Tá a fhios agam go bhfuil sé luath sa bhliain agus go gcaithfimid seans a thabhairt dóibh faoi Sheedy ach bhí a meon agus cur chuige lochtach sa dara cluiche sin agus cuirfidh sé sin díomá ar an mbainistíocht agus ar an lucht leanúna. Ach, sea, tá sé luath fós.

Tá an Clár ag feabhsú agus seans á thabhairt acu do chuid mhaith imreoirí óga. Caithfidh go bhfuil siad sásta le Colin Guilfoyle agus Diarmuid Ryan, beirt ógánach a bhfuil an-ghealladh fúthu. Tríd is tríd tá na Cláirínigh ag obair go dian agus má éiríonn le leithéidí David McInerney, Colm Galvin, Tony Kelly agus John Conlon ceannaireacht a léiriú go rialta, agus má thagann Shane O’Donnell tagtha ar ais ó Mheiriceá, beidh sé deacair iad a bhualadh. Agus sea, tá a fhios agam go bhfuil sé luath fós.

Beidh sé deacair Loch Garman a bhualadh freisin go háirithe má leanann siad leis an gcóras cosantach a bhíonn in úsáid go rialta acu. Tá spiorad iontu, oibríonn siad go dian agus ó tharla Lee Chin agus Rory O’Connor a bheith ar ais is i bhfeabhas a rachaidh siad. Ach dar ndóigh, tá sé luath fós. 

D’fhéadfaí an rud céanna, gur deacair iad a bhualadh, a rá faoi Cill Chainnigh agus imreoirí Bhaile Héil ar ais acu. Tá cuid mhór imreoirí maithe acu agus nuair a thiocfaidh tús an tsamhraidh beidh Brian Cody cinnte go leor faoi chreatlach na foirne. Níl mé ag rá go mbuafaidh siad Corn Mhic Cárthaigh i mbliana ach mar a deirtear‘ní bheidh siad as an gcuntas’. Ach tá sé luath fós.

Níor thug mo chontae féinig mórán cúiseanna áthais nó muiníne dúinn go dtí seo. Tá na fadhbanna céanna acu agus atá acu le cúpla bliain agus sin easpa ceannairí. As na cluichí go léir go dtí seo i roinn 1A, ba iadsan an fhoireann ba laige. Ach tá sé luath fós agus imreoirí nár bhláthaigh i gceart fós ag Corcaigh.

Mar a luaigh mé cheana anseo as Roinn 1B a tháinig an dá fhoireann dheireanach a thug leo craobh na hÉireann agus dá mbeadh inmharthanacht na honóra sin ag brath ar na cluichí atá imeartha go dtí seo is iad Port Láirge a bheadh ag bailiú Liam i mbliana. Ach tá sé luath fós.

Beidh níos mó fianaise againn i ndiaidh chluichí an deireadh seachtaine seo.


Dé Sathairn, 16 Feabhra

Roinn 1A

Corcaigh v An Clár – Páirc Uí Rinn, 7.15pm

Roinn 1B

Laois v Uíbh Fhailí – Port Laoise, 7.00pm

Port Láirge v Ceatharlach – Páirc Uí Fhearchair, 7.00pm

Dé Domahnaigh, 17 Feabhra

Roinn 1A

Loch Garman v Tiobraid Árann – Páirc Loch Garman, 2.00pm (Iarbheo ar TG4)

Cill Chainnigh v Luimneach – Páirc Uí Nualláin, 2.00pm (Beo ar TG4)

Roinn 1B

Gaillimh v Áth Cliath – Staid an Phiarsaigh, 2.00pm (Iarbheo ar TG4)

Fág freagra ar 'Tá sé luath fós ach tá tuilleadh fianaise le teacht…'