‘Tá sé fós réadúil a bheith ag caint ar 250,000 cainteoirí Gaeilge faoi 2030’ – Kyne

Dúirt an tAire Stáit Seán Kyne ar an gclár '7 Lá' ar TG4 anocht go raibh “an-dul chun cinn” á dhéanamh maidir le feidhm a thabhairt don Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus go bhféadfaí an sprioc a bhaint amach

‘Tá sé fós réadúil a bheith ag caint ar 250,000 cainteoirí Gaeilge faoi 2030’ – Kyne

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne anocht gur ‘sprioc réadúil’ é go mbeadh 250,000 duine ag labhairt Gaeilge gach lá lasmuigh den chóras oideachais faoin mbliain 2030.

Mhaígh an tAire Stáit ar an gclár 7 Lá ar TG4 go raibh “an-dul chun cinn” a dhéanamh maidir le feidhm a thabhairt don Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus go bhféadfaí an sprioc inti maidir le líon na gcainteoirí Gaeilge a bhaint amach.

Idir an dá linn, dúirt Pat Carey, an té a sheol an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus é ina Aire Gaeltachta in 2010, go raibh “an-díomá” air faoina laghad acmhainní a cuireadh ar fáil don phlean ó shin. “Níor cuireadh dóthain acmhainní ar fáil riamh,” a dúirt sé.

Dúirt sé go raibh acmhainní gann nuair a seoladh an Straitéis, ach go raibh cuid den “locht” air féin chomh maith leis na daoine a tháinig ina dhiaidh. Níor thacaigh na ranna eile riamh mar ba chóir leis an Straitéis, a dúirt sé. Ina ainneoin sin, mheas an t-iar-aire go raibh “an ghloine leathlán seachas leathfholamh”.

77, 000 duine a thug le fios i nDaonáireamh 2011 go labhraíonn siad Gaeilge gach lá lasmuigh den chóras oideachais. Beidh figiúirí Dhaonáireamh 2016 ar fáil an bhliain seo chugainn.

Ag tagairt dó don sprioc sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, dúirt an sochtheangeolaí an Dr Brian Ó Curnáin ar 7 Lá na hoíche anocht gur “seafóid” é a bheith ag caint ar 250,000 cainteoir laethúil in 2030.

Dúirt Ó Curnáin gur “gaisce” a bheidh dá bhféadfaí líon na gcainteoirí laethúla a choinneáil mar a bhí nuair a seoladh an Straitéis in 2010 agus gur cheart díriú ar an sprioc sin seachas an sprioc “neamhréalaíoch” faoi 250,000 Gaeilgeoir.

Bhí an sprioc sa Straitéis maidir le 250,000 cainteoir laethúil Gaeilge ina ábhar conspóide ó thús agus mórán den tuairim go raibh an sprioc chéanna ró-uaillmhianach.

Fág freagra ar '‘Tá sé fós réadúil a bheith ag caint ar 250,000 cainteoirí Gaeilge faoi 2030’ – Kyne'

  • Dáithí Mac Cárthaigh

    Dá bhféadfaí cainteoirí laethúla Gaeilge a dhéanamh den 158 teachta Dála agus den 60 Seanadóir atá anois againn agus cur ina luí orthu glacadh leis an nGaeilge mar theanga oibre Thithe an Oireachtais, bheadh sé réadúil a bheith ag caint ar 250,000 cainteoirí Gaeilge faoi 2030.
    Sin an pátrún a bhain leis an gCatalóinis a normalú sa tír sin.

  • AnRógaire

    Cuirtear gach seirbhís ar fáil duit más béarlóir tú. Cén fáth, muna bhfuil gaeilge agat cheana, go mbeadh fonn ort í a fhoghlaim nuair a fheiceann tú go bhfuil sé do-dhéanta béarla a sheachaint agus tú ag plé leis an saol ó lá go lá – leis an earnáil phríobháideach ar fad, seachas corr eisceacht, agus cuid mhaith den earnáil phoiblí san áireamh.