Tá Oireachtas na Gaeilge seolta go hoifigiúil i mBaile Átha Cliath ag Aire Stáit na Gaeltachta, Joe McHugh.
Agus an fhéile á seoladh aige, dúirt an tAire Stáit go raibh “réabhlóid” teanga ar bun faoi láthair agus go raibh “páirt mhór” glactha ag Oireachtas na Gaeilge sa réabhlóid sin agus i gcothú an “dearcadh dearfach” atá ag daoine i dtaobh na teanga.
“Tá an Ghaeilge anois tarraingteach do dhaoine óga agus do dhaoine fásta araon. Tá sé ‘cool’ anois an Ghaeilge a bheith agat.
“Agus mar chruthú air sin, féachaigí an oiread daoine óga a bheas ag tarraingt ar an Oireachtas an deireadh seachtaine seo, chun spraoi agus spórt agus craic a bheith acu – trí mheán na Gaeilge – agus mise ina measc!” a dúirt Joe McHugh in Óstán an City West i mBaile Átha Cliath, mar a mbeidh 150 imeacht ar siúl idir seo agus Dé Domhnaigh.
Dúirt an tAire gurb é an focal is mó a shamhlaíonn sé leis an nGaeilge ná an focal ‘ábhartha’ agus go bhfuil an teanga anois ‘ábhartha’.
Thuill McHugh bualadh bos ón slua a bhí i láthair ag an seoladh nuair a mhol Stiúrthóir an Oireachtais Liam Ó Maoladha é as an bhfeabhas a bhí tagtha ar a chuid Gaeilge ó ceapadh ina Aire Gaeltachta é.
Dúirt an tAire go spreagann comórtais liteartha an Oireachtais daoine le peann a chur le pár agus go gcabhraíonn na comórtais sin “le pobal léitheoireachta a chothú agus a neartú”.
“Is ábhar bróid agus mórtais é an caighdeán ard scríbhneoireachta agus foilsitheoireachta atá le fáil i nGaeilge anois,” a dúirt an tAire Stáit.
Tá Oireachtas na Gaeilge ar cheann “de na dea-scéalta is mó” atá ag pobal na teanga, a dúirt an tAire.
Dúirt an tAire chomh maith go raibh an Ghaeilge “imithe idirnáisiúnta anois”.
“Tá an tOireachtas imithe idirnáisiúnta fosta. Tá Oireachtas dá gcuid féin acu anois i gCeanada; agus thug mé féin cuairt ar Oireachtas Milwaukee i mbliana. Shuigh mé isteach ar ranganna Gaeilge ann ag an Scoil Samhraidh agus bhí an caighdeán iontach ard.
“Deirtear liom go bhfuil cuid de na mic léinn a bhí ag foghlaim liom in Milwaukee anseo ag an Oireachtas fosta – sin tionchar domhanda na nGael agus na Gaeilge,” a dúirt McHugh.
Fág freagra ar '‘Tá sé ‘cool’ anois an Ghaeilge a bheith agat!’ a deir Aire na Gaeltachta agus Oireachtas na Gaeilge á sheoladh aige'