Tá scéal na Críostaíochta ar fad anseo, seal glórmhar, seal gránna

Tá seanchas na Críostaíochta ag Tom Holland ina shaothar nua, saothar a léiríonn nach fada ón gcor nua a bhíonn an Chríostaíocht in am ar bith

Tá scéal na Críostaíochta ar fad anseo, seal glórmhar, seal gránna

Dominion: the making of the Western Mind

Tom Holland
Little, Brown

An Chríostaíocht is ábhar do leabhar nua máistriúil Tom Holland, Dominion: the making of the Western Mind. Bheadh cathú ort, b’fhéidir, scéal na Críostaíochta “ó thús deireadh” a thabhairt air i gcomhthéacs an Iarthair de ach, mar a léiríonn Holland, níl rás na Críostaíochta rite go fóill.

Leoga, má chreideann lucht cáinte na Críostaíochta go bhfuil an lá leo, b’fhéidir gur chóir dóibh leabhar Holland a léamh le go dtuige siad nach fada ón athnuachan, ón athbheochan, ón chor nua a bhíonn an Chríostaíocht in am ar bith. Agus más de lucht leanta Chríost thú agus tú in ísle brí faoi imeachtaí na cruinne, amharc ar ar fhulaing do chairde i gCríost romhat, amharc ar an leatrom a imríodh orthu agus abair paidir nach bhfuil ort ach cur suas le dríodar na meán sóisialta.

Ní stair chuimsitheach na Críostaíochta atá scríofa ag Holland ach caibidlí as an stair sin; cur síos cothrom ar dhaoine a rinne cion fir agus mná ar son na Críostaíochta, daoine a rinne géarleanúint uirthi, impirí atá i mbéal an phobail go fóill mar gheall ar an teach, claí nó fál a thóg siad agus naoimh atá ligthe chun dearmaid in ainneoin a gcuid carthanachta.

Éabhlóid na Críostaíochta atá anseo: a forbairt; a hanáil; a tionchar; a héifeacht; a mí-éifeacht; a bua agus a díomua. Bíodh do rogha focal agat air. Tá an mhaith agus an t-olc fite fuaite ina chéile sna leathanaigh. B’fhéidir nár mhiste Seanchas na Críostaíochta a thabhairt air nó agallamh atá ar siúl ag Holland, agallamh na seanóirí. Tá dinnseanchas ann, gan amhras, an nasc sin idir na Críostaithe luatha agus cathracha ar leith a d’aithneofá. Tá domhan na bpágánach ann agus na caismirtí idir Gréagaigh, Peirsigh, Rómhánaigh, Giúdaigh agus Críostaithe.

Ba é a bhí sé fuilteach mar ré:

The executioners, forcing their victim onto his back, had evidently driven spikes through his living flesh, hammering them deep into the wood. Bone would have rubbed and scraped against iron as the board was then levered erect.

Ní céasadh Chríost atá ansin, dála an scéil, ach bás Artayctes, giolla de chuid impire na bPeirseach. Na Gréagaigh a thug anbhás air, bás gránna le go dtuigfeadh a mháistir thoir nár thoiligh Gréagaigh lena riail impiriúil.

I ré sin na fola a tháinig an Chríostaíocht chun cinn agus tugann Holland léargas ar an dóigh ar fhás agus ar scaip an creideamh seo as coirnéal gan tábhacht d’impireacht na Rómhánach, mar a chuir an creideamh nua fréamhacha i dtuaisceart na hAfraice agus sa Mheán-Oirthear ar dtús agus san Eoraip ina dhiaidh sin, mar a tháinig sí slán as géarleanúint, mar a fuair a cuid ceannairí an lámh in uachtar ar an tsaol pholaitiúil agus mar a fuair an saol polaitiúil an lámh in uachtar ar an Chríostaíocht lena sheal, mar a d’imir, agus mar a imríonn an creideamh, tionchar ar an tsaol go fóill féin.

Tá an scéal ar fad anseo; seal glórmhar, seal gránna. Tá naoimh agus peacaigh ann, easpaig agus polaiteoirí, fir agus mná, an t-iomlán léir ag coraíocht leis an charraig lom agus an Soiscéal á scaipeadh acu. Níor cheart go dtiocfadh an creideamh seo slán; níor cheart. Ba cheart go múchfaí í an chéad lá riamh. Ba cheart go bhfuair sí bás le Críost ar crois. Ba cheart nach mbeadh inti ach fonóta sa stair. Ach mhair sí agus maireann. Rinne cuid dá cuid ceannairí maith mhór agus cuid acu olc agus tá lucht leanta Chríost le fáil, dá ndeoin agus dá n-ainneoin, fud fad na cruinne.

Tá na hÉireannaigh ann. Luann Holland Sceilg Mhichíl:

Cold and hunger, which kings built great feasting-halls to keep at bay, were valued by those who settled on Skellig as pathways to the radiant presence of God. Monks who knelt for hours in sheeting rain, or laboured on empty stomachs at tasks properly suited for slaves, did so in the hope of transcending the limitations of the fallen world. The veil that separated the heavenly from the earthly seemed, to their admirers, almost parted by their efforts.

Luann sé fosta na manaigh Éireannacha a thug an Soiscéal anonn chun na Breataine. Tá Columbanus anseo agus é ar misean chun na mór-roinne:

Columbanus – the Little Dove – arrived in Francia in 590: the same year that Gregory was elected pope. The Irish monk … came from the ends of the earth, without status, without pedigree; and yet, by sheer force of charisma, he would set the Latin West upon a new and momentous course.

Baineann an cúpla leathanach féin ar shaol agus ar shaothar Columbanus geit asat nó míníonn Holland go beacht gur chuir Columbanus cor i gcinniúint na hEaglaise nár chuir mórán eile de chlanna Gael.

B’fhéidir nár mhiste deireadh a chur leis an alt le nóta pearsanta. Má bhí tionchar ag Columbanus ar an Chríostaíocht ar an mhór-roinn, bhí tionchar de réir a chéile ag an mhór-roinn ar Éirinn. Scríobhann Holland:

No surprise, then, that in time the wings of the most powerful angel of them all should have been heard beating golden over Columbanus’ native land. Almost certainly, it was the Irish monks studying in Bobbio who brought home with them the cult of Saint Michael. From Italy to Ireland, the charisma of the warrior archangel came to radiate across the entire West.

Naomh Micheál an tArdaingeal an t-ainm atá ar mo pharóiste dúchais féin i mBéal Feirste. Ní raibh a fhios agam riamh go raibh an nasc sin idir Columbanus agus an paróiste ann. Agus mé ar cuairt ar na tuismitheoirí an tseachtain seo caite, agus mé ag tiomáint suas Bóthar Bhaile Andarsain, thar Páirc thréigthe Mhic Easmuinn, thar an tsólann, thar siopaí m’óige, chonaic mé teach an phobail as an úr agus smaoinigh mé láithreach, agus den chéad uair, ar an naomh a chuaigh chun na mór-roinne sa bhliain 590.

Seanchas, a dhuine, seanchas.

Fág freagra ar 'Tá scéal na Críostaíochta ar fad anseo, seal glórmhar, seal gránna'