Tá ríocht bheag infheistíochta cruthaithe i gConamara ag airgead as Ceanada

Tá infheistíocht mhór á déanamh ag comhlachtaí as Ceanada i dtionscail na feamainne agus na gaoithe i nGaeltacht Chonamara

Tá ríocht bheag infheistíochta cruthaithe i gConamara ag airgead as Ceanada

Tá aitheantas tugtha ag Nancy Smyth, Ambasadóir Cheanada go hÉirinn do cheiliúradh ar thionscal na feamainne in Iorras Aithneach.

75 bliain go ham seo a bunaíodh tionscal Arramara Teoranta i gCill Chiaráin agus iad i mbun gnó na feamainne as éadan ón mbliain 1947.

Is ag dream as Ceanada atá úinéireacht ar Arramara anois, Acadian Sea Plants as Albain Nua Cheanada.

Mar chuid den cheiliúradh ar na blianta fada sin, beidh scannán a bhaineann le stair na feamainne, agus le stair Arramara Teo, á thaispeáint in Ionad Cuimhneacháin na nImirceach agus Diaspóra na Gaeltachta i gCarna. Beidh beatha agus ceiliúradh ann agus táthar ag súil ceangal ar líne a dhéanamh leis an Ambasadóir Nancy Smyth, a bhí tagtha go Conamara don ócáid ach a raibh uirthi fágáil arís gan choinne.

Ocht mbliana ó shin a cheannaigh Acadian Sea Plants tionscal Arramara Teo ó Údarás na Gaeltachta. Socraíodh mar chuid den chonradh ceannacháin nach dtabharfaí léargas poiblí ar an bpraghas a íocadh go ceann deich mbliana.

Tá bliain eile fanta sa tréimhse sin ach tuigtear gur dóigh gur thart ar thrí mhilliún euro a íocadh le Údarás na Gaeltachta.

Bhíodh úinéireacht phríobháideach, agus úinéireacht stáit, ar Arramara Teo in imeacht na mblianta, ach pé ar bith cén córas úinéireachta a bhí i bhfeidhm ba mhaith ann é tionscal na feamainne agus Arramara.

Bhain na céadta, b’fhéidir na mílte líon tí pingin agus punt as an bhfeamainn bhuí. Bhí, agus tá, obair throm ag baint le baint fheamainne ach thug sí deis saothraithe do dhaoine, más saothraithe go maith féin a bhí sin.

Tá an ceiliúradh ar thionscal na feamainne ar siúl tráth a bhfuil dianchoimhlint idir comhlachtaí agus an praghas do bhainteoirí ardaithe go mór dá bharr sin. Tá Arramara agus a n-úinéirí as Ceanada istigh i lár na coimhlinte sin.

Ach ní i dtionscal na feamainne amháin atá lucht infheistíochta as Ceanada sáite i gConamara.

Tá airgead mór as Ceanada le caitheamh ag comhlacht as Ceanada le tionscal na gaoithe ar na Sceirdí, amach ó chósta Charna, a fhorbairt.

An comhlacht Corio Generation, craobh den bhanc ollmhór Astrálach atá ag plé leis an bhforbairt sin.

Ach i saol casta an airgeadais tá siadsan ag fáil thart ar bhilliún ar iasacht mar infheistíocht ó chomhlacht mhúinteoirí Ontario i gCeanada.

Billiún uilig atá ag teastáil agus níl ansin ach 0.5% d’acmhainní chiste pinsin mhúinteoirí Ontario. Tá an comhlacht seo ag freastal ar 320,000 múinteoir, cuid acu éirithe as agus cuid eile acu atá fós ag obair.

Ar ndóigh, is ar mhaithe leis féin a dhéanann an cat crónán agus is mar sin é ag na cistí ollmhóra airgid.

Tá a gcuid áirimh déanta ag dream Cheanada agus feiceann siadsan sna blianta amach romhainn – i bhfad amach romhainn freisin – go gcuideoidh an sochar as na Sceirdí le híocaíochtaí pinsin do mhúinteoirí Ontario agus Cheanada.

Go deimhin, tá cuid den chiste airgid seo do mhúinteoirí Ontario infheistithe ar bhealaí eile in Éirinn, an Crannchur Náisiúnta ina measc.

Is díol spéise an infheistíocht atá ag foinsí as Ceanada in Éirinn le roinnt blianta – Páirc Gháis na Coirbe, scaglann ar chósta Chorcaí, comhlacht ola Top Oil, seirbhís siopaí Circle K agus tuilleadh.

I gcúinne de Chonamara thiar agus theas anois, tá samplaí eile de ghníomhaíocht infheistíochta agus airgeadais Cheanada.

Beidh Ambasadóir na tíre sin ag fáil léargais air sin ag tráth seo na Féile Pádraig.

Ar ndóigh, thug daoine as Ceanada cabhair phraiticiúil sa taobh sin tíre aimsir an Ghorta Mhóir. Bhí céibh ar an Aird Mhóir ar cheann de na struchtúir ar tugadh airgead as Ceanada lena dheisiú sa drochshaol sin.

Fág freagra ar 'Tá ríocht bheag infheistíochta cruthaithe i gConamara ag airgead as Ceanada'