Tá sé in am a bheith ‘macánta’ agus ‘dáiríre’ faoi chás na Gaeilge agus na Gaeltachta – Uachtarán na hÉireann

Dúirt Uachtarán na hÉireann Micheál D Ó hUigínn sa Ghaillimh inniu go gcaithfí a bheith ‘macánta’ faoi staid na Gaeilge agus na Gaeltachta, faoi na ‘straitéisí agus na polasaithe’ nár éirigh leo agus faoin maoiniú a rabhthas ‘ag súil’ leis ‘ach nár tháinig’

Tá sé in am a bheith ‘macánta’ agus ‘dáiríre’ faoi chás na Gaeilge agus na Gaeltachta – Uachtarán na hÉireann

Tá ráite ag Uachtarán na hÉireann Micheál D Ó hUigínn go gcaithfear a bheith “macánta” faoi chás na Gaeilge agus an “leisce” agus an easpa “dáiríreachta” a bhaineann le cur chuige an Stáit i leith na Gaeilge “a chur ar leataobh”.

Ag labhairt dó ag an siompóisiam ‘125 bliain ag fás? An athbheochan agus Conradh na Gaeilge’ atá ar siúl in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh inniu, dúirt an tUachtarán go raibh “iarracht bhreise nua ag teastáil ó gach leibhéal de chóras riaracháin an Stáit” maidir le cás na teanga.

“Caithim a rá nach leor an eiseamláir atá le feiceáil ó na leibhéil is airde sa státchóras, iadsan a bheadh in ann difríocht mhór a dhéanamh trína sampla agus na hacmhainní atá ar fáil acu,” arsa an tUachtarán.

Dúirt an tUachtarán go gcaithfí a bheith “macánta” faoi staid na Gaeilge agus na Gaeltachta, faoi na “straitéisí agus na polasaithe” nár éirigh leo agus faoin maoiniú a rabhthas “ag súil” leis “ach nár tháinig”.

Mhaígh sé go gcaithfí, ag an am céanna, a bheith “dóchasach” i dtaobh na “rudaí dearfacha a tharla agus atá ag tarlú” i dtaobh na teanga.

Dúirt sé gurb é an rud “is tábhachtaí” áfach ná go mbeifí “dáiríre” faoi na hiarrachtaí atá ar bun “úsáid na Gaeilge a leathnú” i dtír “nua-aoiseach ilchineálach”.

Thagair an tUachtarán chomh maith do chás na Gaeilge sa chóras oideachais.

“Ag deireadh an lae, má táimid le bheith dáiríre i dtaca leis an nGaeilge, caithfimid aghaidh, i ndáiríre, a thabhairt ar an tslí ina bhfuil sí á múineadh sna scoileanna, na háiseanna atá ar fáil agus an tslí ina bhfuil ár múinteoirí oilte chuige sin, agus an athoiliúint atá ar fáil,” a dúirt sé.

Dúirt sé go raibh “dúshlán faoi leith” roimh an nGaeilge mar theanga phobail sa Ghaeltacht.

Dúirt sé gur furasta a rá gurb ionann an Ghaeltacht agus “tobar na teanga”, ach go gcaithfí a bheith “dáiríre” faoi chás na Gaeltachta agus na hacmhainní cuí a chur ar fáil chun dul i ngleic leis an dúshlán sin.

Creideann sé, a dúirt an tUachtarán, go bhfuil “seans” ann go bhfuil muintir na hÉireann “réidh” anois “leis an gcéad chéim eile a ghlacadh i dtreo fhís bheo na hathbheochana”.

Dúirt an tUachtarán go raibh tábhacht mhór ag baint le cartlann Chonradh na Gaeilge, atá curtha i dtaisce anois in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

“Gan caomhnú cúramach agus cruth ceart a bheith curtha ar an ábhar seo, tá baol ann go gcaillfear go deo snáitheanna dár scéal mar thír agus mar phobal. Cuireann digitiú an ábhair seo lena luach, ag cinntiú go mbeidh na doiciméid shuntasacha seo ar fáil go forleathan, do chách,” a dúirt sé.

