Tá sé ina chogadh dearg sa Chomhaontas Glas…

Tá cogaíocht leanúnach ar bun sa Chomhaontas Glas nach rachaidh chun tairbhe don pháirtí i dTeach Laighean ná lasmuigh de

Tá sé ina chogadh dearg sa Chomhaontas Glas…

Nuair a chuir ionadaithe an Chomhaontais Ghlais tús le cainteanna comhrialtais le Fianna Fáil in 2007, dúirt Séamus Brennan ó Fhianna Fáil leo gur “iomáint shinsearach” a bheadh á himirt acu feasta.

Shíl na Glasaigh an uair sin go raibh díspeagadh agus aitheantas araon le tuiscint ón ráiteas sin. Dúirt daoine i bhFianna Fáil leis an scríbhneoir seo ó shin nach raibh i gceist ag Brennan ach fáilte spraíúil.

Cibé locht a fhaightear ar an gcéad seal a chaith an Comhaontas Glas i gcomhrialtas, ba dheacair neamhthoil nó mí-eagar mar pháirtí rialtais a chur ina leith. Ainneoin gach géarchéim a bhain croitheadh as an rialtas a bunaíodh in 2007, sheas na Glasaigh an fód mar chuid de go deireadh a ré beagnach. Nuair a tharraing siad amach as i mí Eanáir 2011, ba léir do chách go raibh an rialtas ag titim as a chéile. San olltoghchán a reáchtáladh an mhí dár gcionn, níor atoghadh oiread agus Teachta Dála amháin as an seisear a bhí ag na Glasaigh roimh an toghchán.

 Bhí Eamon Ryan ar aon ardán leis an Taoiseach agus an Tánaiste Dé Céadaoin agus an reachtaíocht is mó a theastaíonn ó na Glasaigh a chur i bhfeidhm sa rialtas reatha á seoladh acu. Níl sonraí de réir earnála leagtha amach fós ach is léir tábhacht an bhille aeráide ó na spriocanna ama a leagtar amach ann.

 Tá geallúint sa reachtaíocht go mbeidh glanráta astaíochta na tíre ag náid faoi 2050 ar a dheireanaí, chomh maith le geallúint ghearrthéarmach go gcuirfear laghdú caoga faoin gcéad ar ár n-astaíocht charbóin faoi 2030 – is é sin le rá in imeacht ocht mbliana.

 Ní gan dua a chuirfear feoil ar chnámha an bhille tharla gur athrú iomlán ar chlaonadh leanúnach na tíre a ghealltar ann. Ní gan dianphlé idir páirtithe an rialtais a thiocfar ar shocruithe dáiríre lena chur i bhfeidhm. Ach, agus an bille seo foilsithe, ní ar an teannas dosheachanta a fheicfear sa rialtas sula léireofar fíor-éifeacht an bhille seo a bhí aird na meán ach ar theannas inmheánach sa Chomhaontas Glas.

 Níorbh é seoladh an bhille aeráide an t-aon phreasócáid a reáchtáil comhalta sinsearach den Chomhaontas Glas Dé Céadaoin. 

Chuir cathaoirleach an pháirtí agus ardmhéara Bhaile Átha Cliath Hazel Chu cuireadh chuig iriseoirí chun bualadh léi i bhFaiche Stiabhna (agus an cosc ar reáchtáil imeachtaí polaitiúla san áit á shárú aici) lena hainmniúchán mar iarrthóir neamhspleách i bhfothoghchán Sheanad Éireann a phlé leo.

 Níl seans dá laghad ag Chu suíochán sa teach uachtarach a bhuachan, ach léirigh fógairt a hainmniúcháin deighilt nach beag sa Chomhaontas Glas.

 Dúirt Eamon Ryan lena chomrádaithe gur cuid den mhargadh comhrialtais é go dtabharfadh na Glasaigh tacaíocht d’iarrthóirí Fhianna Fáil agus Fhine Gael sna fothoghcháin ina dtoghfar beirt sheanadóirí nua. Dar le Chu nach ndearnadh margadh dá leithéid, agus nach bhfuil aon riail ag an gComhaontas Glas a chuireann cosc ar chomhalta den pháirtí ar mian léi seasamh mar iarrthóir neamhspleách.

 Ainneoin dearcadh an cheannaire tá ainmniúchán Chu sínithe ag an leascheannaire Catherine Martin, ag an aire stáit Joe O’Brien, agus ag na Teachtaí Dála Patrick Costello (fear céile Chu), Francis Noel Duffy (fear céile Martin), Neasa Hourigan agus ag an seanadóir Vincent P. Martin.

 Léiríodh an t-easaontas agus an teannas a spreag an t-ainmniúchán nuair a mhol triúr seanadóirí Glasa – an t-aire stáit Pippa Hackett, Róisín Garvey agus Pauline O’Reilly – rún a d’fhógair mímhuinín inti mar chathaoirleach ar an bpáirtí. Cuireadh plé ar an rún ar atráth ach tugadh le fios, fiú dá rithfí é, nach mbeadh ar Chu éirí as an gcathaoirleacht dá bharr.

 Ní cóir mór is fiú a dhéanamh den scéal seo ar bhealach amháin. Níl faoi chaibidil ach suíochán amháin sa Seanad. Tá sé ionann agus cinnte nach dtoghfar Hazel Chu, agus ar ndóigh ní bheidh deis ag gnáthvótóir ar bith vótáil ar a son ná ina coinne.

 Ach ní foláir eachtraí eile a tharla le gairid a chur san áireamh agus tábhacht an scéil á mheá. Cuimhnigh ar an vóta Dála anuraidh inar staon an t-aire stáit Joe O’Brien agus inar vótáil Neasa Hourigan in aghaidh an rialtais toisc gur mheas siad nach raibh cosaint chuí ar chearta tionóntaí i mbille rialtais. Cuimhnigh freisin ar an gcás cúirte atá beartaithe ag an Teachta Patrick Costello ina dtugtar dúshlán chinneadh an rialtais tacú le comhaontú CETA idir Ceanada agus an tAontas Eorpach.

 Tá cogaíocht leanúnach ar bun sa Chomhaontas Glas nach rachaidh chun tairbhe don pháirtí i dTeach Laighean ná lasmuigh de. Ní chuideoidh deighilt sa lucht ceannais ná achrann oscailte ar bith leis na Glasaigh a bpolasaithe a chur i bhfeidhm ná a suíocháin sa Dáil agus sna húdaráis áitiúla choimeád. 

Fág freagra ar 'Tá sé ina chogadh dearg sa Chomhaontas Glas…'

  • Eoin Ó Murchú

    Cogadh glas, surely?