Tá sé in am do Ghaillimh an beart a dhéanamh i gcluiche mór

Tabharfaidh Gaillimh agus Maigh Eo aghaidh ar a chéile i gcluiche leathcheannais na hÉireann tráthnóna agus na Gaillimhigh ag súil go mbainfidh siad áit amach sa chluiche ceannais den chéad uair ó 2005

Tá sé in am do Ghaillimh an beart a dhéanamh i gcluiche mór

Áine McDonagh agus Sarah Ní Loingsigh ag iarraidh stop a chur le Fiona Doherty Mhaigh Eo. Pictiúr: INPHO/Bryan Keane

Gaillimh v Maigh Eo

Páirc an Chrócaigh, 2pm

(Beo ar TG4)

Tá seantaithí ag foirne na Gaillimhe agus Mhaigh Eo ar a chéile agus seo chugainn arís iad i bPáirc an Chrócaigh tráthnóna don chluiche is tábhachtaí a imríodh riamh idir an dá chontae.

Trí huaire go dtí seo i mbliana a thug siad aghaidh ar a chéile, uair amháin sa tsraith agus faoi dhó sa chraobh. Inniu áit i gcluiche ceannais na hÉireann an duais.

Gaillimh is fearr a chruthaigh sna cluichí go dtí seo i mbliana. Bhuaigh siad an cluiche sraithe mí Mhárta agus nuair a chríochnaigh cluiche ceannais Chonnacht ar comhscór, d’éirigh le Gaillimh bua seacht bpointe a fháil san athimirt.

Tá an lámh in uachtar ag Gaillimh ar a gcomharsana le roinnt blianta anuas agus ocht gcinn de chraobhacha cúige buaite acu le naoi mbliana anuas. Ach níor éirigh leo go fóill dul céim níos faide agus craobh na hÉireann a bhuachan. Níl an cluiche ceannais féin bainte amach acu ó 2005.

Bhí daoine ag súil go ndéanfaidís an beart le blianta beaga anuas ach chlis orthu sna cluichí móra.

Bhí bliain mhaith ag peileadóirí na Gaillimhe anuraidh go dtí gur shroich siad cluiche leathcheannais na hÉireann i gcoinne Átha Cliath, cluiche inar thug mná na príomhchathrach greadadh dóibh.

Ach ní haon easpa cumais atá ar Ghaillimh agus imreoirí den scoth acu fud fad na páirce. Tá Tracey Leonard ar dhuine de na tosaithe is fearr sa tír, tá Louise Ward agus Áine McDonagh an-láidir i lár na páirce agus níl aon chaill ar Shinéad Burke, Olivia Ward ná ar bhean Naomh Anna Sara Ní Loingsigh i measc na gcosantóirí.

Beidh ar an bhfoireann uile taispeántas lán díocais a thabhairt tráthnóna más leo Maigh Eo a chloí. Is fearr na peileadóirí ag Gaillimh ach tá mianach ar leith i mná Mhaigh Eo.

Is beag duine a bhí ag súil go mbeadh Maigh Eo i gcluiche ceannais na hÉireann arís i ndiaidh achrann na bliana seo caite nuair a d’fhág Cora Staunton agus a comhghleacaithe as Ceathrú na gCon an painéal. Seacht n-imreoir déag atá tugtha isteach ag an mbainisteoir Peter Leahy i mbliana agus bhí siad ar fheabhas le cúpla mí anuas.

Dhíbir siad foireann láidir Dhún na nGall as an gcraobh ag deireadh mhí Iúil agus fuair siad an ceann is fearr ar fhoireann láidir eile as Ulaidh, Ard Mhacha, sa bhabhta ceathrú ceannais.

Tá gaiscí á ndéanamh ag Sarah Rowe, Grace Kelly agus Rachel Kearns sa líne lántosach i mbliana, ach is mór an buille do Mhaigh Eo é nach mbeidh fáil acu ar ghaiscíoch eile, lánchúlaí na foirne, Róisín Flynn, a bhfuil gortú glúine ag baint di.

Is iad Gaillimh rogha láidir na coitiantachta agus ar éigean go bhfaighidh siad deis níos fearr cluiche ceannais na hÉireann a bhaint amach.

Más leo sin a dhéanamh beidh orthu a bheith i mbarr a maitheasa i gcluiche mór, rud nach minic leo le tamall.

Má ligeann siad orlach do mhná Mhaigh Eo, áfach, beidh siad i dtrioblóid.

Rogha Tuairisc.ie: Gaillimh

Fág freagra ar 'Tá sé in am do Ghaillimh an beart a dhéanamh i gcluiche mór'