Tá sárú an víris ag brath ar mhuinín an phobail, agus tá muinín an phobail ag brath ar fhreagraí macánta ó gach duine atá i gceannas

Is léir a thábhachtaí is atá sé go gcuirfidh comhaltaí choiste nua an Oireachtais ceisteanna crua ar dhaoine

Tá sárú an víris ag brath ar mhuinín an phobail, agus tá muinín an phobail ag brath ar fhreagraí macánta ó gach duine atá i gceannas

Tionólfar an chéad chruinniú de choiste nua Covid-19 an Oireachtais Dé Máirt seo chugainn. Is léir trí ábhar cheana féin a chíorfar ag an gcruinniú sin agus ag cruinnithe eile an choiste.

  1. Na beartais a theastaíonn chun cásanna den coróinvíreas a aimsiú, a thástáil agus a rianú gan rómhoill a dheimhniú.
  2. Na beartais a theastaíonn chun leathadh an víris in árais altranais agus in árais chónaitheacha eile a shrianadh.
  3. Na beartais a theastaíonn chun saol oibre agus gnó na tíre a chur ar bhonn éifeachtach, sábháilte arís chomh luath agus is féidir.

Beidh an Príomh-Oifigeach Sláinte, an Dr Tony Holohan, príomhfheidhmeannach an HSE, Paul Reid agus ardrúnaí na Roinne Sláinte, Jim Breslin á gceistiú ag comhaltaí an choiste Dé Máirt.

Tá sé ionann agus cinnte go gcuirfear fios ar an triúr arís go minic sna míonna amach romhainn.

Is céim thábhachtach chun cinn é bunú an choiste, go háirithe toisc nach bhfuil an 33ú Dáil in aon ghar do rialtas a bhunú fós. Beidh comhaltaí an choiste ábalta saineolaithe agus (níos deireanaí) an Taoiseach agus airí rialtais a cheistiú go mion faoi gach gné den ghéarchéim.

Níl mórán plé déanta fós ar chuid de na gnéithe atá faoi chaibidil i gcur síos suimiúil ar thionchar an víreas ar shaol na tíre a d’fhoilsigh an Phríomh-Oifig Staidrimh Dé Céadaoin. Mar shampla, deirtear sa tuairisc go ndúirt beagnach duine as gach ceathrar (24%) sa stát le foireann na hOifige go raibh uaigneas orthu.

Níl réiteach simplí ná sciobtha ar fáil ar fhadhbanna dá leithéid, cé go bhfuil a ndícheall á dhéanamh ag go leor daoine agus eagras cheana féin – ag clubanna Chumann Lúthchleas Gael mar shampla – chun teagmháil le a dhéanamh le daoine atá ina gcónaí ina n-aonar.

Tagann uaigneas agus ísle brí ar dhaoine atá ag cur fúthu le daoine eile freisin ar ndóigh, mar a léiríonn an tuairisc. Beidh cabhair agus tacaíocht de dhíth ar mhórán de réir mar a thagann tuilleadh faisnéise chun solais faoi dhrochthionchar an víris ar shláinte shíceolaíoch an phobail.

Ba chóir go mbeadh sé níos fusa áfach na fadhbanna a chuireann moill ar thástáil agus ar rianú an víris a fhiosrú.

Ní hionann sin agus a rá gur féidir iad a réiteach gan stró, ach is léir ó gach míniú oifigiúil ar an scéal go mbaineann an mhoill le fadhbanna praiticiúla.

I measc na bhfadhbanna a luadh le cúpla lá anuas, tá (1) ‘easpa cumarsáide’ idir córais ríomhaireachta agus cineálacha ríomhairí éagsúla (2) an méid ama a thógann sé samplaí a iompar go dtí na saotharlanna (3) faisnéis a bheith á hionchur i scríbhinn agus (4) seoltaí agus uimhreacha contráilte agus botúin eile. 

Ní léir fós na fáthanna go bhfuil moill á cur ar an rianú teagmhálaithe is gá a dhéanamh nuair a dheimhníonn tástáil an víreas a bheith tolgtha ag duine. Ní léir ach oiread (má fhágtar i leataobh an easpa soláthar imoibrithe a chuir bac ar thástálacha ar feadh tamaill) an fáth go bhfuil feabhsú agus brostú an chórais á ghealladh le breis agus mí agus gan feabhas a bheith follasach fós.

Faoi láthair, a deirtear, bíonn an toradh ar thástáil ar fáil laistigh de chúig lá ar an meán. Táthar ag súil gur in imeacht ceithre lá, ar an meán, a chuirfear torthaí ar fáil faoi dheireadh na seachtaine.

Deir na saineolaithe nach mbeidh rianú an víris á dhéanamh go héifeachtach go dtí go mbeidh toradh tástála ar fáil laistigh de dhá lá ar a mhéid. Theastódh tréimhse níos giorra, dar leo, chun leathadh an víris a aithint agus a shrianadh de réir mar a fhilleann an tír ar an ngnáthshaol.

Tá an tOllamh Mary Codd, eipidéimeolaí atá i gceannas ar ionad i mBaile Átha Cliath ina rianaítear daoine a raibh teagmháil acu le duine a tholg an víreas. Dúirt sí Dé Máirt gur chóir go mbeadh toradh gach uile thástáil ar fáil laistigh de dhá lá, nó trí lá ar a mhéid, sula rachaidh daoine áirithe ar ais ag obair Dé Luain.

Níl aimsiú na sprice sin geallta fós.

Is léir mar sin a thábhachtaí a bheidh sé go gcuirfidh comhaltaí choiste nua an Oireachtais ceisteanna crua ar an Dr Holohan agus ar a chomhghleacaithe Dé Máirt agus go bhfreagrófar iad go hoscailte agus go hiomlán. 

Tá sárú an víris ag brath ar mhuinín an phobail, agus tá muinín an phobail ag brath ar lánchuntas oscailte ó gach duine atá i gceannas.

Fág freagra ar 'Tá sárú an víris ag brath ar mhuinín an phobail, agus tá muinín an phobail ag brath ar fhreagraí macánta ó gach duine atá i gceannas'