Tá ráite ag Uachtarán na Cúirte Achomhairc go mbíonn sé deacair go leor air teacht ar thriúr breithiúna, gan trácht ar theacht ar bhreithiúna le Gaeilge.
Dúirt an Breitheamh George Birmingham an méid sin inniu agus é ag trácht ar éileamh go n-éistfí cás achomhairc i nGaeilge.
Dúirt sé go raibh “géarchéim” i ndán don Chúirt Achomhairc toisc gur éirigh beirt de dheichniúr breithiúna as i mbliana agus nár ceapadh aon duine ina n-áit fós agus toisc go raibh triúr eile chun eirí as go luath.
Fágann sin, a dúirt sé, nach mbeadh fágtha ach cúigear breithiúna chun cásanna a éisteacht ar bhonn neamhshrianta.
Is é Donall Billings atá ag iarraidh go n-éistfí a chás achomhairc i nGaeilge.
Fuarthas Billings, a raibh seoladh aige i St Bridgets Court, Droim Lis, An Longfort, ciontach i bpléascáin a bheith ina sheilbh agus i mbagairtí buamála a dhéanamh ceithre huaire i mí na Bealtaine 2011, ar a n-áirítear uair ar dhúirt sé go raibh dhá mhoirtéar i gCaisleán Átha Cliath le linn an fhéasta stáit do Bhanríon Eilís Shasana.
D’iarr Lyndsay Duffy, abhcóide Billings, sa Chúirt Achomhairc inniu go n-éisteadh triúr breithiúna a bhfuil Gaeilge acu an cás.
“Dá léifeá na nuachtáin, bheadh a fhios agat go bhfuil deacrachtaí agam teacht ar thriúr bhreithiúna chun Béarla a labhairt,” a dúirt an Breitheamh Birmingham.
Dúirt an Breitheamh Birmingham go gcuirfeadh sé an cás siar go dtí an chéad liosta bainistíochta eile agus go socrófaí dátaí mí Iúil.
“Le cúnamh Dé, faoin am sin, beidh foireann iomlán ag an gcúirt arís agus beidh a fhios cén cumas teanga a bheidh ag an gcúirt,” a dúirt sé. by then I’ll know what the linguistic capacity of the court will be”.
Dúirt Lyndsay Duffy, abhcóide Billings, go raibh sé de cheart ag a chliant triail a bheith aige as Gaeilge agus go mbeadh na cearta teanga sin i measc na gceisteanna ar a mbunófaí an t-achomharc.
Tá achomharc déanta ag Billings, ar éisteadh a chás i mBéarla agus i nGaeilge, in aghaidh a chiontaithe agus a phianbhreithe.
Gearradh ocht mbliana go leith príosúin ar Billings in 2016. Dúirt an Breitheamh Tony Hunt ag an am go raibh “lánchead aige drochmheas a bheith aige ar an mBanríon Eilís” agus a cuairt go hÉirinn ach nach raibh aon chead aige an tuairim sin a chur in iúl trí ghníomh coiriúil. Gearradh pianbhreitheanna i gcomhthráth air bagairtí bréige buamála a dhéanamh.
Le linn na trialach in 2016, cuireadh an Chúirt Choiriúil Speisialta ar an eolas faoi na bagairtí buamála agus faoin mbuama a fuarthas ar an mbus as Béal an Átha go Baile Átha Cliath le linn chuairt Bhanríon Shasana cúig bliana ó shin.
Ar an 16 Bealtaine 2011, mar thoradh ar ghlaoch gutháin a rinneadh ar Stáisiún ns nGardaí sa Longfort, stop na Gardaí bus, a bhí ar a bhealach go Baile Átha Cliath, i Maigh Nuad agus duine is tríocha ar bord.
Tháinig siad ar bhuama dea-dhéanta i mála a bhí fágtha i stór an bhagáiste chomh maith le púdar gunna, peitreal, aonad amrialúcháin púdair agus fiús. Chualathas sa chúirt go bhféadfadh sé scrios ollmhór a dhéanamh dá bpléascfadh sé. Rinneadh bagairtí eile chomh maith faoi bhuama eile a bheith ar bhus eile, ag Ceanncheathrú Shinn Féin i mBaile Átha Cliath ach ní bhfuarthas aon cheann.
Trí thaifid fóin, nótaí, cárta SIM agus fón póca, sainaithníodh Donal Billings mar an té a rinne an glaoch gutháin.
Ghlaoigh sé arís dhá lá ina dhiaidh sin agus dúirt go raibh dhá mhoirtéar fágtha i gCaisleán Átha Cliath agus iad socraithe le go bpléascfaidís ag a 8pm, le linn an fhéasta stáit don Bhanríon.
“Tá mé i mo bhall de Bhráithreachas na Poblachta, Scuad A,” a dúirt sé. “Do Bhanríon na Fola agus Chogadh na hIaráice an ceann seo.”
De bharr an chéad bhuama a fuarthas, dúradh sa chúirt gur glacadh gur bhagairt thromchúiseach a bhí inti ach nár thángthas ar aon ghairis phléascacha.
Rinneadh an tríú glaoch dhá lá ina dhiaidh sin ag bagairt go raibh dhá bhuama eile i leithris Aerfort Chorcaí ach ní bhfuarthas aon rud ansin ach oiread.
Ag tagairt do na hagallaimh a rinne Billings leis na Gardaí, dúirt an Breitheamh Hunt go raibh na “bréaga” a d’inis an pinsinéir do na Gardaí “sách follasach agus neamhshofaisticiúil”.
Ciontaíodh Billings faoi dhó roimhe sin, as pléascáin a bheith ina sheilbh aige sa tuaisceart i 1973.
sharlot
‘go dtí Bleá Cliath’ nó ‘go Bleá Cliath’? Ní deirtear ‘an Bleá Cliath’ dá bhrí sin ‘go Bleá Cliath’ an ceart. ‘An Daingean’…’go dtí’n Daingean’. ‘An Uaimh’….’go dtí’n Uaimh’ etc
Fearn
An bhfuil siad ár bhfáil réidh le stadas na Gaeilge a bhaint den “oifigiúlacht”.
Muna bhfuil ceart Gaeilge sa bhunreacht, nach réiteodh sin meon an bhéarlora in Éirinn?