‘Tá sé lán le daoine óga cumasacha, spreagúla Gaelacha’ – clár Gaeilge úrnua ar an BBC

Déanfar iniúchadh ar ‘Croí na Ceiste le Caoimhe’ ar na ceisteanna móra atá ag dó na geirbe ag daoine óga an lae inniu

‘Tá sé lán le daoine óga cumasacha, spreagúla Gaelacha’ – clár Gaeilge úrnua ar an BBC

Craolfar Croí na Ceiste le Caoimhe, sraith nua teilifíse leis an láithreoir agus iriseoir Caoimhe Ní Chathail, anocht ar BBC 2 Thuaisceart Éireann. Déanfar iniúchadh sa gclár ar na ceisteanna móra atá ag dó na geirbe ag daoine óga an lae inniu.

I ngach clár, pléfidh Caoimhe Ní Chathail le hábhar amháin atá lárnach i saol na ndaoine óga agus tabharfaidh sí deis do na haíonna dul go ‘croí na ceiste’ agus a gcuid taithí féin a roinnt. Labhróidh sí le daoine óga chun tuairimí s’acu a fháil ar réimse ceisteanna ina saol féin – an reiligiún, an timpeallacht, oideachas gnéis agus íomhá na colainne.

“Chuaigh sé go mór i bhfeidhm orm go raibh daoine chomh hoscailte agus chomh hionraic liom agus iad sásta a scéalta agus a dtuairimí a roinnt liom,” a deir sí. “In amanna, sílim go mothaíonn muid go bhfuil muid i mbolgán s’againn féin i saol na Gaeilge agus go bhfuil muid timpeallaithe ag na tuairimí céanna ach bhí sé ar dóigh comhráite éagsúla agus suimiúla a bheith agam le daoine le achan chineál tuairime.”

Creideann Caoimhe Ní Chathail go bhfuil an todhchaí ina hábhar imní do dhaoine óga an lae inniu.

“Sílim go bhfuil éiginnteacht mhór ann faoi chúrsaí timpeallachta, cúrsaí tithíochta agus fostaíochta. Tá cuid mhór imní i saol an lae inniu do dhaoine óga ach sílim go bhfuil siad tiomanta difear a dhéanamh agus saol níos fearr a chinntiú dóibh féin,” ar sí.

Deir sí go raibh “comhráite dúshlánacha” aici sa tsraith seo, ach gur “phléisiúr” a bhí sna comhráite céanna.

“Tá mé iontach buíoch go raibh achan duine sásta agus toilteanach a dtaithí phearsanta a roinnt liom,” ar sí.

Sampla maith dearcadh na n-óg ar an reiligiún ar neamhspleáchas na n-óg.

“Is cinnte go bhfuil daoine óga ag glacadh úinéireachta ar áit an reiligiúin i saol s’acu,” a deir sí. 

“Is dócha nach bhfuil sé chomh dubh agus bán agus a bhí agus sílim go bhfuil rud inteacht iontach sláintiúil faoi chinneadh pearsanta a dhéanamh ar na cúrsaí sin.”

Deir Caoimhe Ní Chathail gurbh é an rud ba shuimiúla faoi na cláir ná an éagsúlacht taithí agus tuairimí a bhí ag na rannpháirithe. 

“Bím iontach buíoch as na deiseanna plé le daoine úra nár bhuail mé leo riamh agus chuir achan duine acu ag machnamh go mór mé,” a deir sí.

Céard a déarfadh sí le daoine óga atá ag streachailt le cuid de na ceisteanna a phléitear sa chlár?

“Déarfainn gurbh fhiú misneach a choinneáil agus plé a dhéanamh leis na daoine thart orthu le ceisteanna an lae inniu a chíoradh agus a réiteach,” ar sí.

“Tá an tsraith lán daoine óga cumasacha, spreagúla agus Gaelacha nach mbíonn ar an teilifís de ghnáth, ach atá sásta a dtaithí agus a scéalta féin a roinnt agus a chuidíonn go mór solas a scaladh ar chuid de cheisteanna móra ár linne.”

Beidh ceithre eipeasóid na sraithe ar fáil ar an BBC iPlayer inniu. 

Fág freagra ar '‘Tá sé lán le daoine óga cumasacha, spreagúla Gaelacha’ – clár Gaeilge úrnua ar an BBC'