Tá sé in am éirí as an seachmall faoin mBreatimeacht agus leas na hÉireann a dhéanamh

Bhí dul amú ar dhaoine a cheap go n-imeodh an Breatimeacht in éineacht le Boris Johnson agus go mbeadh an Prótacal níos sábháilte dá uireasa

Tá sé in am éirí as an seachmall faoin mBreatimeacht agus leas na hÉireann a dhéanamh

Nuair a brúdh Boris Johnson amach as oifig an phríomh-aire i Sasana, bhí ríméad ar pholaiteoirí is tráchtairí araon in Éirinn. Bhí an diabhal ar lár.

Bhí an ghráin acu ar Johnson, ní mar gheall gur duine den fhíor-uasaicme é, nó gur soiléir gur cladhaire é agus nárbh fhéidir focal as a bhéal a chreidiúint; ach mar gheall ar gurb é an té a a chuir an Breatimeacht i gcrích.

Sin peaca níos marfaí ná claidhreacht ar bith, agus bhí dílseoirí na hEorpa an-sásta gur rugadh ar an gcladhaire céanna.

Ach má chreid siad go n-imeodh an Breatimeacht in éineacht le Johnson bhí dul amú orthu.  Agus má chreid siad go mbeadh an Prótacal níos sábháilte i ndiaidh a imeachta, is measa ná sin an dul amú atá orthu.

Ag léamh na meán i Sasana ní fhaca mé duine ar bith a chreid go rachadh Johnson ar aghaidh lena gcuid bagairtí maidir leis an bPrótacal.  Bhí gach éinne den tuairim go raibh sé ag iarraidh tuilleadh ama a fháíl ó na díograiseoirí Breatimeachta, agus go bhfaigheadh sé cúis éigin le tarraingt siar, nó an bhagairt a úsáid le go ngéillfeadh an Eoraip ar bhealach éigin.

Ach ní bheinn chomh dóchasach faoi Truss.  Ar dtús, ní dóigh liom go bhfuil sí chomh cliste le Boris, agus freisin tá sí an-lag i gcomparáid leis ó thaobh líon na tacaíochta atá aici.  Níor roghnaigh ach mionlach d’fheisirí caomhacha na parlaiminte í mar cheannaire; ciallaíonn sé sin go bhfuil sí ag brath ar an ERG, an dream is láidre ar son an Bhreatimeachta, le fanacht in oifig.

Agus cuid den phraghas a bheidh le híoc aici ná leanúint ar aghaidh leis an iarracht chun an Prótacal a scrios.

Beidh sí ag súil ar ndóigh nach mbeidh na hEorpaigh ag iarraidh cogadh trádála faoi láthair agus iad faoi bhrú eacnamaíochta mór mar gheall ar fhreagra na Rúiseach ar na smachtbhannaí.

Sa gcomhthéacs sin, is amaidí a bheith ag ceapadh gur féidir athshocrú a dhéanamh maidir le caidreamh na Breataine leis an Aontas Eorpach nó le hÉirinn, mar is mian leis an Taoiseach, Micheál Martin.

Bheadh sé níos ciallmhaire dó a bhfuil ó rialtas na hÉireann a leagan síos go poiblí, ach ag an am céanna glacadh leis an scéal mar atá i Sasana i leith an Bhreatimeachta.

Cinnte, tá tacaíocht Joe Biden againn i gcónaí, de réir na dtuairiscí faoin gcomhrá a bhí aige le Truss.  Carta láidir é sin ag an rialtas dá mbeadh a fhios acu cén chaoi leas a bhaint as.

Faraor, ní dóigh liom go bhfuil.

Ba é port an rialtais ó thús ná gur chóir tarraingt siar ón mBreatimeacht, nó, ar a laghad, é a mhaolú (trí fanacht san aontas custaim, mar shampla).

Ach níor dhein an rialtas iarracht dá laghad leas a bhaint as fíric fhíorspéisiúil amháin. Is é sin, go bhfuil móramh ann i Sasana a roghnódh an Breatimeacht os cionn aontacht na Ríochta Aontaithe –nó an Breatimeacht seachas an Tuaisceart agus Albain.

Is ní raibh an rialtas leo féin.  Níor dhein Sinn Féin aon iarracht ach an oiread. Bíonn Mary Lou McDonald ag caint i gcónaí faoi ‘Breatimeacht nimhneach’.  Fágann an ráiteas gur mó atá sí ag imirt i gcluiche na hEorpa ná i gcluiche na hÉireann, ag cur leas an Aontais roimh athaontú na tíre.

