Tá sé ag teacht abhaile, go bhfóire Dia orainn… 

Is cinnte gur suimiúla aon chomórtas dos na hÉireannaigh nuair a bhíonn seó bóthair na Sasanach fós sa tsiúl ach beimid ar tinneall inniu

Tá sé ag teacht abhaile, go bhfóire Dia orainn… 

“It’s coming home.” Go bhfóire Dia orainn tá na Sasanaigh ag rith le brothall in athuair (UEFA Euro 2020, RTÉ1, Dé Céadaoin). Fuaireadar an ceann is fearr, ar éigean, ar na Lochlannaigh cróga in Wembley Dé Céadaoin. A bhuíochas sin do chic éirice neafaiseach arb é tuairim na coitiantachta nár chalaois in aon chor ba bhun léi.

Cuireann na hÉireannaigh iad féin trína chéile oícheanta mar seo. An-aithne ag Éireannaigh ar imreoirí Shasana agus lucht leanta dílis ag príomhroinn Shasana anseo. An-ghean ag Éireannaigh ar chlubanna Shasana agus ar na laochra Sasanacha a dhéanann gaisce dóibh seachtain i ndiaidh seachtaine.  Imíonn an dílseacht sin le cúr na habhann agus geansaí na dtrí leon á gcaitheamh acu. “Tá sé casta,” faoi mar a dúirt Tony O’Donoghue ina mhír bheag ait roimh an gcluiche. É sin ar fad agus imreoirí de bhunadh na hÉireann lárnach sa bhfoireann.

Agus sinn ar ais sa stiúideo rith sruth smaointeachais le Liam Brady is é ag caint ar Chromail is na Dúchrónaigh ach é ag iarraidh go mbuafadh Sasana. Richie Sadlier ina Thadhg an dá Thaobh ach ag tacú leis an Danmhairg mar gheall ar a bhfuilid gafa tríd. Má táthar le bheith pointeáilte faoi uafáis na staire ba cheart a lua nárbh aon naoimh iad na Lochlannaigh nuair a bhíodar in airde láin. Fiafraigh des na manaigh é. Fágaimis sin mar atá.

Deinim amach go raibh mearbhall ar Didi Hamann bocht faoin gcrá croí seo ar fad. Níor chuir sé aon fhiacail ann is é ag maíomh gurbh fhearr lucht na Danmhairge agus gur theastaigh uaidh go mbuafadh siad. B’ábhar náire ag an bhfear céanna titim bhréagach Raheem Sterling agus an cocstí a dhein lucht VAR den chinneadh. Ní nach ionadh bhí na meáin shóisialta ar a mine ghéire is pictiúir de Sterling mar bhall d’fhoireann tumadóireachta Shasana agus an bhanríon ar an inneall VAR á scaipeadh go forleathan. Leábharaic eile ag maíomh nár thit Sterling chomh tubaisteach ó fógraíodh Brexit.

Is cinnte gur suimiúla aon chomórtas dos na hÉireannaigh nuair a bhíonn seó bóthair na Sasanach fós sa tsiúl, léiríonn figiúirí féachana RTÉ an méid sin go paiteanta. Beimid ar tinneall an Domhnach seo chugainn.

Trí bliana tar éis síniú Chomhaontú Aoine an Chéasta tharla ceann de heachtraí ba náirí i stair an Tuaiscirt. Tugadh conspóid Scoil na Croise Naofa in Ard Eoin i dTuaisceart Bhéal Feirste chun cuimhne sa ghála is deireanaí de Scannal (RTÉ1, Dé Máirt). Bhí Caitlicigh agus Protastúnaigh ag maireachtaint le hais a chéile sa cheantar seo agus bhí ar chailíní bunscoile siúl trí cheantar Protastúnach le dul ar scoil. In ainneoin an chomhaontaithe bhí teannas agus aighneas uafásach sa cheantar agus phléasc rudaí in 2001. Thosaigh dílseoirí ag agóidíocht go fíochmhar agus na leanaí ag dul ar scoil. B’éigean do na póilíní garda cosanta a thabhairt do na cailíní agus clocha, málaí múin agus achasáin á gcaitheamh leo ar dalladh. Ba scáfar agus ba náireach na híomhánna iad agus ní haon ionadh go raibh an scéal sna ceannlínte ar fud an domhain. Níor chuir aon duine de na haíonna (Caoimhe Ní Chathail, Robert McMillen, Ann Cadwallader, Kevin Magee agus an t-iarUachtarán Mary McAleese) aon fhiacail ann is iad ag trácht ar iompar gránna an lucht agóide. Táid fós cortha ag an scéal agus ní haon iontas sin nuair a chíonn tú íomhánna des na leanaí suaite scanraithe ag siúl ar scoil faoi léigear.

Níor tugadh aon ní nua chun solais sa chlár agus b’ait liom nár labhraíodh le héinne des na cailíní a bheadh sna fichidí déanacha anois. Ina dhiaidh sin féin is maith ann clár dá leithéid le huafáis na staire a mheabhrú dúinn.

Fág freagra ar 'Tá sé ag teacht abhaile, go bhfóire Dia orainn… '