Tá sé in am dúinn dúiseacht agus agus slán a fhágáil leis an tseanpholaitíocht

Is annamh a chloistear trácht anois ar ‘pholaitíocht nua’ ach tá an easpa muiníne forleathan a spreag an chaint sin linn i gcónaí

Tá sé in am dúinn dúiseacht agus agus slán a fhágáil leis an tseanpholaitíocht

An Taoiseach Enda Kenny le Mícheál Martin. Pictiúr: RollingNews.ie

Ní chloistear mórán anois faoin ‘bpolaitíocht úr’, dordfhocail an olltoghcháin, ach tá an rud a spreag an chaint sin – easpa muiníne forleathan sa bpolaitíocht – linn i gcónaí.

Ar ndóigh, ní in Éirinn amháin nach gcreideann daoine i bpolaiteoirí, mar a léirigh reifreann na hIodáile ag an deireadh seachtaine – agus go deimhin Breatimeacht i Sasana agus toghadh Donald Trump i Meiriceá roimhe sin.

Tá imní ar scothaicme na polaitíochta ar fud na hEorpa go dtitfidh an córas iomlán as a riocht, go háirithe má leanann muintir na Fraince sampla na Breataine is na hIodáile.

Sa gcás sin, beidh deireadh leis an Euro cinnte, agus b’fhéidir leis an Aontas Eorpach ar fad.

Ach sa mbaile tá scothaicme na polaitíochta abhus ag teacht chucu féin cuid mhaith, agus iad ag filleadh ar na sean-nósanna oibre is ar an seanchur i gcéill.

Sea, tá cúrsaí uisce ar ais sa nuacht, is tá faitíos an diabhail orthu faoi céard a chiallaíonn Breatimeacht don todhchaí. Mar sin féin, de réir na pobalbhreitheanna bheadh móramh ag Fine Gael agus Fianna Fáil in éineacht, agus níl aon riocht aontaithe ar pháirtithe na heite clé le cur ina gcoinne.

Go praiticiúil, má bhreathnaíonn muid ar pholasaithe, i dtaobh tithíochta mar shampla, feicimid go bhfuil na daoine atá i gceannas ag cloí leis an straitéis a loic chomh tubaisteach sin ar an bpobal. D’Fhine Gael agus d’Fhianna Fáil is ábhar don mhargadh í an tithíocht. An rud a bhíonn ag dó na geirbe acu ná cén chaoi a chinntiú go mbeidh brabús le déanamh ag lucht tógála chun iad a spreagadh le dul i mbun gnó agus tithe a thógáil agus fadhb na tithíochta a réiteach.

Cheana féin ghéill an rialtas do na tógálaithe sa gcaoi is go raibh siad in ann toisí na n-árasán a laghdú.  Ach tá na tógálaithe anois ag iarraidh cead na toisí a laghdú a thuilleadh – ar mhaithe le tuilleadh brabúis a dhéanamh ar ndóigh.  Más boscaí gadhair a bhí i gceist roimhe seo; is boscaí coileáin a chuirfear ar fáil amach anseo má éiríonn leo lena n-éileamh.

Agus mar bharr ar an donas, tá fadhb na tithíochta ag éirí níos measa. Tá níos mó daoine ná riamh gan dídean, agus níos mó i mbaol a n-ionad cónaithe a chailliúint.

Ní leor do na polaiteoirí, áfach, a bheith ag fácadh a lámh mar is léir go gcaithfimid filleadh ar eastáit a bheith á dtógáil ag an stát má táimid dáiríre faoi réiteach na faidhbe a aimsiú.

Ach, tá na seanpháirtithe ag cloí, ní hamháin le polasaithe nár éirigh leo cheana, ach le bealaí oibre a dhéanann cluiche de mhórscéalta tábhachtacha.

Níl aon anailís fhiúntach á déanamh, mar shampla, maidir leis na roghanna atá againn i ndiaidh Bhreatimeacht. Duine ar bith a chuireann ceist ar bith faoi, fiú leithéidí David McWilliams, brúitear ar an imeall é mar a bheadh eirceach ann.

Tá cluiche ar bun i gcónaí idir Fine Gael agus Fianna Fáil, agus iad ag scóráil pointí in aghaidh a chéile ach na polasaithe céanna nach mór á moladh acu. Tá Fianna Fáil ag bailiú nirt, agus á n-eagrú féin don lá a mbeidh siad in ann rialtas dá gcuid féin a bhunú.

Tá Fine Gael sásta fanacht in oifig, agus iad ag súil go mbéarfaidh ceannaire nua go dtí an Tír Tairngire iad (má bhíonn sé de bhéasa ag Enda Kenny éirí as in am).

Tá Páirtí an Lucht Oibre ag fógairt i gcónaí go raibh an ceart acu nuair a bhí siad sa rialtas roimhe seo.  Níl ceacht ar bith foghlamtha acu, agus go deimhin ní fheiceann siad go bhfuil ceacht ar bith le foghlaim.  Ní haon ionadh mar sin go bhfuil a dtacaíocht ag dul i laghad i gcónaí sna pobalbhreitheanna –mar atá ag tarlú, dála an scéil, leis na páirtithe sóisialacha-daonlathacha ar fud na hEorpa.

Ar an eite chlé ámh níl aon aontacht ná chinnteacht ann ach an oiread. Tá daoine sna ceardchumainn ag caint faoi pháirtí nua a bhunú a thabharfadh guth don aicme oibre, ach cé go bhfuil a lán le rá acu faoi cheisteanna sóisialta níl tada le rá acu faoin gcomhthéacs polaitiúil ina bhfuil muid: staid Aontas na hEorpa agus tubaiste an Euro.

Maíonn Sinn Féin go mbíonn siad fós amhrasach i dtaobh an Aontais, ach an féidir cur i gcoinne Bhreatimeachta agus cur i gcoinne an Aontais ag an am céanna?

San idirlinn, tá muintir na hÉireann i gcruachás – ó thaobh tithíochta, fostaíochta, oideachais agus sláinte de. Agus níl údar dóchais ar bith acu faoina bhfuil i ndán dóibh.

Ba é an easpa muiníne sa bpolaitíocht a thug bheith istigh do na neamhspleáigh atá anois ag imeacht leo go giodamach is go móiréiseach, ach feictear domsa go bhfuil muinín astu siúd caillte freisin.

Tá sé in am dúinn dúiseacht, droim láimhe a thabhairt leis an tseanpholaitíocht agus polasaithe a chur i bhfeidhm a fhreastalaíonn ar fhíor-riachtanais an phobail. É sin, nó seasamh ar an gclaí ag casaoid is ag olagón.

Fág freagra ar 'Tá sé in am dúinn dúiseacht agus agus slán a fhágáil leis an tseanpholaitíocht'

  • Mise Áine

    ‘sean-nósanna oibre… an seanchur i gcéill’…Seans go dtarlódh a leithéidí le chuile pháirtí atá ann i láthair na huaire, is cuma cén ‘eite’ lena mbíonn siad ag eitilt…sin polaitíocht.