Gaillimh v Maigh Eo, Staid an Phiarsaigh, 2.00i.n. (Beo ar TG4)
Fuair Maigh Eo dea-scéal i rith na seachtaine nuair a fógraíodh go raibh Cian Hanley, atá tar éis ceithre bliana a chaitheamh le foireann AFL Brisbane Lions, ag teacht abhaile. Rogha eile i measc na dtosaithe a bheidh ann do Stephen Rochford ach ní bheidh Hanley ar fáil chun cabhrú le Maigh Eo i Staid an Phiarsaigh tráthnóna.
Cé nach bhfuil againn ach ag tús an earraigh, déarfá go mbeadh an dá fhoireann seo an-dáiríre faoi chluiche an lae inniu. Tabharfaidh Gaillimh agus Maigh Eo aghaidh ar a chéile arís i gCraobh Chonnacht mí Bealtaine agus is deis í seo buille a bhualadh ar an bhfreasúra roimh an gcluiche sin.
Chomh maith leis sin, tá sé tábhachtach do Stephen Rochford a thaispeáint go bhfuil sé in ann an ceann is fearr a fháil ar Ghaillimh agus ar Kevin Walsh. Ó ceapadh Rochford ina bhainisteoir ar Mhaigh Eo, tá trí chluiche imeartha aige in aghaidh na nGaillimheach, péire sa chraobh agus ceann i Sraith FBD, agus tá siad uile caillte ag Maigh Eo.
Níl aon dabht ach go bhfuil Maigh Eo fós níos láidre ná Gaillimh. Shroich siad cluiche ceannais na hÉireann faoi dhó tar éis do Ghaillimh iad a shárú sa chraobh ach goillfidh sé orthu cluichí a chailleadh in aghaidh a gcomharsan.
Fiú má tá Rochford agus a chuid imreoirí ag díriú go mór ar an gcluiche seo, ní bheidh sé éasca acu. Cé gur chlis ar Ghaillimh in aghaidh Thiobraid Árainn agus in aghaidh Chiarraí sa chraobh le cúpla bliain anuas, is léir go bhfuil an-dul chun cinn déanta acu.
Tá siad ar ais i Roinn 1 na sraithe, tá dhá chluiche buaite cheana, cluiche in aghaidh Thír Eoghain agus cluiche in aghaidh Dhún na nGall, agus tá díocas ina gcuid imeartha a bhí in easnamh le tamall.
Tá imreoirí tábhachtacha fós ar iarraidh ar Stephen Rochford, go háirithe i measc na gcosantóirí agus gan Lee Keegan, Chris Barrett ná Keith Higgins fillte ar an bhfoireann go fóill. Thaispeáin Ciarraí an tseachtain seo caite, go háirithe sa chéad leath, gur féidir dul chun cinn a dhéanamh i gcoinne Mhaigh Eo ach an liathróid a chur isteach i dtreo na dtosaithe go tapa.
Tá Damien Comer, Shane Walsh agus Éamonn Brannigan ag imirt go maith do Ghaillimh faoi láthair agus má thugtar an deis dóibh, d’fhéadfadh siad an cluiche seo a bhuachan do Ghaillimh.
Rogha Tuairisc.ie: Gaillimh
Fág freagra ar 'Tá sé in am ag Stephen Rochford an ceann is fearr a fháil ar Ghaillimh'