Tá sé in am do ‘súil siar’ eile ar na cluichí agus ‘súil chun cinn’ leis…

Bhí craobhacha club den scoth againn, ach cad atá i ndán don chraobh idirchontae?

Tá sé in am do ‘súil siar’ eile ar na cluichí agus ‘súil chun cinn’ leis…

Patrick Horgan. Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

A leithéid de bhliain eisceachtúil. Níl sé rófhada ó shin ó scríobhas ‘súil siar’ ar chúrsaí iomána in 2019. B’in roimh an gcéad ráig den Covid-19.

Tá sé in am do ‘súil siar eile’.

Bhuel nach orainn a bhí an t-áthas nuair a tugadh cead cluichí club a imirt i lár an tsamhraidh.

Bhí mórán amhrais roimhe sin faoi chúrsaí ach thosnaigh an traenáil agus na cluichí agus tríd is tríd lean na comórtais ar aghaidh gan ráigeanna den Covid-19 ag cur isteach orthu. Thug TG4 agus RTE 2 an-seirbhís dúinn agus cúpla cluiche á dtaispeáint acu gach deireadh seachtaine. Agus bhí an caighdeán sna contaetha éagsúla thar a bheith ard.

Loch Garman an chéad chontae a chríochnaigh a gcomórtas Síol Maoluír a thug leo an corn i gcluiche aontaobhach go leor i gcoinne Naomh Éanna. Ag trácht ar aontaobhach, bhí an cluiche ceannais i bPort Láirge an-aontaobhach go deo agus Baile Gunnair i bhfad róláidir don Phasáiste agus an corn buaite acu don seachtú bliain as a chéile.

Ó thuaidh i gcontae Aontroma, ba iad Cumann Cúchulainn Dhún Lathaí agus Seamróga Loch gCaol a d’imir sa chluiche ceannais agus bhí an lá le Dún Lathaí.

Trí seachtaine ina dhiaidh sin, thug na Piarsaigh greadadh ceart do Dhún Bleisce bocht i gcluiche ceannais Luimnigh tráthnóna álainn Sathairn. An lá ina dhiaidh sin cuireadh críoch le craobh Thiobraid Árann le cluiche ceannais iontach idir Luachma/Caisleán Laighnigh agus Cill an Daingin. Ag an nóiméad deiridh, fuair Bryan McLoughney cúl a chinntigh go mbeadh Corn Dan Breen ag Cill an Daingin den chéad uair.

Seachtain ina dhiaidh sin chaill Luachma cluiche ceannais na sinsear sa pheil. Sin anró an spóirt duit.
An deireadh seachtaine céanna cuireadh ar ceal roinnt cluichí timpeall na tíre. Ina measc bhí dhá chluiche ceathrú ceannais peile i gcraobh shinsir Chorcaí agus ceithre chluiche sa Ghaillimh, cluiche leathcheannais sa chraobh shinsir iomána san áireamh. I nDún na nGall cuireadh traenáil pheileadóirí sinsir an chontae ar ceal freisin.

Seachtain ina dhiaidh sin bhí cluiche ceannais eile againn a bhí thar a bheith aontaobhach. I gCill Chainnigh fuair na seaimpíní Baile Héil 5-19 agus gan ag Baile Dic ach 1-10. Dar ndóigh, b’in an tríú craobh i ndiaidh a chéile ag an gclub sin.

Bhí coimhlint níos fearr i gcontae an Chláir an lá céanna, mar a raibh an lá arís le seaimpíni 2019 Droichead Abhann ó gCearnaigh a fuair an ceann is fearr ar Mhuileann Uí Cheallacháin, 0-20 in aghaidh 0-12,

An tseachtain seo caite bhuaigh Naomh Tomás na Gaillimhe craobh na sinsear don tríú bliain as a chéile. Seo club beag tuaithe nár bhuaigh a gcéad chraobh go dtí 2012. Tá cúig cinn buaite acu anois.

Anseo i gCorcaigh an tráthnóna céanna thug an Charraig Dhubh corn Sheáin Óig Uí Mhurchú leo den chéad uair ó 2002 agus den 33ú huair ar fad.

Chonaiceamar chuid den cheiliúradh ar na meáin shóisialta agus is cosúil go bhfaca na leaideanna i bPáirc an Chrócaigh é freisin agus tháinig siad amach ar an Luan le ráiteas an-dian, ráiteas a bhí thar fóir i mo thuairim féin. Ní dóigh go raibh an ceart acu an cnaipe sosa a bhrú ar an séasúr club agus na comórtais beagnach críochnaithe. Cé fáth nár ligeadar leis na cinn eile dul ar aghaidh gan aon lucht féachana in aon chor?

Botún a bhí ann i mo thuairim.

An mbeidh séasúr idirchontae againn? Bhuel, agus sinn ar Leibhéal 3, seans go gcuirfear tús leis, ach ceist níos fearr ná cathain a críochnóidh sé? Neosfaidh cinntí an rialtais agus NPHET (má tá siad ag réiteach lena chéile) cad atá i ndán do na cluichí, agus beidh sé ar fad ag brath ar an diabhal víreas féin. An fada eile go mbeidh an t-oileán ar fad faoi chuibhriú?

An mbeidh ‘súil siar’ a trí roimh Nollaig?

Neosfaidh an phaindéim…

Fág freagra ar 'Tá sé in am do ‘súil siar’ eile ar na cluichí agus ‘súil chun cinn’ leis…'