Tá sé éasca leachtaí a mhilleadh ach ní féidir an stair a cheilt go brách

Bhain níos mó ná tragóid amháin le muintir Kevin O’Higgins

Tá sé éasca leachtaí a mhilleadh ach ní féidir an stair a cheilt go brách

Tá an chros ag éirí níos laige le himeacht ama. Croisín beag tanaí atá ann ar aon chuma agus é déanta de láimh, sa choincréit ar an gcasán.

Nuair a scríobh mé anseo faoi bhás an Aire Dlí agus Gnóthaí Eachtracha, Kevin O’Higgins, agus an chros bheag shuarach a dhéanann comóradh ar a dhúnmharú, mheas mé go raibh gach éinne óna chlann básaithe faoin am sin in 2020.

Ba bheag a shíl mé go raibh iníon leis beo fós agus ag cur fúithi i bhfoisceacht scread asail dom anseo ar an gCarraig Dhubh.

Dúnmharaíodh an polaiteoir Kevin O’Higgins ar an 10 Iúil, 1927 agus é ar a bhealach chuig an Aifreann i mBaile an Bhóthair. Ba mhinic mé ag dul thar an spota ar mo shiúlóidí paindéime sna chéad chúpla mí. Agus bhínn i gcónaí ag déanamh iontas den beag is fiú a rinneadh faoin gcomóradh ná faoin eachtra féin sa cheantar. Tá an teach inar chónaigh sé gar don áit agus an teach féin ‘Dunamase’ ar cheann de na tithe deasa ársa atá ar an mbóthar, Ascaill na Croise.

Ach baineadh siar asam roinnt seachtainí ó shin nuair a cuireadh ar mo shúile dom go raibh iníon leis díreach básaithe. Agus ag léamh na tuairisce báis a scríobhadh fúithi, fuair mé amach go raibh níos mó ná tragóid amháin bainteach le Muintir Uí Uiginn.

Bhí an tSiúr Mary Kevin O’Higgins beagnach 99 bliain d’aois nuair a cailleadh í, agus í ina bean rialta le hOrd na gCairmilíteach. Bhí a saol ar fad sna Cairmilítigh caite aici ar an gCarraig Dhubh, agus ansin i gCill Mochuda.

Maev an t-ainm a tugadh uirthi go ndeachaigh sí isteach san Ord agus b’ansin a ghlac sí ainm a hathar di féin.

Spreagann ainm Kevin O’Higgins idir mholadh agus cháineadh. Bhí an-bhaint aige le bunú an tSaorstáit agus bhí sé sáite sa Chogadh Cathardha idir 1922/1923. Ar ndóigh, an eachtra is mó a thagann chun cuimhne nuair a luaitear a ainm ná an t-ordú a shínigh sé agus é ina Aire, príosúnaigh phoblachtánacha a chur chun báis. Ina measc bhí an cara a sheas leis ag a bhainis, Rory O’Connor.

Cúpla mí sular rugadh Maev (An tSr Kevin), mharaigh an tIRA a seanathair an Dr Thomas O’Higgins, ag a theach cónaithe i gCo Laoise, mar dhíoltas ar an ordú sin. Go gairid tar éis deireadh an Chogaidh Chathardha, fuair leanbh le Muintir O’Higgins, Finbarr, bás le niúmóine agus gan é ach roinnt seachtainí d’aois.

Ag sochraid na Siúrach Kevin, dúirt an sagart gur labhair sé léi lá amháin agus í ins na hochtóidí agus go raibh cuimhní aici den lá ar maraíodh a hathair, nuair a bhí sí ceithre bliana d’aois. Chuimhnigh sí ar an torann a rinne na gunnaí agus a máthair ag ligean béic -‘They’ve got him!’

Fuair mise greim ar leabhrán cuimhní a scríobh an sacraisteoir i Séipéal Bhaile an Bhóthair nuair a bhí m’alt féin idir lámha agam in 2020 agus mhaígh seisean go raibh a mháthair féin ar an láthair an lá cinniúnach sin. B’ansin freisin a fuair mé amach faoin gcros bheag sa chasán.

Agus céard faoi bhean chéile Kevin O’Higgins- máthair na gcailíní beaga? In imeacht cúpla bliain bhí a fear chéile, a hathair chéile agus leanbh óg caillte aici. Bhí beirt iníonacha óga aici, Maeve agus Úna.

