Tá rud le cosaint ag Ciarraí agus rud le cnagadh ag Maigh Eo

Ní dócha go bhfuil Ciarraí ná an Ghaillimh chun a maidí a ligint le sruth anois agus an chraobh cheart ar tí tosnú

Tá rud le cosaint ag Ciarraí agus rud le cnagadh ag Maigh Eo

Pé lochtaí atá le fáil ar an gcóras nua craoibhe, pé lúba ar lár atá nó a thaibhsítear dúinn a bheith ann, pé breithiúnas atá á thabhairt againn roimh ré air, beidh sé ar fad ligthe i ndíchuimhne ag an uile dhuine a bheidh i Staid an Ghearaltaigh i gCill Airne ar a trí a chlog Dé Sathairn.

Is cuimhin liom a bheith sa staid chéanna ceithre bliana ó shin, tine ar mo chraiceann mar a bhí ar scata eile agus Maigh Eo tagtha chugainn ag iarraidh buachtaint ar Chiarraí sa chraobh i gCill Airne, rud ná raibh déanta le ceithre bliana fichead ag an am.

Sara gcaitheadh an chaid isteach in aon chor bhí nimh agus teannas san aer. Chuaigh David Moran agus Aidan O’ Shea ag cocaíocht agus thug an chéad 20 soicind den imirt ag baint ceart dona chéile. Má dhein féin, thosnaigh an bheirt eile, Adrian Spillane agus Donal Vaughan, ag stialláil chomh maith. Leis na haon phléasc de ghualainn ón mbeirt, d’éirigh liú ón slua agus thug san réamhéachtaint ar a raibh d’fhuadar agus de chibeal chughainn.

Tá hocht mbliana fichead anois ann ó buadh sa chraobh i gCill Airne ar Chiarraí. Bhíos féin ag imirt an lá úd i 1995 nuair ná raibh sé de dhánaíocht ná de thuiscint ionainn conas buachtaint ar Chorcaigh agus srathair an hainnise a chur dínn. Ocht mbliana fichead, naoi gcluiche dhéag ar fhichid agus foirne idir mhaith is olc curtha de dhroim seoil ó shin.

Pé allagar atá le seachtainí anuas fé fhiúntas an mhúnla nua craoibhe, nach leor san ann féin do Mhaigh Eo agus do Chiarraí amárach? Tá rud le cosaint agus rud le cnagadh.

Bhí tuairimíocht abhus le seachtainí anuas go mb’fhéidir ná déanfadh sé aon díobháil in aon chor do Mhaigh Eo a gcluiche i gcraobh Chonnacht in aghaidh Ros Comáin a chailliúint. Bhíodar tar éis a ndintiúirí a thástáil go maith sa tsraith, bhí roinnt gortuithe le cneasú tar éis dianfheachtas ocht gcluiche agus dála gach aon lá a treascraítear tú, bhí rud le foghlaim agus le buachtaint as an mbris.

Cé go bhfuil gráinne beag den bhfírinne i ngach aon cheann des na ráitisí sin, n’fheadar an ngéillim in aon chor don dtuairim gur rud fónta d’aon fhoireann é a bheith ag cailliúint cluichí, bídís ar bheagán tábhachta nó a mhalairt.

Cé go bhfuil cosaint sa chóras nua ó lomadh agus deilbhe na mblianta eile, beidh a gcúiseanna féin ag an dá thaobh tús maith a chur lena bhfeachtais amárach, ní lú ina measc go mbeidh buntáiste baile ag an té a chríochnaíonn i mbarra na sraithe tar éis na dtrí chluiche.

Tá féiríní agus toirtíní beaga inghinte sa chóras nua seo ná fuiltear ag caint puinn orthu ach ní féidir neamhaird a dhéanamh dóibh ach an oiread.

Deinim amach go dtosnóidh cluiche an lae amáirigh le fuadar agus le himirt fhuinniúil neamhthomhaiste agus ba cheart go mbeadh taitneamh thar na beartaibh le baint as san féin.

Dá fhaid a leanfaidh an fuadar agus an mhíréir is ea is fearr do Mhaigh Eo é óir is léir anois gur ar an múnla sin a ramhraíonn siad. Ba cheart, áfach, gur chun leasa Chiarraí é an chaid agus an fód tirim agus má éiríonn leis an bhfear nua, Dylan Casey, Aidan O’Shea a chrá agus a cheansú, beidh a fhios againn go bhfuil fairsingiú déanta ag curadh uile-Éireann ar a roghanna agus iad ag tabhairt faoin gcraobh i gceart.

