Tá scíth tuillte ag Liam Ó Néill agus ár mbuíochas freisin

Mar Uachtarán CLG bhí deis ag Ó Néill a lámh a leagan go díreach ar phobal na hÉireann, sa mbaile agus i gcéin, ar bhealach nach bhfaigheadh sé in aon phost eile

Liam O'Neill 18/8/2012
©INPHO/Lorraine O’Sullivan

Tá daoine ann a mbíonn mianach an cheannaire iontu ó chaitear ar an sop iad, dream eile arb í an chumhacht a dhéanann iad a spreagadh agus a thugann fuinneamh dóibh.

Ach cuma céard a d’fhág ann tú, ní féidir go bhfuil sé éasca ag éinne post iomráiteach ina mbíonn sé nó sí de shíor i mbéal an phobail a fhágáil ina ndiaidh, faoi mar atá déanta ag Iar-Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael Liam Ó Néill an deireadh seachtaine seo.

Le trí bliana bhí deis ag Ó Néill a lámh a leagan go díreach ar phobal na hÉireann, sa mbaile agus i gcéin, ar bhealach nach bhfaigheadh sé in aon phost eile agus is ar an gcúis sin, seachas ar chúiseanna cumhachta ná stádais a aireoidh sé easpa beag ina shaol as seo go ceann cúpla mí, díreach mar a d’airigh aon Iar-Uachtarán a chuaigh roimhe.

Is deacra fós acu dul ina thaithí, déarfainn, mar nach bhfuil cúram ná post ar dhroim na cruinne a mb’fhearr leo a bheith ina bhun – iad ag plé leis an ábhar ba ghaire dá gcroíthe agus ba mhó a raibh dúil acu ann.

Níl sé furasta ach an oiread ag duine cúram a fhágáil ina dhiaidh agus a fhios a bheith acu nach bhfuil na spriocanna ar fad a chuir siad rompu bainte amach go hiomlán acu agus gur faoi stiúir dhuine eicínt eile a tharlóidh sin. Ach in eagraíocht chomh mór agus chomh hilchineálach le an Cumann Lúthchleas Gael, ní bhíonn an tUachtarán nua i bhfad ina shuíochán nuair is léir dó nach mbainfidh sé a mhianta ar fad amach in imeacht trí bliana.

Glac leis freisin nach ina shuí ag deasc i mbun pleanála agus ag cur i bhfeidhm straitéise a chaith Liam Ó Néill ná aon duine eile acu iomlán a dtréimhsí oifige – tá na cuairteanna club agus scoile agus na turais thar lear chuig na himircigh chomh tábhachtach do chúram an Uachtaráin agus atá aon rud eile – níos tábhachtaí seans.

Ba le huacht a fágadh aige cuid mhaith de na mianta a luaigh Ó Néill nuair a chuaigh sé i mbun na hoibre trí bliana ó shin – cúrsaí réiteoireachta, slacht a chur ar fhéilire áitiúil agus náisiúnta na gcluichí chomh maith le cur chun cinn na hiomána.

Bhí na constaicí a tháinig leis an gcúlú eacnamaíochta roimhe freisin agus ní mba ar chláracha comhardaithe na gcuntas amháin a bhí siad siúd le n-aithneachtáil, ach ar bhunchloch na heagraíochta – na clubanna agus na pobal sin a bhfuil bánú na tuaithe ag cur isteach chomh mór céanna anois orthu agus atá pócaí folmha.

De réir nádúir, is go mall, righin, réidh a théann Cumann Lúthchelas Gael i mbun a gcuid oibre, níos moille fós nuair a bhíonn aon mhórathrú i gceist agus sa gcomhthéacs sin, is féidir leis an Iar-Uachtarán a bheith sásta go maith lenar baineadh amach lena linn.

Beidh sé níos sásta fós nuair a bheidh toradh iomlán le feiceail ar obair na gCoistí Athbhreithnithe Peile agus Iomána 2020 a bhunaigh sé.

Léirigh Liam Ó Néill freisin nach raibh fuacht ná faitíos air an fód a sheasamh nuair a cheap sé an ceart a bheith aige. Rinne sé cosaint láidir ar an socrú cearta craolta a dhíol leis an gcomhlacht Sky agus nuair a mheas sé é a bheith tuillte acu, ní raibh aon leisce air aghaidh a thabhairt ar chuid de na bainisteoirí is cáiliúla dá bhfuil ann ná ar iarimreoirí atá ag nochtadh a dtuairimí anois ar leathanaigh nuachtáin, ar raidió, ar an teilifís agus ar na meáin eile.

Rinne sé iarracht faoi leith aitheantas a thabhairt do ról na mban i gCumann Lúthchleas Gael. Mhéadaigh go mór an líon acu a cheap sé ar na lárchoistí i bPáirc an Chrócaigh agus ba ar mhná amháin a bronnadh Gradaim an Uachtaráin an bhliain seo caite.

Dhá bhliain ó shin a fritheadh an léiriú ba shoiléire ar intinn Uí Néíll faoi na cúrsaí sin nuair nár déanadh aon athrú ar an dáta a bhí leagtha amach do Chluichí Ceannais Peile na mBan, mar a déanadh an bhliain roimhe, nuair a chríochnaigh Cluichí Ceannais na hIománaíochta ar comhscór.

Bhí pleananna ag Liam Ó Néill gur faoi chóras rialachais Chumann Lúthchleas Gael go hiomlán a bheadh eagraíochtaí imeartha na mBan agus na Camógaíochta. Níor éirigh leis, ach mar a fheictear i ngnéithe eile den saol, is minic leis an gcómhnascadh a bheith fadálach, achrannach.

Rud a tharla i bhfad níos tapúla ná sin agus a thuill moladh agus buíochas dó ab ea an bealach ar laghdaíodh praghas na dticéad do athimirtí nuair a chríochnaigh na Cluichí Ceannais Iomána sin i 2013 agus 2014 ar comhscór.

Fearacht gach duine a bhí sa bpost roimhe agus an té atá anois ina chomharba air, Aogán Ó Fearghaíl, ba mhaith an rud go mba dhuine fuinniúil é Liam Ó Néill – an domhan taistealaithe aige le trí bliana, na céadta míle míle ar chlog a ghluaisteáin agus é féin ar chúl an roth an t-am ar fad.

Anois fillfidh sé ar a dhúchas agus ar an nGaelscoil bheag i dTromrátha. Roinnfidh sé a chuid ama agus a chuid allais le rudaí nach raibh i bhfad óna chroí riamh – oideachas agus an óige, agus leis an dream is gaire ar fad dá chroí – a bheanchéile Áine agus a chlann Caoimhe, Clíodhna agus Ciarán.

Tá scíth tuillte aige. Ár mbuíochas freisin.