Chuaigh Úna (Úna O’Higgins O’Malley) ar aghaidh sa saol mar dhuine a sheas le síocháin agus le hathmhuintearas. Bhí sí ar dhuine de chomhbhunaitheoirí Ionad Síochána Ghleann Crí agus bhí dlúthbhaint aici leis an gComhairle um Chearta Daonna na hÉireann blianta ina dhiaidh sin, agus a deirfiúr Maeve imithe isteach sa gclochar.

Sa mbliain 1940, phós an mháthair arís. Agus phós sí duine a bhfuil a ainm sa nuacht le déanaí – ar chúinsí eile ar fad. B’é an dlíodóir mór le rá Arthur Cox an fear a phós sí – cara leis an gclann a bhí ann. Ansin, i 1961, nuair a bhásaigh an mháthair, chuaigh Arthur isteach sna sagairt agus cuireadh chun na hAfraice é. Ach go tragóideach, bhí timpiste bóthair aige sa mbliain 1965 agus bhásaigh sé.

D’fhéadfadh Maev a rogha rud a dhéanamh san ollscoil, cailín an-mheabhrach a bhí inti. Bhain sí céim chéad onóracha amach sa bpolaitíocht agus san eacnamaíocht agus sárchainteoir i mbun díospóireachta a bhí inti freisin. Ach b’fhearr léi an saol spioradálta agus roghnaigh sí ord rialta a bhí dúnta agus gearrtha amach ó chúrsaí an tsaoil. B’fhéidir gur mheas sí go raibh dóthain den saol comhaimseartha feicthe aici faoin am sin – i 1947 a thóg sí a cuid móid sna mná rialta Cairmilíteacha.

Sa mbliain 2012, nocht an Taoiseach ag an am, Enda Kenny, leacht i gcuimhne ar Kevin O’Higgins ar an láthair ar feallmharaíodh é i mBaile an Bhóthair. Go gearr ina dhiaidh sin, milleadh le péint dhearg é. Cuireadh suas arís é. An babhta seo tugadh lascadh dó le casúr. Bhain an Chomhairle Contae anuas é. Níor cuireadh aon rud ina áit.

Labhair mé (i nGaeilge) leis an Seanadóir Barry Ward, polaiteoir áitiúil le Fine Gael, a chuir ceist faoin leacht ag an am sin. Dúirt sé liom go bhfuil suim ag an gComhairle fós sa scéal ach go gcaithfidh siad gluaiseacht ‘go mall.’ Tá barúil ag daoine cé a rinne an damáiste ach ní mian leo scéal mór a dhéanamh faoi.

Nuair a d’inis mé dó go raibh cros bheag bhídeach greanta ar an gcasán, d’admhaigh sé go raibh a fhios ag an gComhairle faoi.

Ach níl deireadh fós leis na comhtharlúintí ar fad a bhaineann leis an scéal seo.

Cuireadh an tSiúr Kevin, (Maev O’Higgins) i reilig de chuid an Oird Chairmeilítigh, i mainistir Naomh Iosaif, suas an bóthar uaim anseo – ceann eile de mo chuid siúlóidí paindéime.

Tá sí curtha gar go maith do bheirt eile a bhí sna siúracha – an tSr Mary Teresa Joseph O’Farrell agus an tSr Mary Angela O’Farrell. Agus creid é nó ná creid, b’aintíní an bheirt acu sin le Rory O’Connor – an fear a sheas le Kevin OHiggins ar lá a phósta, agus a cuireadh chun báis ar ordú uaidh, tamall gairid ina dhiaidh sin.

Tá sé éasca an phéint a chaitheamh thart agus leachtaí a mhilleadh ach ní féidir an stair a cheilt go brách.

Fág freagra ar 'Tá sé éasca leachtaí a mhilleadh ach ní féidir an stair a cheilt go brách'

  • Seán Míchaél Ó Donnchadha

    Píosa scríobhneoireachta an – mhaith a Mhairéad. Scéal tragóideach is ea scéal Caoibhín ó hIgínn. Má tá an Cogadh Cathartha thart agus FF agus FG le chéile sa Rialtas cén fath go bhfuil daoine ag scríosadh an leacht cuimhneacháin.