Tá sé cruthaithe arís eile nach féidir brath ar na pobalbhreitheanna

Tá sciar mór daoine i Meiriceá a chreideann go bhfuil dearcadh drochmheasúil ag na Daonlathaigh ina leith

Tá sé cruthaithe arís eile nach féidir brath ar na pobalbhreitheanna

Pictiúr: Sam Boal/RollingNews.ie 

Tá sé cruthaithe babhta amháin eile i dtoghchán i Meiriceá nach féidir brath ar na pobalbhreitheanna. Sna laethanta deiridh den fheachtas bhí sé ag éirí níos soiléire gur beag a bheadh idir an bheirt fhear a bhí san iomaíocht. Mar sin féin bhí na bealaí teilifíse ag géilleadh do na figiúirí agus chuir an toradh sa deireadh iontas orthu. Agus ar chuid mhaith leo!

Is fiú a rá arís, mar a dúradh go minic i rith an fheachtais, nach toghchán amháin a bhí ar siúl Dé Máirt seo caite ach leathchéad toghchán ar leith ag brath ar cén stát ina bhfuil tú. Tá an chaoi a vótálann an pobal sna stáit éagsúla bunaithe ar chúinsí áitiúla. Tá siad bunaithe freisin ar sheasamh an phobail sa gceantar. An bhfuil oideachas tríú leibhéal orthu? An bhfuil cúlra eitneach acu? An bhfuil siad ag brath ar thionscal ar leith?

Ach an oiread linn féin anseo in Éirinn tá deighilt shuntasach idir pobail na gcathracha agus pobail na tuaithe sna Stáit Aontaithe. Caitheadh go leor den fheachtas ag díriú ar an gcaoi a gcaithfeadh an pobal sna bruachbhailte – na mná go háirithe – a gcuid vótaí. De réir chuile chosúlacht thug siad a dtacaíocht do Biden. Fiú sna stáit sin atá fós ag comhaireamh tá sé suntasach go bhfuil vóta Biden ina neart i measc phobal na gcathracha in áiteacha cosúil le Philadelphia agus Pittsburgh, an dá chathair mhóra. Idir eatarthu tá Alabama, a deirtear linn.

Cuireann an tuairim sin olc ar na mhuintir na tuaithe i Meiriceá. Tá sciar mór acu a chreideann go bhfuil dearcadh drochmheasúil ag na Daonlathaigh ina leith féin, go háirithe ar an dá chósta agus in Washington DC. Áiríonn siad lucht ollscoile, lucht nuachtán agus lucht na meán cumarsáide i measc na ndaoine a bhíonn ag caitheamh anuas ar a gcuid tuairimí agus ar an gcineál saoil atá acu. Labhraíonn Donald Trump leo agus tacaíonn siad leis.

Mar gheall ar mhéid na tíre is beag pobalbhreith a théann amach faoin tír sna stáit i lár Mheiriceá, sa gcuid sin de Philadelphia a dtugtar Alabama air agus leithéidí Little Havana in Florida. Níl bhíonn tuairim, mar sin, go dtí go dtosaítear an comhaireamh cén toradh a gheofar sna stáit a bhíonn idir dhá cheann na meá. Léiríodh dúinn arís eile an tseachtain seo nach féidir géilleadh do na pobalbhreitheanna. Is féidir glacadh leis go bhfuil tacaíocht ann do shoiscéal Trump agus go gcaithfear aghaidh a thabhairt ar na deacrachtaí atá ag na daoine sin má tá an tír le haontú. Tá fianaise tagtha anois as na bothanna vótála – ní gá tagairt do na pobalbhreitheanna arís go ceann píosa.

Fág freagra ar 'Tá sé cruthaithe arís eile nach féidir brath ar na pobalbhreitheanna'