Ionsaí loiscneach ar bhanc bia i mBéal Feirste.
Ionad pobail curtha trí thine, in aon turas, ag daoine anaithnide.
Cén fáth? Coir fuatha a deir an PSNI. I bhfocal eile – ciníochas.
Cumann Ilchultúrtha Bhéal Feirste (BMCA) a bhí i bhfeighil na láithreach i bPas Dhún na nGall ar imeall theas lár na cathrach. Grúpa Moslamach is ea iad a chuir mol nó ionad pobail ar fáil d’inimircigh agus do mhuintir na háite.
Chuidigh siad le mionlaigh eitneacha sa chathair, Ioslamaigh agus daoine den chine gorm ach bhí siad oscailte d’éinne a bhí i gcruachás. Tá i bhfad níos mó daoine ar an bhfaraor géar le linn na paindéime Covid-19 ná mar a bhí roimhe agus an BMCA i measc na n-eagraíochtaí carthanacha atá ag dul i ngleic leis na fadhbanna.
Bunaíodh an BMCA i ndiaidh ráig d’ionsaithe sa chathair breis is dosaen bliain ó shin nuair a bhí Béal Feirste ina scéith bhéil as ciníochas. Baisteadh ‘príomhchathair an chiníochais’ ar an áit agus an lipéad tuillte go maith. Bhí Pas Dhún na nGall ar cheann de na ceantair inar tharla ionsaithe ar an bpobal measctha eachtrannach. Comharsanacht dílseach sheanbhunaithe is ea é agus cuireadh an milleán ar pharaimíleataigh dhílseacha as roinnt ionsaithe.
I ndiaidh na heachtra is deireanaí, dúirt rúnaí an chumainn, Mohammed Atif gur chreid sé go raibh muintir na háite báúil leis an BMCA.
Oíche Déardaoin seo caite a rinneadh an coirloscadh. Tugadh an tine i ndíon an fhoirgnimh faoi deara tamall roimh a naoi a chlog san oíche. Thóg sé uaireanta an chloig ar leathchéad oibrí dóiteáin an tine a cheansú. Faoi mhaidin ba léir go raibh damáiste ollmhór déanta agus nach bhféadfaí an banc bia, banc éadaigh ná oifig eolais a rith ansin.
Tamall ina dhiaidh sin dhearbhaigh an PSNI gur choir fuatha é. Dúirt an cumann go raibh na béilí dóibh sin a bhain leas as an mbanc bia á n-ullmhú sa bhaile ag an bhfoireann dheonach.
Is ansin a cuireadh cor dearfach sa scéal. Dé hAoine d’oscail stiúrthóir logánta Amnesty, Patrick Corrigan leathanach idirlín Just Giving le súil go mbaileofaí £10,000 mar chiste cabhrach don chumann. Faoi mhaidin Dé Luain bhí breis is £60,000 bailithe ó dheontóirí in Éirinn thuaidh agus theas chomh maith le daoine i dtíortha thar lear.
Dúirt an cumann gur gheall Stormont cabhair dóibh freisin. Fáiltíodh roimh an ráiteas láidir ón gCéad-Aire agus leasChéad-Aire, Arlene Foster agus Michelle O’Neill, ag cáineadh an ionsaithe.
Comhartha láidir tacaíochta don ilchultúrachas agus in éadan an chiníochais a bheidh ann má dhéanann an Feidhmeannas beart dá réir. Ina theannta sin, dúirt an BMCA go raibh malairt ionaid tairgthe dóibh ag gnólachtaí agus carthanachtaí eile; tabharfaidh na tairiscintí sin agus an t-airgead ón bpobal seans dóibh an obair a choinneáil ag imeacht fad is a bheidh an damáiste don bhfoirgneamh, costas deisithe, pleananna don todhchaí agus socruithe faoi shlándáil na foirne á scrúdú.
Údar dóchais is ea freagra an phobail ar an uafás. Más leide é an méid airgid atá á dheonú is cosúil go bhfuil daoine níos gníomhaí in aghaidh an chiníochais ná mar a bhídís; níos mó ná briathra i gceist an t-am seo. Reáchtálfar cruinniú ar líne anocht ag 6.00 a chlog ar leathanach Facebook an Belfast Multi-Cultural Association chun an t-ionsaí a phlé.
Ar an drochuair ní ón ngaoth a tháinig an t-ionsaí loiscneach. Thuairisc oibrithe san ionad go raibh imeaglú ar siúl le tamall. Scriosadh na ceamaraí CCTV agus briseadh na fuinneoga i ngluaisteáin. Chinn na póilíní gur dhianghéarú ar an bhfeachtas sin ab ea an coirloscadh. D’achainigh Mohammed Atif ar na hionsaitheoirí éirí as. Seirbhís chabhrach do gach éinne is ea an BMCA, beag beann ar chúlra, cine nó creideamh, a dúirt sé. ‘Ní cheistímid daoine, níl uainn ach cuidiú leo,’ ar sé.
Mhaígh an grúpa United Against Racism gurbh eol do na húdaráis go raibh feachtas bagrach in aghaidh an chumainn ar siúl ach gur deineadh faillí sa scéal. Níl aon dabht ach go raibh a fhios ag an PSNI faoi bhriseadh na bhfuinneog sna carranna mar dúirt na póilíní i mí Mheán Fómhair gur choir fuatha ab ea é sin. Tá sé deacair, ar ndóigh, a theacht roimh ionsaitheoirí a thapaíonn deis nuair nach bhfuiltear ag faire orthu nó nuair a thugann siad fogha faoi thithe aonair.
Mar sin féin ní mór don PSNI a bheith níos réamhghníomhaí in aghaidh an chiníochais go ginearálta agus go háirithe nuair is ionad é a bhí faoi bhagairt ón bhfómhar.
Tá sé in am ag na húdaráis ar fad treascairt an chiníochais a chur go hard ar a liosta tosaíochtaí, ní hionann agus a dheartháir, an seicteachas gur ligeadh dó réabadh go rábach tríd an tsochaí.
Fág freagra ar 'Tá sé in am aghaidh a thabhairt ar threascairt an chiníochais'