 

 

Fág freagra ar 'Tá sé in am a bheith ‘macánta’ agus ‘dáiríre’ faoi chás na Gaeilge agus na Gaeltachta – Uachtarán na hÉireann'

  • Mánus

    Agus iad sa gcomhrialtas nua sna 26 condae leanfaidh Ourselves leis an Ghaeilge a chur ar neamhní i ngnáthshaol na 26 condae mar atá déanta ag an établissement iarÉireannach ó na 1970daí. Is ar éigean ar cuireadh ceist chrua ar bith urthu sna meáin faoi todhchaí don Ghaeilge sna 26 condae fós. Is beag difir idir an cur chuige lag faoin nGaeilge atá ag Ourselves agus an cur chuige laissez faire faoin nGaeilge atá ag Soldiers of Destiny leis na cianta..

  • Seán Mag Leannáin

    Bhí mé i láthair ag an gcomhdháil sin inné. Thug an tUachtarán óráid an-spéisiúil agus an-chuimsitheach ar cheist na Gaeilge in Éirinn an lae inniú. Lena chois sin is go breá speagúil a chuir sé a chuid smaointe inár láthair ag an gcomhdháil. Thug mé suntas don chuid dá aitheasc ina dtagraíonn sé do chúinsí ilchineálacha, ilteangacha na tíre sa lá inniú agus a mheas go dtugann sé seo comhthéacs dearfach dúinn chun an Ghaeilge a chur chun cinn. N’fheadar an bhfuil an ceart aige faoi seo? “Baineann ceist na Gaeilge go mór le ré nua na hÉireann, leis an tsochaí nua ilchineálach atá ann. Tá daonra na hÉireann níos ilnáisiúnta, níos ilteangaí agus níos il-eitní ná mar a bhí riamh in ár gcuid comhchuimhne. Tá ceist na Gaeilge le plé sna réaltachtaí a ghabhann le hÉirinn ilteangach agus ilchiníoch.
    Thart timpeall orainn anois tá ciníocha eile ag maireachtáil taobh linn, lena gcuid teangacha cuí, agus tá Éire nua á cruthú againn dá bharr. Is deis iontach í seo chun luach na Gaeilge a chothú an athuair.
    Tá sé ag teastáil go mbeadh uaisleacht ag baint leis an bhfáilte a chuireann Éire roimh ciníocha le teangacha agus cultúir dá gcuid féin acu agus tugann sé sásamh faoi leith dhom nuair a chasaim le leanaí na n-imirceach céanna agus iad ag tabhairt faoi chómhra liom i nGaeilge.
    Tá an domhain ag cungú ar go leor slite agus cé go bhfuil cultúr mealltach domhanda le brath ar shaol digiteach na linne seo, ar shlí cuireann an t-aonchineálacht seo i gcuimhne do dhaoine go bhfuil luach faoi leith ag baint lena gcultúr féin, lena dteanga féin agus gur fiú iad a chosaint agus a nochtadh. B’fhéidir gur spreagadh í seo chun a teanga féin a úsaid, fiú.”

  • Pól Ó Braoin

    Is é an trua nach n-éistfear leis go dtí go mbeidh sé ródheireanach uilig. Má leanann muid ar aghaidh mar atá, ní bheidh gaeltacht ar bith ann níos mó. Scoileanna béarla sa ngaeltacht ag fáil cuidiú ó Roinn na Gaeltachta agus cás na scoile Gaeilge ina bhfuil cainteoirí dúchais ag múineadh inti ar an nglúine ag iarraidh dóthain maoinithe agus a choinneos ag imeacht iad… Deirtear gurb é an comhartha is mó gealtachais dá bhfuil ann ná an rud céanna a dhéanamh arís is arís eile agus an duine ag súil le toradh difriúil… Tá tú ag caint leis an aer, a Uachtaráin a uasail!