Tá sárú le déanamh ag Éirinn ar sprid agus ar dhíograis na hAlban

Ní aon dabht faoi ach go gcaithfidh Andy Friend agus a fhoireann a bheith an-chúramach amárach ach ag an am céanna is iad an fhoireann is fearr sa gcomórtas go dtí seo

Tá sárú le déanamh ag Éirinn ar sprid agus ar dhíograis na hAlban

Craig Casey, Andy Farrell agus Jamison-Gibson Park. Pictiúr: INPHO/Dan Sheridan

Tá cúpla mórdhúshlán ag roinnt le cuairt na hÉireann ar Dhún Éideann an Domhnach seo agus muid ag tabhairt faoinár ngaolta Gaelacha, foireann na hAlban. Tá an gnáthdhúshlán a bhíonn ag baint le himirt as baile ann agus ansin tá sárú le déanamh ar sprid agus ar dhíograis fhoireann an bhaile agus iadsan ag iarraidh taispeántas dearfach a thabhairt dá lucht leanúna, ó chaill siad den chéad uair sa gcomórtas seo i gcoinne na bhFrancach coicís ó shin.

Ach níos mó ná na deacrachtaí sin ar fad, bíonn chuile fhoireann ar domhan ag iarraidh an loinnir a bhaint de pé foireann a bhíonn suite ar bharr thábla rugbaí an domhain. Sin díreach an áit a bhfuil foireann na hÉireann faoi láthair.

Is fiú a mheabhrú freisin go bhfuil bua sa gcoimhlint seo ríthábhachtach don dá fhoireann mar go bhfuil cúpla gradam agus buntáiste síceolaíoch i gceist. Má thugann Éire an lá leo beidh seans acu an Choróin Thriarach a bhuachtáil. Má bhíonn an bua ag Albain is acu a bheas an Choróin mar gur bhuail siad Sasana agus An Bhreatain Bheag cheana féin. Ní imreoidh Éire agus Sasana a chéile go ceann seachtaine eile. Sin gradam amháin a bheas mar sprioc ag an dá fhoireann ach chomh maith leis sin, má bhíonn an lá le foireann Andy Friend beidh a seans i gcónaí acu ar an Grand Slam agus ar Chraobh na Sé Náisiún.

Cé nach bhfuil aon chaint faoi fós, beidh cluichí Ghrúpa B den Chorn Domhanda a bheas á n-imirt ag deireadh na bliana ar intinn chuile dhuine mar go gcasfaidh Éire agus Albain ar chéile arís sa gcomórtas sin.

Is cinnte go mbeidh buntáiste ar leith sa gcluiche sin ag pé acu foireann a thugann an lá leo amárach.

Cé go bhfuil sé tábhachtach, níl ann ach cuid den chomhrá atá thart faoin gcluiche seo. Chomh luath agus a thosóidh an cluiche, beidh deireadh leis an gcaint sin agus beidh an toradh ag brath orthu sin a bheidh ar an bpáirc. Is ábhar dóchais dá bhrí sin go bhfuil fáil ag Farrell arís ar an oiread sin de na himreoirí chéad rogha, Furlong, Sheehan, Gibson Park, Sexton agus Ringrose, chomh maith le Henshaw, fear atá ar an mbinse don chéad uair le fada an lá. Is iadsan is cúis lenár stádas domhanda agus má éiríonn leo teacht ar an sean-nasc imeartha a thug go barr an tábla muid is deacair a dhath eile seachas bua a thuar dóibh.

Seans gur cineál dímheas é sin ar imirt na hAlban sa gcomórtas go dtí seo, rud nach bhfuil i gceist agam. Ach sa gcomórtas go dtí seo bhí dhá bhua acu agus bhí an mí-ádh orthu sa tríú cluiche. Ní hamháin sin ach tá Finn Russell, an leathchúl clibirte atá acu, ag imirt rugbaí ar chaighdeán fíorard faoi láthair. Is údar inspioráide é dóibh siúd atá ag imirt leis. Seans maith go mbeidh sé mar inspioráid agus mar spreagadh freisin don slua mór baile a bheas ag tacú le hAlbain i Murrayfield.

Ní aon dabht faoi ach go gcaithfidh Andy Friend agus a fhoireann a bheith an-chúramach amárach ach ag an am céanna is iad an fhoireann is fearr sa gcomórtas go dtí seo. Más féidir leo teacht ar an snáth dearfach imeartha atá ar a gcumas níor cheart go mbeadh aon stró ar an bhfoireann a chloígh na hAll Blacks sa Nua-Shéalainn an ceann is fearr a fháil ar Albain.

Roimhe sin, tráthnóna inniu, tabharfaidh na hIodálaigh faoi na Breatnaigh sa Róimh i gcluiche a bhfuil suim ollmhór á cur ann. Ceapann go leor daoine gur féidir le foireann an bhaile Gatland agus a fhoireann a náiriú agus a chloí don cheathrú babhta sa gcomórtas seo.

Ina dhiaidh sin tabharfaidh na Sasanaigh faoi na Francaigh in Twickenham. Tá dhá chluiche buaite agus ceann amháin caillte ag an dá fhoireann seo, rud a fhágann cothrom lena chéile iad i lár an tábla. Mar sin féin, beidh an dá fhoireann ag iarraidh lag-iarrachtaí an chomórtais seo a chur de leataobh trí thaispeántas maith a chur ar fáil. Tá drogall ormsa toradh a thuar, seachas a rá gur fearr na himreoirí atá ag na Francaigh, cé nár nasc siad lena chéile i gceart go dtí seo. Má éiríonn leo na deacrachtaí sin a shárú ní bheidh sé éasca ag foireann an bhaile.

Fág freagra ar 'Tá sárú le déanamh ag Éirinn ar sprid agus ar dhíograis na hAlban'