Cad eile ar cheart dúinn a bheith ag súil leis i gCill Airne? Ba cheart go mbeadh speach dhiamhair ó Mattie Ruane agus Jordan Flynn, beirt a bhí támáilte go maith sé seachtaine ó shin in aghaidh Ros Comáin.

B’fhuraist a dtámáilteacht agus a n-easpa anama a thuiscint toisc go raibh an uile bhabhta a bhí ag Maigh Eo sa tsraith imeartha acu beirt agus Stephen Coen ina dteannta. Is geall le sos malairt oibre agus vice versa. D’fhéadfadh Ryan O’Donoghue agus Tommy Conroy nótaí na bliana 2021 a aimsiú arís chomh maith agus má thagann an seanfhondúir, Cillian O’Connor, i gcomhcheol leo, beidh a ndóthain cúraim ar chosantóirí na Ríochta.

Bhí dóthain fianaise (cúig bháide mar shampla) ó chluiche ceannais na Mumhan coicíos ó shin a déarfadh go raibh a mbuille féin á aimsiú ag tosaithe Chiarraí ón dtaobh eile, áfach, agus má éiríonn leo fáscadh beag breise a dhéanamh sna cúil, is leo a bheidh an lá.

Darragh Canavan Thír Eoghain agus Paul Conroy na Gaillimhe  ©INPHO/Laszlo Geczo

Níos déanaí sa tráthnóna, gheofar éachtaint ar chumas na Gaillimhe ar a bpaiste féin i mBóthar na Trá. Dála Chiarraí, ba bheag an triail a bhí orthu coicíos ó shin in aghaidh Shligigh ach dheineadar a gcúram go héifeachtach. Tá tuiscint níos doimhne ag teacht chuchu lá i ndiaidh lae anois ar rithim agus ar éirim a gcuid imeartha féin agus bhraithfeá ó bheith ag féachaint orthu gur gearr uathu an lá go dtiocfaidh an taispeántas iomlán san atá á bhagairt le tamall acu.

Ní dócha gurb é an lá amárach i Staid an Phiarsaigh an lá is fearr chun an taispeántas san a thabhairt ach fós féin, beidh fonn ar Pháraic Joyce roinnt gnéithe den imirt a fhorbairt. Tá cuma dhainséarach ar an líne lántosach leis an mBúrcach, Comer agus Breathnach ann ach cé acu atá chun na híobairtí a dhéanamh chun cuma na maitheasa a chur ar an bhfear eile? Go dtí seo idir shraith is craobh, is é Mattie Tierney atá ag tabhairt na dtránna san go léir leis agus le Peter Cooke ar an gcliathán eile thall, coimeádfar Niall Morgan breá macánta lena chiceanna amach fada.

Is deacair léamh ceart a fháil ar Thír Eoghain i mbliana. Tá an neamhthrócaireacht san a luafaí i gcónaí leo á dtréigint agus tá fianaise trí nó ceithre chluiche ann chun treisiú a dhéanamh ar an dtuairim sin. Báide déanach Ryan O’Toole a chnag sa deireadh iad i gcluiche na craoibhe go dtí seo in aghaidh Mhuineacháin cúig seachtaine ó shin ach níor cheart go mbeidís chomh leochaileach sin ag déanamh ar dheireadh na himeartha.

Ba dhóigh leat go raibh a ndóthain raice déanta eatarthu ag Darragh Canavan agus Darren McCurry chun Tír Eoghain a choimeád ar an gcloch is airde ach ní hamhlaidh a bhí. Tá rud éigin nach féidir liom mo mhéar a leagan air in easnamh ar Thír Eoghain le tamall. B’fhéidir gur cath cruaidh cealgánta as baile i mBóthar na Trá a mhúsclóidh an tseana-sprid iontu? Tá an clóchas go heireaball i gcontae Uí Néill ach ní dóigh liom go bhfuil an Ghaillimh chun a maidí a ligint le sruth anois agus an chraobh cheart ar tí tosnú.

 

Fág freagra ar 'Tá rud le cosaint ag Ciarraí agus rud le cnagadh ag Maigh Eo'