‘Tá sé de rún agam teacht ar bhealach inbhuanaithe le mo chuid siopadóireachta a dhéanamh’

Caitheann Tuairisc.ie súil chun cinn ar 2024 le Sorcha Nic Eochagáin, léiritheoir agus podchraoltóir a thug dúinn an chéad sraith podchraoltaí i nGaeilge faoi choirscéalta fírinneacha.

‘Tá sé de rún agam teacht ar bhealach inbhuanaithe le mo chuid siopadóireachta a dhéanamh’

An bhfuil aon rún agat don bhliain 2024?

Tá sé de rún agam teacht ar bhealach inbhuanaithe le mo chuid siopadóireachta a dhéanamh agus le taisteal, bealach a chuireann san áireamh an timpeallacht, cúrsaí polaitiúla, coinníollacha oibre na n-oibrithe atá ag plé leis an mbia nó a chónaíonn sa tír agus an geilleagar áitiúil. 

Cén rud is mó a bhfuil tú ag súil leis in 2024?

Táim ag súil le níos mó ama a caitheamh le mo mhuintir agus le cairde. Bhog mé ar ais go hÉirinn ó Shasana cúpla bliain ó shin agus is é an cinneadh is fearr dá ndearna mé.

Beidh sraith nua teilifíse agus podchraoltaí ag teacht amach do Marú Inár Measc, sraith a bhím a léiriú do Midas Productions agus TG4. Ábhar trom a bhíonn sna cláracha ach tá mé ag súil go n-ardófar ceisteanna faoi na cásanna agus go mbeidh tionchar dearfach ag na cláracha ar réiteach na gcásanna nó fiú ar shaol na ndaoine a bhfuil a saol caite acu ag troid ar son a ngaolta nó cairde a maraíodh.

Cén rud is mó nach bhfuil tú ag súil leis in 2024?

Tá go leor brú ar theaghlaigh le roinnt blianta anuas i dtaobh an chostais mhaireachtála agus na géarchéime tithíochta. Níl aon chúis dóchais ann go dtiocfaidh athrú ar chúrsaí.

Cén t-imeacht is mó a bhfuil tú ag súil leis in 2024?

Níl aon rud sa dialann agam i dtaobh imeachtaí ach seans maith go mbeidh cúpla gig i gceist agus go rachaidh mé ar cuairt ar thír nach raibh mé cheana.

Cén chúis dóchais is mó atá agat don bhliain 2024?

Táim dóchasach go dtiocfaidh athrú ar an tsochaí agus go dtiocfaidh daoine ó gach saghas cúlra le chéile. Teastaíonn an éagsúlacht le pobal agus sochaí i bhfad níos sláintiúla a chothú.

Cén rud is mó ba mhaith leat a bhaint amach in 2024?

Ba bhreá liom aire níos fearr a thabhairt do mo shláinte. Fuair mo mháthair bás bliain go leith ó shin agus nuair a tharla sé sin rinne mé cinneadh roghanna níos fearr a dhéanamh ar mhaithe le mo shláinte féin, níos mó aclaíochta a dhéanamh agus aire a thabhairt do mo shláinte intinne; táim ag iarraidh leanacht ar aghaidh leis an turas sin.

Dá bhféadfá rud amháin a athrú faoi shaol na hÉireann in 2024, céard a d’athrófá?

D’ardaigh imeachtaí éagsúla a thit amach in 2023 go leor ceisteanna faoin tsochaí atá againn agus tá súil agam go bhfoghlaimíonn muid ó na himeachtaí sin. Táim ag caint go háirithe faoin na círéibeacha a thit amach i mBaile Átha Cliath. Níl aon áit sa tsochaí ag an gciníochas. Scairt an chíréib an spotsolas ar an easpa tacaíochta atá ann do phobail éagsúla agus ar an mbrú atá ar lucht na gcíréibeacha agus níl aon bhaint ag teifigh leis!

Fág freagra ar '‘Tá sé de rún agam teacht ar bhealach inbhuanaithe le mo chuid siopadóireachta a dhéanamh’'