Céad slán leat, a Camelot agus as go brách leat! Breithiúnas a thug tráchtaire sna Stát Aontaithe an tseachtain seo ar thoradh an réamhthoghcháin don Seanad in Massachusetts.
Den chéad uair riamh, frítheadh an ceann is fearr ar dhuine a raibh an sloinne Kennedy air i dtoghchán sa Stát, agus den chéad uair le hos cionn deich mbliana agus trí fichead ní bheidh aon ionadaí ón teaghlach sin tofa in Washington DC.
Chuir go leor i leith an Chinnéidigh óig nuair a thug sé le fios go raibh sé le bheith san iomaíocht go raibh sé sotalach agus uaillmhianach. Moladh dó foighid a bheith aige go mbeadh duine de na Seanadóirí reatha ó Massachusetts ag éirí as. Bhí deifir ar an bhfeisire comhdhála óg nach bhfuil na dá scór fós agus anois tá stop tobann curtha leis an bhfuadar a bhí faoi.
B’fhéidir go ndéanfaidh an toradh seo leas níos fadtréimhsí do Dhaonlathaigh na Stát Aontaithe. Tá an cath inmheánach sa bpáirtí follasach le tamall de bhlianta agus tá a rian soiléir leis an iarrthóir uachtaránachta atá acu i mbliana. Tá gluaiseacht tagtha chun cinn faoi cheannas an tSeanadóra Bernie Sanders a mheall go leor tacaíochta ó bhaill an pháirtí le dhá fheachtas toghchánaíochta anuas. D’éirigh leo dul i gcion ar pholasaithe an pháirtí de bheagán agus tá ionadaithe dá gcuid tofa in áiteacha éagsúla. Is dóigh gurb í Alexandria Ocasio-Cortez as Nua-Eabhrac an t-ionadaí is clúití ina measc. Bhí sise ag tacú le Ed Markey i dtoghchán na seachtaine seo in Massachusetts. Idir é sin agus an drochmheas ar shaibhreas na gCinnéideach chuaigh go leor de phobal an Stáit i dtreo an tSeanadóra atá tofa le breis is dhá scór bliain.
Idir an dá linn, tá ag éirí le Donald Trump dul i gcion ar sciar mór de phobal na Stát Aontaithe trí alltacht agus imní a spreagadh faoin méid atá beartaithe ag na Daonlathaigh. Ní i dtaobh cúrsaí dlí agus cirt i gcomhthéacs na gcaismirtí atá ag tarlú faoi láthair amháin ach an sóisialachas atá luaite le Bernie Sanders, Ocasia-Cortez agus anois dá réir le Ed Markey.
Caithfidh na Daonlathaigh a bheith in ann dul i gcion ar an mórphobal más leo seilbh a ghlacadh ar an Teach Bán dhá mhí ó inniu.
Le bheith fírinneach faoi, ní éireoidh leo é sin a dhéanamh má labhraíonn siad faoi chúram sláinte a leasú, cánacha a ardú ar mhaithe le seirbhísí poiblí a fheabhsú, costais oideachais a laghdú agus aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim aeráide. Cuirfear sóisialachas ina leith.
Beidh ar a gcumas ionadaithe aonaracha a thoghadh in áiteacha éagsúla ar fud na tíre ach le dul chun cinn a dhéanamh faoi chóras Mheiriceá caithfidh an Teach Bán a bheith i do sheilbh.
An mbeidh sin ag Joe Biden dhá mhí ó inniu? Is críonna an té a déarfadh ach caithfidh na Daonlathaigh a gcríonnacht a dhéanamh más leo an cath taobh istigh den pháirtí a shuaimhniú.
Teastaíonn na daoine óga fuinniúla ar fad atá ar fáil dóibh uathu. Mura n-éiríonn le Biden is ina measc sin a bheidh todhchaí an pháirtí le tóraíocht sna míonna agus sna blianta seo romhainn.
Fág freagra ar 'Tá sé in am ag na Daonlathaigh a gcríonnacht a dhéanamh'