Tá sé ina shamhradh! Fág an fheamainn ar an trá agus ná cuir portán id’ phóca!

AG TÓGÁIL CLAINNE: Tá roinnt treoirlínte nua ag ár gcolúnaí tar éis lá a chaitheamh ar an trá leis na gasúir

Beach sandcastle

Bhreathnaigh mé amach an fhuinneog ar maidin is bhí an chuma air go raibh an samhradh tagtha. Ní raibh aon mhuinín agam as an radharc a bhí os mo chomhair amach.

“Samhradh, samhradh, bainne na ngamhna, thugamar féin an samhradh linn.’’

Chaithfeadh go raibh botún déanta in áit éicint agus nach fada go dtabharfaí faoi deara é is go sciobfaí an ghrian ar ais go Malaga nó pé áit a raibh sí in ainm is a bheith.

‘Gabh i leith amach go beo, tá sé in shamhradh,’ a d’fhógair mé agus mé ag imeacht thart i mo chuaifeach ag bailiú uachtar gréine, clúidíní, is ag sá builín, meall cáise agus buidéil uisce síos i mála. ‘Gabh i leith, go beo, go beo.’

Léim muid isteach sa gcarr is thug aghaidh ar an trá. Chuala mé comhairle urlabhraí de chuid Sábháilteacht Uisce na hÉireann ar an raidió ar an mbealach siar.

Is cóir i gcónaí a bheith cinnte go bhfuil tú in ann do chosa a leagan síos ar an talamh fút, a dúirt sé. Siúil amach agus snámh isteach. Seiceáil an bhfuil an t-uisce sách te le snámh ann. Cleas maith chuige seo, a dúirt sé, ná lán glaice uisce a chaitheamh siar ar chúl do mhuiníl sula léimeann tú isteach. Bainfidh sé geit bheag asat, a dúirt sé, agus is fearr sin ná geit mhór.

Bhí roinnt treoirlínte nua agam dó roimh dheireadh an lae.

Ná sáigh do bhaithis isteach sa ngaineamh is tú ag aithris ar ribe róibéis ar fhaitíos go ngabhfadh gaineamh isteach i do chuid súl. Má chinneann ort is go dtéann gaineamh isteach i do shúile, déan iarracht fanacht socair, suaimhneach.

Cuir fios ar chúnamh, glaoigh ar ‘Mamaí!’ nó diailigh ‘112’ agus gheobhaidh tú an Garda Cósta. Ar chraiceann do chluaise, ná sáigh do mhéar isteach i do shúil leis an ngaineamh a bhaint aisti.

Ná hitear an gaineamh.

Is cóir ómós a bheith againn do na plandaí agus na hainmhithe beaga atá ina gcónaí ar an trá. Is í an trá an áit is fearr leo.

Is fearr leis an bportán poll cladaigh ná do phóca. Tá an rud céanna fíor faoin dreancaid mhara. Níl áit ar bith ar domhan gur fearr leis an dreancaidín ná meall feamainne leathlofa, ach é a bheith caite ar an trá. Is fearr leis go mór é ná a bheith sáite i dtóin an chairr nó fiú i mbun mhála láimhe do mháthar.

Fág freagra ar 'Tá sé ina shamhradh! Fág an fheamainn ar an trá agus ná cuir portán id’ phóca!'