‘Tá sé in am éirí! – focail nach raibh cloiste thart anseo le roinnt seachtainí

Níl ‘The Glenroe Feeling’ ar na páistí ag filleadh ar an scoil i ndiaidh shos an tsamhraidh

‘Tá sé in am éirí! – focail nach raibh cloiste thart anseo le roinnt seachtainí

‘Éirígí! Éirígí! Tá sé in am éirí!’ a d’fhógair Fear an Tí orainn maidin inné is muid á ndíbirt amach as na leapacha teolaí. Focail nach raibh cloiste thart anseo le roinnt mhaith seachtainí.

Tá gach nós mochéirí a bhí brúite isteach ionainn i rith na bliana scoile scaipthe sna ceithre hairde ó dheireadh mhí an Mheithimh. Níor tharla sé uilig d’aon léim amháin. Go deimhin, choinnigh muid smacht maith ar chúrsaí i rith mhí Iúil, ach thit sé uilig as a chéile le mí anuas is muid ag baint súp as an sos ó ghnáthchúrsaí an tsaoil.

‘Cá bhfuil muid ag dul?’ a d’fhiafraigh an Babaí díom agus mearbhall air nuair a sháigh sé a chloigeann aníos as na pluideanna. Faoin am seo bhí mé féin éirithe is gléasta agus ag cur cuma na maitheasa orm féin de réir a chéile.

‘An scoil, ná habair go bhfuil dearmad déanta agat go bhfuil sibh ar ais inniu?’ a dúirt mé is mé ag síneadh na n-éadaí scoile chuige go dóchasach.

‘Ó sea,’ a deir sé agus gliondar air. Léim sé amach as an leaba is rug ar na héadaí is thosaigh ag tarraingt air an treabhsar. Ní raibh aon drogall beo air.

Tá an saol athraithe, a deir mé liom féin. Bhíodh an drogall chomh dona orainne is go raibh téarma speisialta baiste againn air. Ag tagairt don tréimhse sin i saol na hÉireann nuair a bhí gach duine ag breathnú ar RTÉ 1 nó RTÉ 2 atá mé.

Éinne a bhí ag breathnú ar an teilifís in Éirinn sna hochtóidí agus sna nóchaidí cuimhneoidh siad ar an gclár Glenroe a bhíodh ar RTÉ gach tráthnóna Domhnaigh. ‘The Glenroe Feeling’ a bhaist muid ar an mothúchán uaigneach a bhuailfeadh thú tráthnóna Dé Domhnaigh sula ngabhfá ar ais ag an scoil an mhaidin dár gcionn.

Níl aon Glenroe Feeling buailte ar an mBabaí fós ar aon chaoi. ‘Tá an t-ádh dearg orm i mbliana Mamaí,’ a mhínigh sé dom is é ag sclamhadh siar na Weetabix le teann deifre.

‘Cén fáth?’ a d’fhiafraigh mé dhe.

‘Bhuel, beidh mé féin is Pádraic, is an geaing ar fad sa rang céanna le chéile i mbliana.’

Dúirt mé paidir bheag os íseal don mhúinteoir. ‘Bhuel, bígí go maith anois, is ná bí ag caint an iomarca sa rang’ an chomhairle a chuir mé air.

‘Beidh muid go maith Mamaí,’ a deir sé agus díomá air, sílim, as an easpa muiníne a bhí léirithe agam ann.

‘Nach muide na Por Favors?’ a dúirt sé.

‘Cé?’ a dúirt mé.

‘Na por favors,’ a dúirt sé liom go húdarásach. ‘Cód atá ann. Tháinig Pádraic aníos leis’

‘Céard a chiallaíonn sé?’ a d’fhiafraigh mé dhe.

‘Tá muid cúl, cairdiúil, go maith ag peil agus lách le gadhair bheaga.’

Ní tada é cód an Enigma i gcomórtas le cód na por favors a bhriseadh.

‘Fair play dhaoibh,’ a dúirt mé. ‘Ach cén bhaint atá aige sin le por favor?’ 

‘Ní thuigfeá é, Mamaí,’ a deir sé. ‘Tá sé an-chasta.’

Fág freagra ar '‘Tá sé in am éirí! – focail nach raibh cloiste thart anseo le roinnt seachtainí'