Ar ndóigh, creideann sí sa seachmall go spreagfadh an fonn atá ar aontachtóirí áirithe a bheith san AE iad chun glacadh le hathaontú na hÉireann. I bhfírinne is beag an dream a bhfuil sé sin fíor fúthu.

Agus má spreagann Truss an cogadh trádála seo, cá rachaidh an teorainn?  Ar oileán na hÉireann idir an Tuaisceart agus an Deisceart, nó idir Éirinn agus mór-roinn na hEorpa?

Is cosúil go mbeadh Micheál Martin sásta droim láimhe a thabhairt leis an Tuaisceart, ach céard faoi Shinn Féin?

Nach mbeadh níos mó tairbhe le baint againn as glacadh leis gur ann don Bhreatimeacht agus éirí as an tseafóid faoin mBreatimeacht nimhiúil. Nárbh  fhearr iarracht a dhéanamh a chinntiú go mbeadh rogha le déanamh i Sasana idir an Breatimeacht agus na sé chontae.

Nárbh fhearr dúinn, tacaíocht Biden a úsáid le hathaontú na hÉireann a chur chun cinn, agus comhoibriú leis an mBreatimeacht ar mhaithe le caidreamh fiúntach eacnamaíochta a choinneáil sa dá threo: i dtreo na Breataine agus i dtreo na hEorpa?

Go deimhin, nach bhfuil sé in am leas na hÉireann – agus athaontú na tíre mar chuid de sin – a chur roimh leas na hEorpa?

Fág freagra ar 'Tá sé in am éirí as an seachmall faoin mBreatimeacht agus leas na hÉireann a dhéanamh'

  • Paul Laughlin

    Is féidir Breatimeacht a dhéanamh, ní féidir UK-imeacht a dhéanamh. Is é sin bun agus barr an scéal.

  • Séamus Ó Súilleabháin

    ‘MAGGIE NUA’ TOFA AG CIORCAL CAIPITILEACH NA dTORAITHE

    **************************************************************************************
    **********************’Banríon Shasana, Eilís II, ar shlí na Fírinne’***********************

    **************GO MAIRE AN RÉABHLÓID AGUS AN PHOBLACHT NUA****************

    **************************************************************************************

    Guím ar son a n-iospairteach Stáit ar fud an Domhain ó hÉirinn go dtí an Aifric Theas a d’fhulaing faona hImpireacht/Ríocht Aontaithe thar na blianta

    ***********************************************************************************
    http://artpickle.com/index.cfm?artpage=webhome&webtab=testsite&webid=11059
    ***********************************************************************************

    IDIR AN DÁ LINN :—

    ‘Maggie Nua’ tofa ag ciorcal caipitileach na dTóraithe

    –Idir an dá linn ‘Maggie Nua’ tofa ag ciorcal caipitileach na dTóraithe agus lucht na maoine —

    ——‘ Dúisigh a Mhaggie Truss, tá rud eigin a chaithfidh mé a rá leat’, mar a deir an t-amhrán —–

    An dallamhullóg nua le cur arís ar mhuintir na Breataine ag na Tóraithe agus fiú amháin ar mhuintir na Sé Chontae na bí ag caint ar an Taoiseach ná ar Rí Cathal a trí.

    ‘S Liz Truss a bhfuil rún aici an córas caipitileach a bhainistiú ar son lucht an tsaibhris agus an gnáth duine fágtha ar an trá folamh gan aige/aici óna lámh go dtí a b(h)éal faoi bhoilsciú a choinníonn an brabus ag fás agus do chosa fuar.

    Cluas bodhair tugtha acu d’Éirinn agus a cás faoi Athaontú na tíre lena seasamh láidir chun fáil réidh le gnéithe de Phrótacal/Nós-imeachta an ‘Tuaiscirt’.

    ‘Alt 16’ á chur i bhfeidhm agus Teorainn nua a chruthú ag na Sasanaigh arís gan bacadh le Ceannasaíocht na Tíre seo.

    Níorbh féidir comhaontú a shocrú le dream ar bith de chineál na dToraithe anois go bhfuil ‘Maggie’ nua aimsithe acu.

    Tabhair bata is bóthar dóibh chun a’ bhaile go dtí an Bhreatain mar a d’fhoglaim muid ó Stair na Tíre seo.

    Is mise
    Dónall Mór Mac Billings
    Mac na Reablóide Teanga agus Polaitíochtaí

    An Ghaeltacht,
    Bloc E
    Ardán 1

    Príosún Phort Laoise

    Éire

    ***************************************************************************************
    http://artpickle.com/Index.cfm?artpage=artistdetail&ID=11059
    ***************************************************************************************