‘Tá sé ag fáil níos measa’ – aighneas faoi ‘easpa’ Gaeilge an INTO

Deir Mícheál S Mac Donncha, Rúnaí Chraobh IarChonnacht den INTO gur cheart go mbeadh polasaí láidir Gaeilge ag an gceardchumann ach gur ‘ag cúlú’ ó thaobh na Gaeilge atá sé

Tá cosaint déanta ag Ard-Rúnaí Chumann Múinteoirí Éireann ar a laghad Gaeilge atá ar shuíomh idirlín nua an cheardchumainn.

Níl d’ábhar Gaeilge le feiceáil ar phríomhleathanach shuíomh nua an INTO, ceardchumann a dhéanann ionadaíocht ar mhúinteoirí ar fud na tíre, ach seoladh na heagraíochta féin.

I ráiteas a d’iarr Tuairisc.ie ar Chumann Múinteoirí Éireann maidir lena laghad ábhar i nGaeilge atá le feiceáil ar shuíomh na heagraíochta, dúirt Ard-Rúnaí an Cheardchumainn, John Boyle, go mbíonn ábhar i nGaeilge ar fáil ar an suíomh “ó am go chéile”.

“Bhí lúcháir ar an INTO ár suíomh nua á sheoladh, suíomh a chuireann eolas poiblí ar fáil do dhaoine agus ábhar ar fáil dár mbaill i bPoblacht na hÉireann agus i dTuaisceart Éireann. Ó am go chéile, cruthaíonn muid ábhar i nGaeilge, a fhoilsítear ar an gcuid den suíomh atá le feiceáil go poiblí, lena n-áirítear póstaeir sheomraí foirne, scéalta nuachta, tuairiscí agus eile,” a dúirt John Boyle.

Mhaígh Ard-Rúnaí Chumann Múinteoirí Éireann gur “do bhaill atá cláraithe leis an gcumann amháin” atá “formhór an ábhair” ar an suíomh ar fáil agus go raibh “an-chuid ábhar, tuairiscí agus treoracha” ar fáil i nGaeilge do na baill sin.

Mar shampla den ábhar Gaeilge a foilsíodh ar leathanaigh phoiblí an tsuímh le déanaí, thagair Ard-Rúnaí Chumann Múinteoirí Éireann de “scéal nuachta agus póstaeir eolais” maidir le painéal múinteoirí Gaeilge atá á earcú ag an Fhoras Taighde ar Oideachas.

Is ábhar é sin a bhaineann go sonrach le múinteoirí i scoileanna Gaeltachta agus i nGaelscoileanna.

Agus é tagairt do ráiteas John Boyle, dúirt Mícheál S. Mac Donnacha, Rúnaí Chraobh IarChonnacht den INTO, gur chóir go mbeadh “gach rud” ar shuíomh an cheardchumainn á chur ar fáil go dátheangach dá mbaill ach gurb amhlaidh gur “ina dhiaidh a chuimhnítear ar an nGaeilge i gcónaí”.

“Sa lá atá inniu ann, agus an t- uafás múinteoirí i scoileanna Gaeltachta agus múinteoirí i ngaelscoileanna ina mbaill den eagraíocht, ba chóir go mbeadh polasaí láidir dátheangach ag Cumann Múinteoirí Éireann. Níl sin amhlaidh,” a dúirt Mac Donnacha.   

Dúirt Rúnaí Chraobh IarChonnacht de Chumann Múinteoirí Éireann gur mheas sé gur “ag cúlú” a bhí an eagraíocht le roinnt blianta anuas ó thaobh an fhreastail a dhéantar ar a mbaill sa Ghaeltacht agus i scoileanna lán-Ghaeilge.

“Tá an ceardchumann tite siar go mór maidir leis an ábhar Gaeilge a chuirtear amach. Nuair a thosaigh mé leis an gcraobh bhí níos mó ábhar Gaeilge á chur amach ná mar atá anois. In áit a bheith ag fáil níos fearr tá sé ag fáil níos measa.

“Is múinteoirí ó scoileanna Gaeltachta ar fad atá sa chraobh agamsa. Uaireanta, bíonn orm ábhar a chur chucu i mBéarla agus is masla é sin do mhúinteoirí na Gaeltachta. Uaireanta eile, aistrím féin an t-ábhar. Níl sé sin ceart,” a dúirt Mac Donnacha.

Mhol Mac Donnacha go gcuirfí “ar a laghad” príomhtheachtaireachtaí agus ábhar bolscaireachta agus poiblíochta an cheardchumainn amach chuig na baill go dátheangach.

Shéan Ard-Rúnaí Chumann Múinteoirí Éireann go raibh easnamh ar bith ar shuíomh nua na heagraíochta ó thaobh na Gaeilge agus dúirt sé go raibh an ceardchumann “tiomanta ar fad do chur chun cinn an pholasaí oideachais don Ghaeltacht”.

Fág freagra ar '‘Tá sé ag fáil níos measa’ – aighneas faoi ‘easpa’ Gaeilge an INTO'

  • Bernadette

    Le fada an lá anois tá sé soiléir nach bhfuil aon mheas ag Cumann Múinteoirí na hÉireann ar an teanga. Agus más mar sin atá siad ag feidhmiù mar eagraíocht náisiúnta mùinteoirí bunscoile na tíre, conas a bhféadfaimis bheith ag súil go gcuirfidis an Ghaeilge chun cinn sna scoileanna? Ní hé sin a rá nach bhfuil obair na gcapall á déanamh ag go leor des na mùinteoirí féin istigh sna seomraí ranga ach níl aon tacaíocht ag teacht ón gceannaireacht. Is náireach a laghad den teanga a bhíonn le cloisteáil ón árdán ag an gcomhdháil bhliantiúil, cé go bhfuil sé le clos ón gcosmhuintir ag caint eadarthu féin. Aontáim le Mícheál sa mhéid atá ráite aige.

  • Daor Mac an tSaoir

    Ní thuigim diabhal céard chuige nach ritear reachtaíocht chun riachtanais theanga a chur ar leithéidí INTO. Cé a bheadh ina choinne sin ach amháin na hamhais dána iad féin?