Nach deas é? Tá sé in adharc an ghabhair…

Mír rialta faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

Nach deas é? Tá sé in adharc an ghabhair…

Dá mbeadh duine in adharc an ghabhair bheadh sé i gcruachás, i sáinn, in anchaoi, in ainriocht, san abar, san fhaopach, in umar na haimléise, i gcruachás, sa dol, i dteannta. Bheadh sé i ladhar an chasúir.

Bheadh sé idir dhá thine Bhealtaine. Bíonn adharc ar ancaire agus adharc ar an inneoin sa gceárta. Tá adharc seilge ann, adharc diallaite agus scian coise adhairce.

Maidir le déanamh na n-adharc bíonn adharca cúbacha ann agus adharca croma. Goiríní adhairce a thugtar orthu sin a bhíonn ar gach aon taobh den tsrón, i.e, spotaí beaga dubha.

Nuair a bhíonn daoine in adharca a chéile bíonn siad ag troid.

Deirtear gur taibhseach iad adharca na mbó thar lear. Bíonn adharca fada ar na buaibh thar lear a deirtear scaití eile.

Dá mbeifeá ag iarraidh adharca a chur ar dhuine bheifeá ag iarraidh diabhal (drochdhuine) a dhéanamh de.

Chomh cam le hadharc pocaide.

Is cóir gur ar adharca a bheirtear ar na ba agus ar theanga ar na daoine.

Bhíodh miosúr ann ar a dtugtaí adharc. Adharc bó a bhí i gceist agus píosa de mhaide le tóin a chur inti. Is minic a líonadh adharc phoitín.

Tá sé in adharc an ghabhair… Nach deas é?

Fág freagra ar 'Nach deas é? Tá sé in adharc an ghabhair…'