Tá saothar litríochta á scríobh ag údar mórdhíola san Ísiltír i gcomhar le róbat

LÉAMH AGUS SCRÍOBH:. An dtiocfaidh an lá go sáróidh intleacht shaorga an scríbhneoir daonna?

Tá saothar litríochta á scríobh ag údar mórdhíola san Ísiltír i gcomhar le róbat

Ní fada uainn saothar litríochta scríofa ag róbat.

Nó saothar litríochta scríofa i gcomhar le róbat, pé scéal é.

Tabharfaidh róbat litríochta cúnamh don údar mórdhíola as an Ísiltír, Ronald Giphart, agus gearrscéal nua á scríobh aige. 

Taighdeoirí de chuid institiúid chanúineolaíochta na hÍsiltírise, an Meertens Instituut agus Ollscoil Antwerpen na Beilge a thóg an róbat a bheas ag obair i gcomhar le Giphart. Chuir na taighdeoirí deich míle ríomhleabhar in Ísiltíris isteach sa róbat. Bunaithe ar an amhábhar sin, tá an róbat in ann ‘téacs liteartha a bheadh cúpla paragraf ar fad’ a tháirgeadh.

Tá úrscéal iomlán rud beag ródheacair fós don róbat bocht; sin an fáth go bhfuil scríbhneoir daonna ag teastáil – go fóilleach.

‘Go hiondúil mise mé féin a chumfadh an plota, a d’fhorbródh na carachtair agus a ghabhfadh ar thóir na bhfocal chun an scéal a insint,’ a deir Ronald Giphart ar an nuachtán AD. ‘An iarraidh seo tabharfaidh róbat lámh chúnta dom. Mise a bheas i gceannas, ach eisean a dhéanfas an obair!’ 

Mar seo a oibríonn an róbat liteartha: nuair a chlóitear isteach tús abairte, molfaidh an róbat roghanna éagsúla chun an abairt sin a chríochnú. Roghnóidh an t-úsáideoir an rogha is fearr leis, agus away leis an róbat. Tá ar chumas an róbait aithris a dhéanamh ar stíl Ronald Giphart féin agus ar stíl roinnt mhaith údar aitheanta eile.

Dar leis na taighdeoirí nach mbeidh ar chumas an róbait saothar litríochta a scríobh as a stuaim féin. Ach tá súil ag an Dr. Folgert Karsdorp ón Meertens Instituut gur ‘áis chúnta phraiticiúil’ a bheidh sa róbat amach anseo, ní hamháin do scríbhneoirí liteartha ach don phobal i gcoitinne (léachtóirí ollscoile a bheas ag ceartú aistí scríofa ag róbait i gceann cúpla bliain, is anseo a léigh sibh ar dtús é!)

Tá sé i gceist go bhfoilseofar an saothar a scríobhfaidh Ronald Giphart agus an róbat i gcomhar le chéile san Fhómhar, mar scéal breise in atheagrán speisialta den aistriúchán Ísiltírise de I, Robot, cnuasach cáiliúil gearrscéalta Isaac Asimov.

Cá bhfios nach mbeadh ansin ach an tús? Más fíor do shaineolaithe ar intleacht shaorga, sáróidh róbait aistritheoirí daonna sa bhliain 2024 (meas tú an ndúirt éinne sin leis an Aontas Eorpach, a bhfuil oiread deacrachtaí acu, de réir cosúlachta, teacht ar aistritheoirí Gaeilge?

Dar leis na saineolaithe céanna, sáróidh aistí scríofa ag róbait aistí scríofa ag daltaí meánscoile faoin mbliain 2026. Faoin mbliain 2048, a deir na saineolaithe, beidh ar chumas na hintleachta saorga úrscéal mórdhíola a scríobh.

Ach an bhfaighidh éinne blas ar leabhar den chineál sin? Sin í an cheist a bheadh agamsa. 

Is léir gur ag dul i méid a bheidh tionchar na hintleachta saorga ar an scríbhneoireacht chruthaitheach amach anseo. Go deimhin, déarfainn féin go bhfuilimid ar an sleamhnán cheana féin. Scríobh mé colún an tseachtain seo faoin dochar atá á dhéanamh dár n-aigne féin againn, dar liom, agus muid ag brath ar an nuatheicneolaíocht do jabanna beaga fánacha.

Ach ní bhíonn saoi gan locht, agus ag insint bhréige a bheinn dá ndéarfainn nár shleamhnaigh frása nó abairt iomlán a mhol cuardach Google – nó go deimhin cuardach i gceann d’fhoclóirí ar-líne na Gaeilge – isteach riamh i saothar liteartha de mo chuid.

Seans gur gnáthrud a bheas i mbogearra scríbhneoireachta bunaithe ar mhúnla róbat an Meertens Instituut agus Ollscoil Antwerpen amach anseo, áis chomh coitianta le próiseálaí focal. Mar sin féin, shamhlóinn gur mór an difear idir rud a fhoghlaim de ghlanmheabhair agus é a chaitheamh amach ar pháipéar agus maireachtáil tríd an bhfíorshaol agus scríobh ón gcroí seachas ón aigne.

A fhad is nach mbeidh croí ag na róbait, sáróidh an scríbhneoir daonna an intleacht shaorga i réimse na litríochta.

An lá a mbeidh croí ag na róbait, beidh fo-aicme sclábhaithe nua-aimseartha curtha ar an saol againn. Beidh ceisteanna i bhfad níos tromchúisí ná ceisteanna litríochta le plé againn an uair sin.

Beidh ‘Léamh agus Scríobh’ ar ais ag deireadh mhí Lúnasa.

Fág freagra ar 'Tá saothar litríochta á scríobh ag údar mórdhíola san Ísiltír i gcomhar le róbat'

  • Mise Áine

    @ beidh fo-aicme sclábhaithe nua-aimseartha curtha ar an saol againn

    Ach, ní daoine a bhéas iontu…an féidir ‘sclábhaí’ a thabhairt ar an ní nach bhfuil daonna?

    B’fhéidir, le teacht ré na róbat, go mbeidh níos ama ag daoine dá chéile…beidh le feiceáil.

    Idir an dá linn, coinnigh ort ag scríobh, a chara!